Déanfaidh Cúige Laighean an beart in aghaidh Bath

Ba cheart go ndéanfadh Cúige Laighean an beart in aghaidh Bath an deireadh seachtaine beag seo

General view of European Rugby Champions Cup match balls 24/1/2015

Is fada an lá ó bhí an oiread spéise i gcúrsaí rugbaí sa tír seo. Is cinnte go bhfuil baint ollmhór ag imeachtaí agus éachtaí na foirne idirnáisiúnta leis sin. Bhí an lá is fearr ariamh sa gComórtas Sé Náisiún againn coicís ó shin agus ansin an deireadh seachtaine seo caite rinne na Laighnigh aiséirí iontach sa dara leath den chluiche i gcoinne Ghlaschú, cluiche a imríodh san RDS.

Cé nár éirigh le Cúige Laighean an cluiche sin a ghnóthachtáil, is léir gur réiteach iontach dóibh an imirt chrua agus an iomaíocht a chonaic muid uatha sa dara leath, go háirithe agus iad i gcoinne Ghlaschú, foireann atá ar bharr an Pro 12.

Ach níl aon chluiche Pro 12 á imirt againne an deireadh seachtaine seo; tá na babhtaí ceathrú ceannais de Chorn na gCuradh agus Corn an Dúshláin ar bun ina áit.

Is é Cúige Laighean an t-aon chúige ón tír seo ar éirigh leis na babhtaí ceathrú ceannais de Chorn na gCuradh a bhaint amach. Tá an t-ádh orthu go bhfuil buntáiste an bhaile acu do chluiche an tSathairn seo agus iad ag tabhairt faoi Bhath Shasana. Tá fáil acu freisin ar an líon mór imreoirí idirnáisiúnta, laochra na Sé Náisiún, Heaslip, Toner, O’Brien, Ross agus Rob Kearney ina measc.

Bhí páirt mhór ag Healy, Madigan, Murphy, Moore agus Luke McGrath sa gcluiche i gcoinne Ghlaschú an Aoine seo caite agus tá mé cinnte go mbeidh an chuid is mó acu ar an bpáirc ó thús an chluiche ríthábhachtaigh seo.

Tá mé cinnte freisin nach mbeidh aon dul amú ar Mhatt O’Connor ná ar imreoirí Chúige Laighean maidir le Bath ná an tallan atá i measc na n-imreoirí atá acu. Is iad atá sa tríú háit ar thábla Phremiership Shasana faoi láthair. Ní bheidh aon drogall ar Bhath roimh Chúige Laighean ná aon drogall orthu ach oiread a bheith ag imirt san Aviva. Mar sin féin, ba cheart go mbeadh dóthain sa mála ag fir Átha Cliath leis na cuairteoirí a chloí agus na babhtaí leathcheannais a bhaint amach.

Níor éirigh le Cúige Chonnacht buntáiste an bhaile a fháil ina n-iarracht féin sna babhtaí ceathrú ceannais de Chorn an Dúshláin. Tá orthu dul go Sasana le tabhairt faoi Ghloucester, foireann atá sa naoú háit sa bPremiership.

Má fuair na Laighnigh réiteach maith i gcoinne Ghlaschú, ní hionann an cás ag Cúige Chonnacht é. Bhí orthu dul go Luimneach le tabhairt faoi Chúige Mumhan an Satharn seo caite, áit a bhfuair siad léasadh uafásach. Cinnte, beidh fáil arís ar Henshaw agus ar chúpla imreoir eile, – b’fhéidir fir a bhí gortaithe an deireadh seachtaine seo caite ina measc. Fós féin, seans go mbeidh foireann Ghloucester ar a bhfuil leithéidí, John Afoa, Richard Hibbard, James Hook, Ben Morgan agus Billy Twelvetrees ag imirt, róláidir dóibh, go háirithe agus iadsan ag imirt sa mbaile.