Corn Rugbaí an Domhain na mBan á reáchtáil in Éirinn i 2017

Fógraíodh inniu go mbeidh an comórtas is mó i rugbaí na mban ar siúl i mBaile Átha Cliath agus Béal Feirste faoi cheann dhá bhliain

Imreoir na hÉireann, Niamh Briggs, ag céiliúradh tar éis an chluiche i gcoinne na Nua-Shéalainne ag Corn an Domhain 2014. Picitúr: INPHO/Dan Sheridan
Imreoir na hÉireann, Niamh Briggs, ag céiliúradh tar éis an chluiche i gcoinne na Nua-Shéalainne ag Corn an Domhain 2014. Picitúr: INPHO/Dan Sheridan

Fógraíodh inniu go reáchtálfar Corn Rugbaí an Domhain na mBan in Éirinn sa bhliain 2017.

Rinne an IRFU iarratas ar an gcomórtas i mí Márta na bliana seo agus is inniu a roghnaigh World Rugby an tír seo don ghradam. Is i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste a bheidh an comórtas ar siúl i mí Lúnasa 2017.

Bhain foireann na hÉireann clú amach anuraidh nuair a bhuail siad an Nua-Shéalainn den chéad uair i stair Chorn an Domhain. Shroich na hÉireannaigh an cluiche leathcheannais sa Fhrainc i 2014 agus beidh siad ag iarraidh céim nó dhó eile chun cinn a thabhairt agus iad ar a dtairseach féin faoi cheann dhá bhliain.

Bhí foirne ó chúig mhór-roinn dhifriúla páirteach i gCorn an Domhain na bliana seo caite agus beidh foirne ar fud na cruinne ag teacht chun na hÉireann le páirt a ghlacadh sa chomórtas i 2017.

Imreofar na cluichí ar fad i dtrí ionad idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste. Is ar pháirceanna Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath a imreofar na cluichí sna grúpaí sula mbogann an comórtas ó thuaidh. Beidh na cluichí leathcheannais in Ollscoil na Banríona agus an cluiche ceannais i Staid Kingspan, nó Cnoc an Fhéich (Ravenhill) mar is fearr aithne air.

Tar éis d’Éirinn Craobh na Sé Náisiún a bhuachan dhá uair le trí bliana anuas, tá méadú tagtha ar an méid suime i gcluiche na mban. Thagair an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Pascal Donohoe dón méid sin agus é ag cur fáilte roimh chinneadh an lae inniu.

Dúirt se go raibh “ríméad” air gur roghnaíodh Éire do Chorn Domhanda na mBan i 2017. “Is iontach an deis é an ócáid seo chun spórt na mban agus íomhá rugbaí na mban in Éirinn a chur chun cinn” a dúirt sé.

Dúirt an tAire Donoghue chomh maith gur deis iontach é seo don tír le leiriú gur féidir linn comórtas den saghas seo a reáchtáil, go háirithe nuair atá iarratas curtha isteach ag an IRFU ar Chorn Domhanda na bhfear i 2023.

Fág freagra ar 'Corn Rugbaí an Domhain na mBan á reáchtáil in Éirinn i 2017'