Tá corp an fhir a thit isteach san uisce ag canáil ar abhainn na Cláidigh i nGaoth Dobhair aimsithe. Fear sna seascaidí a bhí ann.
Bhí cuardach mór ar bun ó mhaidin i nGaoth Dobhair, áit ar thit oibrí a bhí ag obair ar dhroichead sa cheantar, isteach san uisce.
Tharla an taisme timpeall a 11 ar maidin, le linn don fhear agus comhghleacaithe leis a bheith ag obair ar dhroichead i mbaile fearainn an Aird Doinn, Gaoth Dobhair.
Tá foireann oibre fostaithe ag Bord Soláthair Leictreachais chun obair a dhéanamh ar dhá dhroichead sa cheantar sin le roinnt míonna, agus tuigtear gur as na Sé Contae don chomhlacht a raibh an té atá caillte ag obair leis.
Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála agus chuaigh ingearán de chuid an Gharda Cósta, an Garda Cóst, An Garda Síochána, briogáid dóiteáin Ghaoth Dobhair agus daoine eile i ag i mbun cuardaigh i gcomharsanacht na habhann.
Bhí foireann tumadóirí ar an láthair fosta leis an abhainn a chuardach.
Druideadh an bóthar in aice leis an droichead, idir Dobhar agus crosbhóthar Ghaoth Dobhair agus meastar go bhféadfadh sé a bheith druidte ar feadh tamaill eile.
Fág freagra ar 'Corp an fhir a thit isteach in abhainn na Cláidigh i nGaoth Dobhair aimsithe'