Tá cosaint déanta ag Comhaire Contae Chiarraí ar chur chuige na Comhairle i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Tarraingíodh raic an mhí seo nuair a tuairiscíodh go raibh ainm nach raibh aon chiall leis – ‘Pairceanna na Glas’ – roghnaithe ag Comhairle Contae Chiarraí d’eastát tithíochta nua sa Daingean.
Pléadh an scéal go forleathan sna meáin agus, faoi dheireadh, géilleadh go ndéanfaí an t-ainm a athrú.
Cáineadh cur chuige na Comhairle i leith na Gaeilge agus léirigh oifigigh pleanála teanga agus eagraíochtaí Gaeilge i gCiarraí míshástacht go raibh folúntas d’oifigeach Gaeilge ag an gComhairle le bliain anuas.
Tá ráite anois ag stiúrthóir de chuid na Comhairle go bhfuil iarrachtaí ar bun oifigeach Gaeilge a fhostú.
Thug John Breen le fios ag cruinniú de Cheantar Bardais Chorca Dhuibne agus Oileán Ciarraí go raibh deacrachtaí ann an folúntas a líonadh de bharr na paindéime. Thug sé le fios go bhfuil an folúntas fógartha ag an gComhairle anois.
Dúirt Breen go raibh an Chomhairle “go hiomlán tiomanta” na dualgais teanga a bhí uirthi a chomhlíonadh. Mhaígh sé go dtugtar an-aird don Ghaeilge sa Chomhairle agus gur “tosaíocht” acu an teanga a chur chun cinn.
Dúirt sé freisin go raibh sé “go hiomlán míchruinn” a rá nach bhféadfadh daoine a gcuid gnó a dhéanamh leis an gComhairle trí mheán na Gaeilge.
Dúirt an Comhairleoir áitiúil Breandán Fitzgerald le Tuairisc.ie an tseachtain seo caite nach raibh sé sásta le Comhairle Contae Chiarraí “ná leis an tslí go bhfuil siad ag plé le muintir na Gaeltachta”.
Bhí Fitzgerald ar dhuine de na comhairleoirí a mhol rún éigeandála a ritheadh ag cruinniú de chuid na Comhairle ag éileamh go gcuirfí ina cheart láithreach an t-ainm gan chiall a tugadh ar an eastát tithíochta nua 20 teach sa Daingean.
Bhain conspóid eile leis an scéal agus é tagtha chun solais chomh maith gur i mBéarla a rinneadh an measúnú ar chumas Gaeilge iarrthóirí ar thithe san eastát nua.
Feargal Mac Amhlaoibh
Is cosúil go bhfuil lucht na Comhairle ag baint úsáid as imeacht Oifigigh na Gaeilge ar sos gairme le bliain anuas mar leathscéal áisiúil, móide Covid-19, i gcás ainmniúcháin an eastáit tithíochta “Pairceanna na Glas”.
Bí cinnte gur tógadh an cinneadh faoin ainm sin laistigh den rannóg pleanála i bhfad roimh don Oifigeach Gaeilge imeacht. Bhí an t-ainm mar chuid don iarratas pleanála ar an gcéad dul síos. Dá bhrí sin, is léir gur beag tionchar nó ionchur atá ag Oifigeach Gaeilge sna cúrsaí sin nó i gcúrsai eile mar é agus gurbé easpa pholasaí i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta an fhadhb bhunúsach.
Seán Ó Donnchaidh
De ghnáth tugtar an post “Oifigeach na Gaeilge” do bhall foirne atá post eile acu cheanna féin. Cosúil le “Road Safety Officer” nó “Water Safety Officer”- tá obair laethúil le déanamh ag an duine sin chomh maith leis an obair breise. Ní féidir leis an “tOifigeach”, ligint don obair breise cur isteach ar an ngnáthobair.
De ghnáth bíonn an tOifigeach seo ar grád pá íseal go leor san eagraíocht agus mar sin níl aon fíor -chumhacht acu chun rudaí a chur in bhfeidhm. Sin d’aon ghnó.