Corp fir faighte ag lucht cuardaigh ar Chnoc Breánainn

Chuaigh an Sasanach fir amach ag siúl maidin inné agus níor chualathas uaidh ó 3.20 inné

Corp fir faighte ag lucht cuardaigh ar Chnoc Breánainn

Tá corp an fhir a chuaigh amú ar Chnoc Bréanainn aréir faighte ag lucht cuardaigh i nGaeltacht Chiarraí. Thángthas ar chorp an fhir, a bhí ar iarraidh ó thráthnóna aréir, in aice le Loch Croite ar thaobh an tsléibhe anocht.

Chuaigh an fear, arbh as Sasana é, amach ag siúl thart ar 11.30 maidin inné agus bhí súil aige a bheith ar ais ag a charr ag 5pm. Chuir sé glaoch ar a bhean chéile ag 3.20pm lena chur in iúl di go raibh sé gafa amú sa cheo. Níor chualathas uaidh ó shin.

Bhí Tarrtháil Sléibhe Chiarraí, Garda Cósta an Daingin agus héileacaptar as Aerfort na Sionainne, an R115, i mbun an chuardaigh inné agus inniu. B’éigean don héileacaptar éirí as an gcuardach tráthnóna mar gheall ar an gceo trom a bhí ar bharr an tsléibhe agus sna gleannta ina thimpeall. Bhí roinnt feirmeoirí caorach as Corca Dhuibhne i mbun an chuardaigh freisin.

Fág freagra ar 'Corp fir faighte ag lucht cuardaigh ar Chnoc Breánainn'