CORN AN DOMHAIN 2022: Sasana agus an Bhreatain Beag ag dul chun páirce den chéad uair sa Chatar

Cuirfear tús ceart le Corn an Domhain 2022 inniu agus trí chluiche le himirt - ceann i nGrúpa A agus dhá cheann i ngrúpa B

CORN AN DOMHAIN 2022: Sasana agus an Bhreatain Beag ag dul chun páirce den chéad uair sa Chatar

Cluichí
Sasana v an Iaráin – 1pm (Grúpa B)
An tSeineagáil v An Ísiltír – 4pm (Grúpa A)
Stáit Aontaithe Mheiriceá v An Bhreatain Bheag – 7pm (Grúpa B)

Rogha an Lae

1pm (Grúpa B)

Ar an gcéad amharc ní hé seo an cluiche is deacra ag Sasana, ach d’fhéadfadh nach mbeidh sé chomh éasca agus a cheapfadh daoine.

Is é seo an tríú huair as a chéile gur bhain an Iaráin áit amach i gCorn an Domhain agus tá an cháil ar an mbainisteoir Carlos Queiroz go mbíonn foirne láidre crua aige. Ní hé sin a bheadh ag teastáil ó Gareth Southgate agus é ag iarraidh tús maith a chur leis an gcomórtas seo.

Tá 12 cúl scóráilte ag Harry Kane i 15 cluiche Príomhroinne do Tottenham Hotspur an séasúr seo ach tá imní ann faoin méid atá imeartha ag an tosach cheana féin. Tá Sasana ag brath air níos mó ná riamh, áfach, agus an tóin tite as leithéidí Raheem Sterling le cúpla mí anuas.

B’fhiú súil a choinneáil ar sheinm na n-amhrán náisiúnta chomh maith. Tá agóid déanta cheana ag imreoirí na hIaráine chun seasamh le cearta na mban ina dtír féin agus comhartha cumhachtach a bheadh ann dá ndéanfaí a leithéid arís ag Corn an Domhain.

Fág freagra ar 'CORN AN DOMHAIN 2022: Sasana agus an Bhreatain Beag ag dul chun páirce den chéad uair sa Chatar'