Aimsíodh corp inniu ar an gcladach ar Inis Oírr, an t-oileán Gaeltachta amach ó chósta na Gaillimhe.
Tráthnóna a tháinig Garda Cósta Inis Oírr ar an gcorp ar tugadh ar bhád tarrthála é as Inis Oírr go dtí Ros an Mhíl.
Tugadh as sin an corp go dtí Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh le go ndéanfaí scrúdú iarbháis.
Níl aon sonraí tugtha go fóill faoin té atá básaithe.
Fág freagra ar 'Corp faighte cois cladaigh ar oileán Gaeltachta'