Tá a gcúigiú craobh uile-Éireann tugtha leo acu ag iománaithe an Chláir tar éis dóibh cluiche ceannais lán aicsin, lán gaiscí agus lán brí a bhuachan i gcoinne Chorcaí tráthnóna.
Bhí na foirne ar comhscór 15 uair sa bhreis is uair go leith a imríodh i bPáirc an Chrócaigh ach ba iad gaiscí Tony Kelly a tharraing na Cláirínigh thar an líne agus bua aon phointe amháin acu.
Ní raibh captaen na foirne i lár an aonaigh i gcónaí tráthnóna ach, mar a rinne sé sa chluiche leathcheannais i gcoinne Chill Chainnigh, sheas an Ceallach an fód nuair ba ghá, go háirithe in am breise nuair a d’aimsigh sé trí cinn de phointí. Scór draíochtúil a bhí sa chúl a d’aimsigh Kelly sa dara leath freisin agus a gcéad chraobh buaite aige agus ag an gClár ó bhuail siad na Corcaígh i gcluiche ceannais athimeartha aon bhliain déag ó shin.
Ní fhéadfadh ach trua a bheith agat do Chorcaigh, a rinne go leor ceart sa chluiche. Rinneadar gaisce chun bearna trí phointe a thabhairt isteach ag deireadh an ghnáthama agus fiú nuair a ligeadh don Chlár dul trí phointe chun tosaigh arís agus 80 nóiméad imeartha, níor ghéill siad.
Chuir Patrick Horgan dhá iarracht thar an trasnán chun an bhearna is lú a fhágáil eatarthu agus bhí deis ag Robbie O’Flynn na foirne a chothromú ach chuaigh an iarracht uaidhsean ar strae. Beidh muintir Chorcaí ar buile nár bronnadh poc saor ar O’Flynn nuair a tharraing Conor Leen an Chláir a gheansaí. Beidh díomá ar dhaoine cois Laoi freisin nár bronnadh poc éirice orthu i dtreo dheireadh an ghnáthama ach b’fhearr an fhoireann iad an Clár d’fhormhór an chluiche.
Beidh Horgan sa Táin agus d’fhág an dosaen pointí a d’aimsigh sé tráthnóna gurb é an té is mó a d’aimsigh pointí i stair na craoibhe ach tá fear an Ghleanna fágtha go fóill gan bonn uile-Éireann agus ceist ann an bhfeicfear arís laoch Chorcaí i ngeansaí an chontae.
Théis ceathrú uaire den chluiche ceannais, is beag dóchas a bhí ag lucht tacaíochta an Chláir go mbeadh siad ag ceiliúradh ag deireadh an lae agus tús dochreidte curtha ag Corcaigh leis an gcoimhlint. Bhí pointí aimsithe ag Tim O’Mahony agus Séamus Harnedy sula raibh 60 soicind ar an gclog agus ceann eile curtha leo ag Shane Barrett théis trí nóiméad.
Shocraigh an Clár isteach sa chluiche le trí scór as a chéile, péire iontach ag Diarmuid Ryan ina measc, ach chuireadar roinnt iarrachtaí ar strae freisin agus thug na Corcaígh faoi ráig eile chun ceannas a thógáil. Bhí Harnedy agus Barrett ar fheabhas do Chorcaigh sa chéad cheathrú uaire agus d’aimsíodar cúpla pointe eile an duine agus nuair a fuair Patrick Horgan ceann eile, fágadh Corcaigh 0-7 in aghaidh 0-3 chun tosaigh.
Bhí lucht tacaíochta Chorcaí ag dul craiceáilte ar fad sa 12ú nóiméad agus cúl iontach aimsithe ag Rob Downey. Tháinig búir ón slua ar dtús nuair a fuair an t-ógánach an ceann is fearr ar fhathach na gCláiríneach, Peter Duggan, san aer chun breith ar phoc amach faoi Ardán Uí Chíosóig. Tháinig gáir eile ansin nuair a chonacthas an spás a bhí os comhair Downey. Chuir an leathchúlaí 80 slat idir é agus an cúl gan mhoill agus bhuail sé raspar thar Eibhear Quilligan chun Corcaigh a chuir seacht bpointe chun tosaigh.
Ba é sin ar cheann de na cúil ab fhearr a aimsíodh i gcluiche ceannais na hÉireann riamh ach seans gur fhág ceann Tony Kelly sa dara leath nárbh é an cúl is fearr a scóráladh sa chluiche ceannais seo fiú.
Nuair a d’aimsigh Mark Coleman pointe cúpla nóiméad ina dhiaidh sin, bhí 1-8 ag na Corcaígh ó naoi n-iarracht ar scóranna agus gan ach 0-4 faighte ag an gClár ón líon céanna iarrachtaí.
D’athraigh cúrsaí go hiomlán ina dhiaidh sin nuair a tháinig an Clár ar ais sa choimhlint go láidir. Bhí Shane O’Donnell lárnach in obair mhaith na gCláiríneach. Ba é ar dtús a chruthaigh an cúl ó Aidan McCarthy chun spreagadh a thabhairt don Chlár arís. Fuair O’Donnell dhá phointe dá chuid féin freisin agus nuair a d’aimsigh David Fitzgerald an sprioc théis 21 nóiméad, bhí an bhearna seacht bpointe sin laghdaithe go dtí aon phointe amháin in imeacht cúig nóiméad.
D’éirigh le Patrick Horgan cúpla poc saor a fháil do na Corcaígh ach d’fhág ceithre scór as a chéile ag an gClár i dtréimhse dhá nóiméad, an ceann deireanach acu ag teacht ó chamán David Reidy, go raibh an Clár imithe chun cinn den chéad uair sa chluiche.
D’fhág scór deas ó Darragh Fitzgibbon na foirne cothrom ag leath ama, 1-12 an taobh, agus bhí siad buille ar bhuille don chéad chuid den dara leath go dtí gur ghearr Mark Rodgers an Chláir tríd sa 40ú nóiméad chun cúl breá eile a aimsiú.
Bhí Corcaigh ar comhscór arís faoin 51ú nóiméad ach ansin a tháinig éacht Kelly. Agus an sliotar faighte aige ó David Fitzgerald 25 slat amach, d’fhág Kelly Ciarán Joyce ina dhiaidh sular bhuail sé bob ar Sheán O’Donoghue agus an liathróid curtha os a chionn le píosa scile iontach sular bháigh sé iarracht san eangach.
Faoi dhó sa 20 nóiméad deireanach sin a d’éirigh le Corcaigh bearna trí phointe a thabhairt isteach, áfach, agus bhí na foirne cothrom agus dhá nóiméad den chúig nóiméad d’am cúitimh imeartha. D’aimsigh Tony Kelly scór míorúilteach eile ansin, an sliotar curtha thar an trasnán aige ó 45m cé go raibh sé ag casadh agus ag titim ar a thóin.
Bhronn botún ó Aron Shanagher an deis ar Patrick Horgan na foirne a chothromú uair amháin eile, áfach, rud a rinne sé lena chinntiú go mbeadh 20 nóiméad eile ag teastáil.
Bhí cuid mhaith de na gaiscígh ar an dá fhoireann tugtha faoin am seo agus an pháirc fágtha ag leithéidí Séamus Harnedy, Roberty Downey, Mark Rodgers agus Conor Cleary agus iad traochta nó gortaithe. Buaileadh buille eile ar an gClár nuair a bhí orthu Shane O’Donnell a bhaint amach sa chéad leath.
Bhí na foirne cothrom arís ag an bpointe sin ach ba é Tony Kelly a chinntigh go mbeadh na Cláirínigh chun tosaigh ag an mbriseadh le scór deas. Robbie O’Flynn a d’aimsigh an chéad scór den dara tréimhse d’am breise agus bhí deis iontach aige an dara cúl a fháil do Chorcaigh théis 85 nóiméad ach bhuail sé a iarracht róluath agus shábháil Eibhear Quilligan í.
An Clár a d’aimsigh na chéad trí phointe eile – ó Kelly, Aidan McCarthy agus Shane Meehan – scóranna a chinntigh go raibh leathghreim ar an gcupán acu agus, cé go ndearna Patrick Horgan a chuid chun Corcaigh a shlánú, Kelly a chroch Corn Mhic Cárthaigh sa deireadh.
An Clár: E Quilligan; C Cleary, A Hogan, C Leen; D D Ryan (0-3), J Conlon, D McInerney; D Fitzgerald (0-3), C Malone; T Kelly (1-4), M Rodgers (1-3), P Duggan (0-2, 0-1 o phoc sleasa); A McCarthy (1-7, o-3 ó phocanna saora, 0-1 ó ’65), S O’Donnell (0-2), D Reidy (0-2). Fir Ionaid: D Lohan in áit Malone (36-37 nóim, fuil), R Taylor (0-1) in áit McCarthy (54 nóim), I Galvin (0-1) in áit Reidy (58 nóim), A Shanagher in áit Duggan (65 nóim), Lohan in áit Cleary (70 nóim), R Mounsey in áit Rodgers (70+2 nóim), McCarthy in áit Mounsey (71 nóim), C Galvin in áit Ryan (79 nóim), S Meehan (0-1) in áit O’Donnell (79 nóim), S Morey in áit Malone (86 nóim).
Corcaigh: P Collins; N O’Leary, E Downey (0-1), S O’Donoghue; C Joyce (0-1), R Downey (1-0), M Coleman; T O’Mahony (0-3), D Fitzgibbons (0-2); D Dalton, S Barrett (0-2), S Harnedy (0-4); P Horgan (0-12, 0-10 ó phocanna saora), B Hayes (0-2), A Connolly (0-1). Fir Ionaid: S Kingston in áit Hayes (42-46 nóim, fuil), E Twomey in áit Dalton (47 nóim), J O’Connor in áit Connolly (63 nóim), Kingston (0-2) in áit Barrett (65 nóim), R O’Flynn (0-1) in áit Harnedy (67 nóim), T O’Connell in áit R Downey (70+3 nóim), G Mellerick in áit O’Donoghue (78 nóim), L Meade in áit O’Mahony (84 nóim).
Réiteoir: Johnny Murphy (Luimneach)
WTF
Tony Kelly!@!@!