Cosa i dtaca i gCampa Twaddell le breis agus 1,000 lá anuas

Ní maith an teist é ar pholaiteoirí Stormont séasúr máirseála eile a bheith tagtha agus gan aon réiteach aimsithe

Twaddell

Shílfeá agus an dara toghchán Tionóil ó athbhunaíodh rialtas áitiúil i Stormont buailte linn go mbeadh réiteach na bhfadhbanna faoi pharáidí gar do bharr liosta tosaíochtaí na bpolaiteoirí.

Cothaíonn easaontas faoi mháirseálacha guagacht agus droch-chaidreamh trasphobail a dhéanann dochar as cuimse. Anuas air sin tá slándáil i dtaca le paráidí agus agóidí an-chostasach – ag ídiú airgid as an gciste poiblí atá riachtanach le haghaidh gnóthaí eile – sláinte, oideachas, feabhsú infreastruchtúir nó le dul i ngleic le bochtaineacht pháistí. Naoi mbliana ó chuaigh an DUP, Sinn Féin agus páirtithe eile i mbun roinnt na cumhachta ní hamháin nach bhfuil réiteach aimsithe ach is ar éigean a luaitear an chruacheist i bhforógraí toghcháin.

Le blianta beaga anuas ’sé Ard Eoin i dtuaisceart Bhéal Feirste láthair na conspóide is géire. Dhiúltaigh Coimisiún na bParáidí, an 12 Iúil 2013, cead a thabhairt do mháirseáil bhliantúil na nOráisteach dul thar an gceantar náisiúnach ar an mbealach abhaile sa tráthnóna.

Bunaíodh campa agóide ar an taobh dílseach den chrosaire, in Ascaill Twaddell. Campa Twaddell a thugtar air. Campa agóide ag éileamh ceart nó créacht nimhneach is ea é, a rogha breithiúnais ag gach éinne.

Smál ar an tírdhreach is ea é gan dabht agus ní gach úinéir tí sa cheantar dílseach a fháiltíonn roimh an sórt teacht le chéile a bhíonn ar an tairseach istoíche. Bhíodh teannas anois is arís idir an lucht agóide agus náisiúnaithe agus chosain an phóilíneacht a sa chás sin £20 milliún, beagnach €25 milliún, go dtí seo.

Tá dílseoirí ag suí fúthu sa champa ó 2013 agus iad meáite de go bhfanfaidh siad ansin go dtí go gceadófar dóibh máirseáil ‘abhaile’ go Lag an Aoil taobh thuaidh d’Ard Eoin. Bunaíodh an campa ar mhúnla na hagóide i nDroim Crí mar a ndearna oráistigh campa ag maíomh go bhfanfaidís ansin go dtí go ligfí síos Bóthar Gharbh Achaidh iad. Níor éirigh leis an bhfeachtas sin i bPort an Dúnáin agus cé go ndéantar éileamh i gcónaí ar chead máirseála, tá an campa scortha le fada.

Tá laghdú tagtha ar líon an lucht agóide i Twaddell ach bhí slógadh mór ansin Déardaoin seo caite chun 1,000 lá den champa a chomóradh. Chaith grúpa dílseach as Albain seachtain ansin mar thaca leo ach, mar is gnáth, níl na sluaite ag triall orthu chun cuidiú leo. Dá ainneoin sin níl aon chaint ar dheireadh a chur leis an bhfeachtas.

Ag an gcomóradh an tseachtain seo caite, dúirt oifigeach sinsearach Oráisteach go mbeadh sé furasta an tsáinn a fhuascailt.

Dá dtabharfaí cead siúil dóibh trí Ard Eoin go Lag an Aoil bheadh oráistigh toilteanach a dhul chun cainte le hionadaithe pobail náisiúnacha faoi shocruithe do mháirseálacha amach anseo.

Níl seans ar bith go nglacfaidh muintir Ard Eoin leis an réamhchoinníoll sin. Dúirt an sagart paróiste an tAthair Gary Donegan gur cosúil go mbeadh móramh na náisiúnach toilteanach a theacht ar chomhréiteach agus seans go bhfuil an ceart aige, ach tá dhá ghrúpa áitritheoirí sa cheantar agus ceann acu an-neamhghéilliúil.

Is é Coimisiún na bPáráidí an t-údarás reachtúil sa chás seo agus tá feidhm dlí ag cinneadh an Choimisúin. Mura bhfuil sé ar chumas na bpolaiteoirí a theacht ar réiteach faoi mhodh eile chun déileáil le ceist na bparáidí, tá sé de dhualgas orthu an córas dlíthiúil reatha a chosaint.

Ní dhéanann aontachtaithe é sin, iad mar a bheidís faoi gheis ag daoine a bhíonn ag iarraidh a bheith ag máirseáil san áit nach bhfuil fáilte rompu – go háirithe san áit a bhfuil doicheall rompu. Ní maith an teist é ar pholaiteoirí Stormont séasúr máirseála eile a bheith tagtha agus gan aon réiteach aimsithe.

Fág freagra ar 'Cosa i dtaca i gCampa Twaddell le breis agus 1,000 lá anuas'