Cosa i dtaca ag Comhairleoirí in aghaidh laghdú ar spásanna páirceála i nGaillimh

Saol nua é seo agus cruóg ollmhór dhomhanda ann de bharr na haeráide ach is cosúil nach bhfuil comhairleoirí áirithe sásta bogadh

Cosa i dtaca ag Comhairleoirí in aghaidh laghdú ar spásanna páirceála i nGaillimh

Deamhan mo chos! Sin é an freagra a bhí ag mórán chuile bhall de Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ar mholadh a tháinig an tráthnóna cheana ó bhainisteoirí agus ó innealtóirí na Comhairle sin. Deiseanna breise siúil agus rothaíochta a bhí molta i gceantar na Rinne Móire agus Bhaile Uí Locháin – na cosáin a leathnú agus na carranna a chur ó dhoras. 

Ní mar sin a bheidh sé nó cinnfidh an saol ar fhormhór na gComhairleoirí Cathrach. Tacaíonn chuile dhuine den ochtar déag ball le tuilleadh siúil, tuilleadh rothaíochta agus tuilleadh aclaíochta, ach is coisméig eile uilig go léir é nuair a thagann an crú ar an tairne. Ar ndóigh tá ceist an athraithe aeráide fite fuaite sa scéal freisin – cuir daoine ag siúl agus ag rothaíocht agus fág an carr díomhaoin. Ach an té a thriailfidh an soiscéal sin a chur i bhfeidhm, feicfidh sé nó sí aimsir mhór. Deamhan mo chos. 

Agus bhí cás an-mhaith ag na Comhairleoirí an oíche cheana i nGaillimh. 

Chuir an Comhairleoir Frank Fahey ceist dhíreach: “Cuir i gcás go bhfuil ceithre chumann tagtha go dtí na páirceanna imeartha ar an Rinn Mhóir, cén áit a bhfágfar a gcuid carranna?” (Tá carranna in ann dul chomh fada leis na páirceanna faoi láthair, agus bhíodh i gcónaí). 

Ghlac na hinnealtóirí leis go mbeadh ceathrú míle – nó b’fhéidir cuid maith de leathmhíle – siúil ar imreoirí agus lucht tacaíochta go dtí an láthair imeartha agus ar ais chuig a gcuid carranna. 

Thrácht an Comhairleoir Declan McDonnell ar shochraid mhór a bhí ar an Rinn Mhóir an tseachtain seo caite. “An mbeadh sé ceart ná cóir go mbeadh ar dhaoine páirceáil i bhfad ó Theach an Phobail agus a dhul ag coisíocht ansin ar ócáid dá leithéid?” a d’fhiafraigh seisean. 

Dúirt Micheál Lally ó fheidhmeannas Chomhairle Cathrach na Gaillimhe gur cinnte go mbeadh míbhuntáistí agus athrú saoil ann de bharr an phlean seo, dá gcuirfí i bhfeidhm é. Ach, ar an taobh eile den scéal, bheadh buntáistí ag baint leis freisin agus ba leis na Comhairleoirí tomhas a dhéanamh ar na buntáistí agus na míbhuntáistí, a deir sé. Ach, dá dtiocfadh an crú ar an tairne, níl sé de chumhacht ag na Comhairleoirí Cathrach an sruth seo a stopadh. 

Cuireadh an moladh seo a bhain leis an Rinn Mhóir, Baile an Locháin agus Dabhach Uisce faoi bhráid na Comhairle ar an mbonn gur ag an mbainistíocht sa gComhairle Contae a bheadh an focal deiridh. Ní theastódh beannacht na gComhairleoirí ón bPríomhfheidhmeannach dá dtéadh sé chuige sin. Tá an tsolúbthacht sin sa dlí anois más ábhar ar nós deiseanna siúil agus rothaíochta, agus laghdú ar charbón, a bhíonn i gceist. 

Ach deamhan a gcos, a deir na Comhairleoirí cé go raibh an Méara atá ag críochnú a téarma, Colette Connolly ar mhalairt poirt leo. Saol nua é seo agus cruóg ollmhór dhomhanda ann de bharr na haeráide. Ba cheart aghaidh a thabhairt go misniúil air seo i gcathair na Gaillimhe, a deir sise,

Ba cheart aghaidh a thabhairt ar fhíricí an tsaoil, a deir Cathaoirleach Chumann Tráchtála Chonamara, John Sweeney agus eisean ag trácht ar mholtaí atá curtha ar aghaidh d’obair athnuachana ar bhaile mór an Chlocháin in iarthar Chonamara. Faoi láthair, tá Comhairle Chontae na Gaillimhe ag obair i dteannta saineolaithe as trí chomhlacht comhairleoireachta agus iad ag réiteach an phlean athnuachana seo. Cuireadh an dréacht is deireanaí os comhair an phobail i Halla an Chlocháin roinnt laethanta ó shin. Baineadh léim as lucht gnó, John Sweeney ar dhuine acu. 

Mhol na Comhairleoirí go laghdófaí na spásanna páirceála sa gClochán. Bheadh, de réir a bplean siúd, na cosáin le leathnú agus carranna le páirceáil sa gcaoi agus go mbeadh siad comhthreormhar leis an gcosán. Díreach isteach i dtreo an chosáin a pháirceáiltear carranna ariamh anall sa gClochán. Dá gcuirfí an córas nua i bhfeidhm, dhéanfaí laghdú suntasach ar na deiseanna páirceála. Ach dhéanfadh sé éascaíocht do shiúlóirí agus do rothaithe a deir na saineolaithe agus bheifí in ann freastal ar dhaoine go forleathan ar bhoird ar na cosáin. 

“Ní fheicim ciall ná réasún leis,” a deir John Sweeney, fear a bhfuil lámh aige i gcineálacha gnó go leor. “Tá dhá mhí againn, nó beagán lena chois, nuair a bhíonn plódú sa gClochán; céard faoin deich mí eile? Táimid i gcónaí ag iarraidh croí an bhaile mhóir a neartú; sé a mhalairt a dhéanfadh an moladh seo.” 

Ach tá an saol nua ann, a deir Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Ag labhairt dó leis na Comhairleoirí Cathrach an lá cheana dúirt sé: “Níl sibh ach ina thús seo; tiocfaidh ceisteanna ar nós ceist seo na Rinne Móire chun cinn ar fud na cathrach; sin é sruth an tsaoil anois.” 

Sa gClochán, breathnaíonn John Sweeney síos agus aníos an tsráid. “Meas tú an dtiocfaidh duine atá tagtha chun an bhaile mhóir – a charr thíos sa gclós páirceála ceathrú míle ó bhaile, ag siúl aníos in éadan báistí agus gála chuig siopa anseo sa ngeimhreadh?” 

Tá freagra aige ar a cheist féin: “Deamhan a gcos.’

Fág freagra ar 'Cosa i dtaca ag Comhairleoirí in aghaidh laghdú ar spásanna páirceála i nGaillimh'