Cormac Ó hEadhra na Ceathrún Rua le bheith i gcroílár sceideal nua RTÉ

Buille mór do RTÉ Raidió na Gaeltachta é ról nua in RTÉ a bheith ag duine de na láithreoirí is aitheanta agus is cumasaí atá acu

Cormac Ó hEadhra na Ceathrún Rua le bheith i gcroílár sceideal nua RTÉ

Beidh áit lárnach ag an gcraoltóir aitheanta Gaeltachta Cormac Ó hEadhra i sceideal nua RTÉ a fhógrófar an tseachtain seo.

Bhí caint ann le tamall go dtógfadh clár le Seán O’Rourke áit an chláir Saturday with Cormac Ó hEadhra ach ní bheidh O’Rourke le cloisteáil níos mó ar RTÉ de bharr na conspóide faoi dhinnéar Chumann Gailf an Oireachtais sa Chlochán.

Cé go raibh sé á thuar i mbólaí áirithe go mbeadh Ó hEadhra thíos le filleadh Seán O’Rourke ar RTÉ, tuigtear do Tuairisc.ie go raibh fear na Ceathrún Rua lárnach i gcónaí i bplean lucht bainistíochta RTÉ mar a bhfuil ag méadú ar a cháil agus a stádas le tamall de bhlianta anuas.

A fhianaise sin go bhfuil sé á lua mar chomhláithreoir, le Sara McInerney, ar Drivetime.

Clár eile a bhí á lua le Ó hEadhra ná This Week an Domhnaigh, an clár cúrsaí reatha raidió is faide ar an aer ar RTÉ.

Cainteoir dúchais Gaeilge as an gCeathrú Rua i gConamara é Ó hEadhra a chuireann Nuacht a hAon i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta chomh maith.

Roimhe sin cuireadh sé an clár Cormac ag a Cúig i láthair ar an stáisiún céanna.

Buille mór do RTÉ Raidió na Gaeltachta é ról nua Uí Eadhra mar go gciallaíonn sé go mbeidh siad d’uireasa duine de na láithreoirí is aitheanta agus is cumasaí dá bhfuil acu.

Fág freagra ar 'Cormac Ó hEadhra na Ceathrún Rua le bheith i gcroílár sceideal nua RTÉ'

  • alan titley

    Cailliúint do RnaG go cinnte, ach beidh sé ar fheabhas pé post a thabharfar dó. Tá an t-eolas, an phearsantacht, an guth agus an scian aige…

  • Peter Logan

    Glacham le do thuairim go deimhin. Ba é ‘Cormac ag a cuaigh’ an clár is fearr a chuala mé riamh ar RTÉagus de réir go bhuil feabha a chuid Béarla chómh mór le feabhas a chuid Gaeillge beidh sár clár againn san fomhar. An teidil amháin nach maith liom: “drivetime”. Ní h-é sa gluaisteán a chaithigh mise an dá uair a chloig!

  • Pól Ó Braoin

    Aireoidh muid go mór uainn é ach mar sin féin guím gach rath air ina phost nua béarla. Tabharfaidh sé blas nua gaeltachta chuig an mbord agus go n-éirí leis.