Cé nach bhfuil muid ach coicís isteach sa tsraith, tá brú ar Chorcaigh agus an Clár cheana féin tar éis dóibh a gcéad chluichí sa tsraith i mbliana. Cé gur poc saor sa nóiméad deireanach a bhuail an Clár, is mó díomá a bheadh ar Jimmy Barry Murphy agus foireann Chorcaí tar éis a gcailliúint i gcoinne Chill Chainnigh an deireadh seachtaine seo caite.
Bhí an-chuid imreoirí in easnamh ar Chill Chainnigh agus is dóigh nach bhfaighidh na Corcaígh deis níos fearr chun na Cait a bhualadh. Cé nach raibh ach dhá phointe ann ar deireadh, 1-22 i gcoinne 2-17, ní raibh an iomaíocht chomh chomh géar is a thabharfadh an scór le fios. B’fhéidir gur mheas imreoirí Chorcaí go mbeadh a ndóthain acu chun an ceann is fearr a fháil ar fhoireann nach raibh an méid sin taithí acu ach is cinnte nach ndéanfaidh siad an botún céanna an Satharn seo.
Maidir na Cláirínigh, bhí an chuma ar an scéal go raibh siad le Bóthar na Trá a fhágáil agus na pointí carnaithe acu nó go ndearna Gaillimh ruathar déanach sa chluiche.
Cé go mbeidh Davy Fitzgerald buartha nár chríochnaigh siad sách láidir, ní raibh mórán idir na foirne i rith an chluiche.
Gan ach cúig chluiche ar an iomlán sa tsraith acu, tá sé tábhachtach don dá fhoireann pointí a fháil go luath. Cé nach bhfuil aon chluiche éasca i Roinn 1A i mbliana, breathnaíonn sé go bhfuil an cluiche seo beagáinín níos tábhachtaí do Chorcaigh mar tar éis an tSathairn seo, ní bheidh aon chluiche acu sa bhaile go dtí deireadh mhí an Mhárta.
Chomh maith leis an gcluiche sin, beidh athimirt ann de cheann de na cluichí is fearr sa chraobh i 2014. Tá Tiobraid Árann agus Gaillimh ag tabhairt aghaidh ar a chéile i Staid Semple ar an Domhnach, an áit chéanna ar chas siad ar a chéile i mí Iúil anuraidh.
Bhí foireann Éamoinn O’Shea 9 gcúilín chun deiridh sa chluiche sin ach rinne siad teacht aniar iontach chu deireadh a chur le séasúr na nGaillimheach. Beidh O’Shea ag iarraidh ar a fhoireann an beart a dhéanamh arís, go háirithe i bhfianaise na chéad chluiche sraithe a chaill siad i mbliana i gcoinne Bhaile Átha Cliath.
Dé Satharn, 21 Feabhra
Corn Mhic Shigiúir – Cluiche Ceannais
UCD/DCU v UCC/IT Cheatharlach, An Mhuirdíog, 3i.n.
Sraith Iomána Allianz – Roinn 1A
Corcaigh v An Clár, Páirc Uí Rinn, 7i.n.
Sraith Iomana Allianz – Roinn 1B
Port Láirge v Laois, Páirc Uí Fhearchair, 7i.n.
Sraith Iomána Allianz – Roinn 2A
Londain v Ceatharlach, Ruislip, 1i.n.
Dé Domhnaigh, 22 Feabhra
Sraith Iomána Allianz – Roinn 1A
Cill Chainnigh v Baile Átha Cliath, Páirc Uí Nualláin, 2i.n.
Tiobraid Árann v Gaillimh, Staid Semple, 2i.n.
Sraith Iomána Allianz – Roinn 1B
Aontroim v Luimneach, Baile an Chaistil, 2i.n.
Uíbh Fhailí v Loch Garman, Páirc Uí Chonchúir, 2i.n.
Sraith Iomána Allianz – Roinn 2A
Cill Mhantáin v Ciarraí, An tInbhear Mór, 1i.n.
Doire v An Iarmhí, An Abhainn Bheag, 2i.n.
Sraith Iomána Allianz – Roinn 2B
Ard Mhacha v Dún na nGall, Páirc Lúthchleasaíochta, 2i.n.
Cill Dara v An Dún, An Droichead Nua, 2i.n.
Maigh Eo v An Mhí, Páirc Mhic hÉil, 2i.n.
Sraith Iomána Allianz – Roinn 3A
Fine Gall v Tír Eoghain, An Chulóg, 2i.n.
An Lú v Fear Manach, Dairbhre, 2i.n.
Muineacháin v Ros Comáin, Baile na Lorgan, 2i.n.
Fág freagra ar 'Corcaigh v An Clár agus cluichí móra eile na deireadh seachtaine seo'