Cormac ag a Cúig agus Cormac gach Satharn! Clár nua ar RTÉ Raidió 1 ag craoltóir Gaeltachta

I dtús mhí Feabhra a sheolfar Saturday with Cormac Ó hEadhra a thiocfaidh in áit Saturday with Claire Byrne

Cormac ag a Cúig agus Cormac gach Satharn! Clár nua ar RTÉ Raidió 1 ag craoltóir Gaeltachta

Tá a chlár seachtainiúil féin i gcroílár sceideal an tSathairn ar RTÉ Raidió 1 tugtha don chraoltóir aitheanta as Gaeltacht Chonamara, Cormac Ó hEadhra.

Tuigtear gur i dtús mhí Feabhra a sheolfar Saturday with Cormac Ó hEadhra a thiocfaidh in áit Saturday with Claire Byrne mar chuid den athrú ar a sceideal raidió a d’fhógair RTÉ inniu.

Am tábhachtach atá ag clár cúrsaí reatha seo an tSathairn a chraoltar idir 1pm agus 2pm, díreach i ndiaidh The Marian Finucane Show, ceann de na cláir raidió is mó éisteacht sa tír. Bhíodh suas le 200,000 duine ag éisteacht le Saturday with Claire Byrne.

Tá aithne mhaith ag éisteoirí RTÉ Raidió na Gaeltachta ar Chormac Ó hEadhra agus é mar chomhluadar acu ceithre tráthnóna in aghaidh na seachtaine ar an gclár cúrsaí reatha Cormac ag a Cúig, ach bíonn fear na Ceathrún Rua ag treabhadh iomaire an Bhéarla leis agus é ina láithreoir rialta le The Late Debate ar RTÉ Raidió 1.

Beidh Ó hEadhra fós le cloisteáil ó Luan go Déardaoin ar Cormac ag a Cúig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie tráthnóna, dúirt Cormac Ó hEadhra go raibh sé “ag súil go mór” leis an dúshlán nua atá roimhe agus go raibh fonn air “a lorg féin” a fhágáil ar an gclár cúrsaí reatha seachtainiúil.

Fág freagra ar 'Cormac ag a Cúig agus Cormac gach Satharn! Clár nua ar RTÉ Raidió 1 ag craoltóir Gaeltachta'