Deimhnithe go bhfuil corp Nóra Quoirin faighte sa Mhalaeisia

Bhí Nóra Quoirin, 15, as Éirinn ar iarraidh sa Mhalaeisia le breis is seachtain anuas

Deimhnithe go bhfuil corp Nóra Quoirin faighte sa Mhalaeisia

Tá sé deimhnithe gurb é corp Nóra Quoirin an corp a fuarthas mar chuid den chuardach don chailín óg 15 bliain a bhí ar iarraidh sa Mhalaeisia.

Tuairiscíodh níos luaithe inniu go raibh corp faighte ag na póilíní a bhí ag cuardach Nóra Quoirin a bhí ar iarraidh le breis is seachtain anuas.

Deimhníodh i ráiteas ón Lucie Blackman Trust, atá ag cabhrú le muintir Nóra Quoirin, gur  corp Nóra Quoirin a fuarthas.

Deir na póilíní gur thángthas ar an gcorp thart ar dhá chiliméadar ón áit a ndeachaigh Nóra Quoirin ar iarraidh ó ionad saoire 70 ciliméadar ó dheas de Kuala Lumpur. Bhí cuardach ar bun le deich lá don déagóir.

Ar an 4 Lúnasa a tuairiscíodh go raibh Nóra Quoirin imithe ar iarraidh ón ionad saoire Dusun in Seremban.

Nuair a d’imigh a hiníon gan tásc ná tuairisc, rinne a máthair Meabh Quoirin achainí ó chroí ar dhaoine cabhrú leis an iarracht teacht ar an déagóir a raibh riachtanais speisialta aici.

“Cailín leochaileach í ón lá a rugadh í. Tá grá ár gcroí againn di agus táimid croíbhriste,” a dúirt sí.

Iarradh go léireofaí meas ar phríobháideachas mhuintir Quoirin.

Sa ráiteas a rinne an  Lucie Blackman Trust tráthnóna dúradh gur le “brón mór” a bhí siad ag deimhniú gurb é corp Nóra Quoirin a fuarthas inniu. Tá sé deimhnithe ag na póilíní gurb amhlaidh an cás, a dúradh.

Fág freagra ar 'Deimhnithe go bhfuil corp Nóra Quoirin faighte sa Mhalaeisia'

  • Proinsias

    Ar dheis Dé go raibh anam naíonda an ghirsigh óg, Nóra.