Cluiche Ceannais Roinn 1B
Port Láirge v Uíbh Fhailí – Páirc Uí Chaoimh, 1.45in (Beo ar TG4)
Cluiche Ceannais Roinn 1A
Corcaigh v Tiobraid Árann – Páirc Uí Chaoimh, 4.00in (Beo ar TG4)/
Beidh Páirc Uí Chaoimh lán go doras amárach agus an dá namhaid mhóra, Corcaigh agus Tiobraid Árann i gcoinne a chéile i gcluiche ceannais na sraithe den chéad uair ó 1960, cluiche a bhuaigh na Tiobraid Árannaigh. Ach ní bheidh aon bhaint ag an toradh nó an cluiche sin le cúrsaí amárach. Is spórt thar a bheith difriúil an iomáint i láthair na huaire agus seilbh na liathróide ina bunchloch.
Sea, tá an-traidisiún idir Corcaigh agus Tiobraid Árann agus dianiomaíocht eatarthu le blianta fada. Níl aon dabht ach go bhfuil suim ag an dá champa an corn seo a thabhairt leo cé go raibh an bheirt bhainisteoirí an-tapaidh ag rá i ndiaidh chluiche deireanach na sraithe nach raibh ach dáta amháin tábhachtach agus gurb in Domhnach Cásca agus an chéad cluiche craoibhe.
Gan dabht tá sé sin fíor ach ar chúiseanna difriúla tá an bua inniu tábhachtach do dá chontae, fiche bliain sa bhfásach ag Corcaigh agus dul go cinn mall go leor ó thosnaigh ré Liam Cahill le Tiobraid Árann.
Tá Corcaigh mar rogha láidir agus bunaithe ar na cluichí i mbliana tá an ceart sin acu. Tá cúig chúl déag faighte acu agus iad ag fágáil triúr tosaithe chun tosaigh an t-am ar fad, rud nach bhfuil coitianta in aon chor sa chluiche comhaimseartha. Agus de réir a chéile tá an painéal go léir ag teacht ar ais ó na gortuithe a bhí ag cur isteach ar roinnt díobh.
Leis an méid cluichí atá amach rompu ní bheidh aon phainéal gan roinnt gortuithe ó sheachtain go seachtain ach mar a sheasann rudaí i láthair na huaire tá na Corcaígh ag tosnú amach le ‘lámh láidir’. Tá Brian Hayes tagtha ar ais ó ghortú agus é ainmnithe ar an bhfoireann don chluiche ceannais. Dea-scéal ceart é sin do Chorcaigh mar go gcuireann sé go mór leis an bhfoireann.
Caithfidh go bhfuil Liam Cahill agus leantóirí na dTiobraid Árannach sásta leis an dul chun cinn atá déanta ach ó thosach na sraithe. Tá dul chun cinn suntasach déanta acu agus roinnt mhaith imreoirí a bhfuil taithí faighte acu ag an leibhéal is airde. Tá éacht á dhéanamh ag Darragh McCarthy ón imirt oscailte agus na pocanna saora agus é ag barr an bhoird don fheachtas ar fad. Agus tá Jake Morris ar cheann de na tosaithe is fearr sa tír i láthair na huaire.
Luaigh mé in alt níos luaithe i mbliana an léasadh a thug Corcaigh do Thiobraid Árann i nDurlas Éile san fheachtas craoibhe anuraidh.
B’in lá dorcha d’imreoirí agus leantóirí na hiomána sa chontae. Ach tá teacht aniar déanta ag an fhoireann seo agus iad ag críochnú ag an mbarr ag deireadh na gcluichí babhta. Mar bharr air sin bhuaigh siad ar Chorcaigh. Ach n’fheadar an féidir leo é a dhéanamh arís amárach. Ní dóigh liom go mbeidh aon scáthdhornálaíocht ar siúl agus má bhíonn an dá fhoireann i mbarr a gcumais ceapaim go mbeidh an lá ag Corcaigh.
Ach an rud is tábhachtaí don dá fhoireann ná an taispeántas. Beidh an mhuinín a thagann le taispeántas dearfach thar a bheith tábhachtach roimh chéad bhuille nó salvo na craoibhe i gceann coicíse.
Maidir leis an chluiche ceannais i Roinn 1B, bhuel, bhí chuid maith gearán faoin ionad agus an ganntanas ticéad do leantóirí Uíbh Fhailí agus na nDéise. Is deacair a rá cad é an cinneadh ceart ó thaobh ionaid de. Bhí cuid mhaith díospóireachta ann i ndiaidh na gcluichí ceannais peile an deireadh seachtaine seo caite i bhfabhar agus i gcoinne na cluichí a bheith i bPáirc an Chrócaigh. An smaoineamh is mó a ritheann liomsa faoi ná go mbeadh cluiche ceannais Roinn 2 ar siúl roimh cluiche ceannais Roinn 1A agus Roinn 3 agus Roinn 4 ar siúl roimh Roinn 1B an bhliain seo chugainn.
Maidir leis an gcluiche amárach ní dóigh go bhfuil mórán in aon chor eatarthu. Cosúil le cluiche ceannais Roinn 1A tá an taispeántas an-tábhachtach. Ag deireadh an lae bheinn ag ceapadh gur ag na Déise a bheidh an lá.
Carraig
Bochtú nó cúngrú ar scóipiúileacht agus ar scóp an chluiche agus na scileanna, is mó atá i gceist agam.
Agus is é an forlámhas atá glactha ag an aistriú ó láimh is mó fé ndear é.
D’aithin agus léirigh Christy Ring 12 bunscil sa chluiche a bhí á imirt lena linn. (Féach an scannán: ‘Chrisy Ring’).
An mó bunscil a bheadh le háireamh sa chluiche atá inniu ann?
Alan Titley
Bhíos féin ag an gcluiche ceannais sraithe deireanach idir Corcaigh agus Tiobraid Árann a himríodh cois Laoi san seanAthletic Grounds i 1960! Bhíos sa bhunscoil ag an am. Bhuaigh na Tiobradaigh, Mé ag coinne le díoltas faoi dheireadh. Is fada ag teacht é.