Cosaint déanta ag An Post ar Address Pal ‘a chuireann díoltóirí sa Ríocht Aontaithe chun cinn’

Cháin an Seanadóir Michelle Mulherin an tseirbhís nua a ligeann do cheannaitheoirí na hÉireann earraí a cheannach ó shuíomhanna idirlín sa Ríocht Aontaithe gan postas idirnáisiúnta a íoc

Cosaint déanta ag An Post ar Address Pal ‘a chuireann díoltóirí sa Ríocht Aontaithe chun cinn’

Tá cosaint déanta ag An Post ar a sheirbhís ‘Address Pal’ a ligeann do mhuintir na hÉireann earraí a cheannach ar líne ó chomhlachtaí sa Ríocht Aontaithe gan postas idirnáisiúnta a íoc.

Cheistigh an Seanadóir ó Fhine Gael Michelle Mulherin an tseirbhís inniu agus mhaígh go bhfuil acmhainní An Post á n-úsáid le díoltóirí sa Ríocht Aontaithe a chur chun cinn.

“Is iomaí feachtas áitiúil agus náisiúnta a tharraingíonn aird ar earraí na hÉireann agus a chuireann an tsiopadóireacht áitiúil chun cinn. Agus an tseirbhís seo á cur chun cinn aige, tá An Post ag moladh go ndéanfaí siopadóireacht ar shuíomhanna idirlín de chuid na Ríochta Aontaithe.

“Is leis an Stát An Post. An tráth seo den bhliain, ba cheart do chomhlachtaí Stáit, agus dúinn uile go léir, a bheith ag déanamh iarrachta an geilleagar áitiúil a chur chun cinn,” a dúirt Mulherin.

Dúirt urlabhraí de chuid An Post le Tuairisc.ie inniu gurb é “fírinne an scéil” go bhfuil ceannaitheoirí na hÉireann ag déanamh cuid mhaith siopadóireachta ar shuíomhanna idirlín, go háirithe suíomhanna atá lonnaithe sa Bhreatain.

“Tá seirbhís á cur ar fáil againn atá á cur ar fáil ag comhlachtaí eile. Tá muintir na hÉireann ag déanamh a gcuid siopadóireachta ar líne, go háirithe aimsir na Nollag, agus tá seirbhís á cur ar fáil againn a dhéanann an tsiopadóireacht sin níos éasca,” a dúirt an t-urlabhraí.

Dúirt Mulherin go dtuigeann sí go bhfuil An Post in iomaíocht le

cúiréirí agus go bhfuil an eagraíocht ag iarraidh sciar den mhargadh atá á chailleadh aige a mhealladh ar ais ach “go mba bhreá” léi dá gcuirfeadh an comhlacht cuideachtaí na hÉireann agus earraí na hÉireann chun cinn faoin Nollaig.

“Is iad na siopadóirí áitiúla a chinntíonn go gcrochtar soilse agus maisiúcháin na Nollag sna cathracha agus bailte, i gcomhar leis na comhairlí áitiúla agus grúpaí forbartha áitiúla. An té a cheannaíonn earraí go háitiúil, is saoránach maith é, agus mholfainn go láidir do mhuintir na hÉireann a gcuid siopadóireachta a dhéanamh sa bhaile an Nollaig seo. Is mór an difear a dhéanfadh sé,” a dúirt Mulherin.

Dúirt An Post gur chun leas an chustaiméara agus cúrsaí gnó an tseirbhís agus gur cur chuige nuálach í, ag comhlacht Éireannach, a théann i ngleic le “fírinne an mhargaidh nua-aimseartha”

Oibríonn Address Pal trí na hoifigí poist. Cláraítear ar líne leis an tseirbhís agus roghnaítear oifig áitiúil poist, faightear seoladh ‘Address Pal’ a bhaineann leis an oifig sin agus seachadtar na hearraí a cheannaítear sa Ríocht Aontaithe chuig an oifig sin ar €3.50.

Fág freagra ar 'Cosaint déanta ag An Post ar Address Pal ‘a chuireann díoltóirí sa Ríocht Aontaithe chun cinn’'

  • Seathrún Céitinn

    ” An té a cheannaíonn earraí go háitiúil, is saoránach maith é”. Agus an té a cheannaíos lasmuigh dhon tír, is feallaire agus namhaid dá mhuintir é, an ea? Caithfear bheith id dhuine thar a bheith saibhir chun bheith id shaoránach maith mar sin, agus cad mar gheall ar an gcuid is mó dhínn nach mbíonn an dara rogha againn ach maireachtáil ar an ngannchuid? An measaide sinn ár n-earraí a fháil thar lear toisc nach bhfuil airgead a dhóthain againn lena gcéannacht sa mbaile?