Corn speisialta nua ag RnaG in ómós do Dhóirín Mhic Mhurchú, ceannródaí craoltóireachta spóirt

Craoladh eagrán speisialta den chlár ‘An Saol ó Dheas’ ón Rinn inné le comóradh a dhéanamh ar ar bhain Dóirín Mhic Mhurchú amach ina saol gairmiúil agus ina saol pearsanta

Corn speisialta nua ag RnaG in ómós do Dhóirín Mhic Mhurchú, ceannródaí craoltóireachta spóirt

Fianait Uí Bhriain agus an corn atá ainmnithe in ómós dá máthair, Doirín Mhic Mhurchú

Tá corn speisialta bronnta ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ar chumann camógaíochta na Rinne in ómós do Dhóirín Mhic Mhurchú, ceannródaí sa chraoltóireacht spóirt i nGaeilge agus pearsa thábhachtach i stair an chumainn.

Craoladh eagrán speisialta den chlár An Saol ó Dheas ón Rinn inné agus comóradh á dhéanamh ar ar bhain Dóirín Mhic Mhurchú amach ina saol gairmiúil agus ina saol pearsanta.

Thosaigh Dóirín, a d’imigh ar shlí na fírinne in 2014, ag soláthar tuairiscí spóirt do Raidió na Gaeltachta i dtús na seachtóidí, tráth gur bheag bean eile a bhí ag craoltóireacht ar chúrsaí spóirt, má bhí bean ar bith á dhéanamh.

“I dtosach, níor glacadh in aon chor léi,” a dúirt Áine Uí Fhoghlú, agus í ag trácht ar a máthair. “Is cuimhin liom go maith gur tháinig sí abhaile lá amháin agus gur dhúirt sí nach scaoilfí isteach i Staid Semple i nDurlas í in aon chor.”

Níor chaill sí a misneach, áfach, agus rinne a hiníon cur síos ar eachtra eile i nDurlas nuair a bhí Dóirín le tuairisc a dhéanamh ar chluiche.

“Dúirt fear an-chneasta léi, ‘Excuse me ma’am, this box is for the press.’ Sheas sí cúig troithe agus leath orlaigh agus dúirt sí ‘I am the press.’ Ón lá sin amach, chuireadar aithne uirthi,” a dúirt Áine Uí Fhoghlú.

Bhí cáil ar Dhóirín as a bheith ag taisteal go dtí cluichí ar fud Chúige Mumhan ar a Honda 50 chun dul i mbun oibre agus choinnigh sí uirthi ag tuairisciú do RnaG suas go dtí deireadh na nóchaidí.

Is i Learpholl a rugadh Dóirín Mhic Mhurchú ach, tar éis di sealanna a chaitheamh sa Bhreatain Bheag, i Londain agus san Astráil, is ar an Linn Bhuí sa Rinn a thóg sí féin agus a fear Éamonn a gclann.

Bhí dlúthbhaint aici le cumann camógaíochta na Rinne freisin agus bhuaigh sí Craobh Shóisir Phort Láirge faoi dhó sna seachtóidí. Bhí a hiníon Áine ag imirt ar an bhfoireann chéanna léi i gceann de na buanna sin.

Bhronn bainisteoir Raidió na Gaeltachta i mBaile na nGall, Dara Ó Cinnéide Corn Cuimhneacháin Dhóirín Mhic Mhurchú ar a clann ar an gclár. Dúirt Ó Cinnéide go mbeadh an corn le bronnadh go bliantúil as seo amach ar an imreoir óg sa chumann is mó a léirigh “an dícheall, an dúthracht agus an díograis” a léirigh Dóirín Mhic Mhurchú don chamógaíocht.

Agus í ag glacadh leis an gcorn, dúirt duine eile dá hiníonacha, Fianait Uí Bhriain, gur onóir an-mhór dóibh mar chlann gur ainmníodh an corn in ómós dá máthair.

“Bhí grá millteach mór aici don Rinn agus lean sí an cumann camógaíochta go dtí lá a báis. Táimid an-bhuíoch do Raidió na Gaeltachta as an corn seo a thiomnú di.”

Chomh maith leis an gclár sin ón Rinn, beidh An Saol ó Dheas ag craoladh eagrán speisialta ó Chúil Aodha, ó Thiobraid Árainn theas, ó Chléire, agus ó Chorca Dhuibhne mar chuid de cheiliúradh 50 bliain RnaG.

Fág freagra ar 'Corn speisialta nua ag RnaG in ómós do Dhóirín Mhic Mhurchú, ceannródaí craoltóireachta spóirt'

  • Mártan Ó Ciardha

    Go hard ar liosta mo chuid laochra atá Dóirín. Ár mbuíochas agus suaimhneas síoraí go raibh agat a chara dhíl.