Corcaigh agus Port Láirge le céim eile a thabhairt

Tá áit i gcluichí leathcheannais na hÉireann ar fáil do bhuaiteoirí an lae inniu i Staid Semple. Cuirfidh Baile Átha Cliath agus Port Láirge tús leis an aicsean roimh choimhlint Chorcaí agus na Gaillimhe

Lorcan McLoughlin agus Joe Canning. Pictiúr: INPHO/Mike Shaughnessy
Lorcan McLoughlin agus Joe Canning. Pictiúr: INPHO/Mike Shaughnessy

Corcaigh v Gaillimh, Staid Semple, 4i.n.

deich mbliana ó bhuaigh Gaillimh cluiche ceathrú ceannais i gcraobh iomána na hÉireann in ainneoin go ndeirtear i gcónaí fúthu nach bhfuil siad i bhfad as Corn Mhic Cárthaigh a bhuachan. Is é an bua in aghaidh Thiobraid Árann i 2005 an uair dheireanach go raibh rath ar Ghaillimh i gcluiche ceathrú ceannais.

Os a choinne sin, is iad Corcaigh máistrí na mbabhtaí ceathrú ceannais, gan ach ceann amháin caillte acu, in aghaidh Phort Láirge i 2007.

Rud amháin a thabharfaidh misneach do na Gaillimhigh ná go bhfuil torthaí maithe faighte acu in aghaidh na Muimhneach le cúpla bliain anuas. Trí huaire a casadh na foirne ar a chéile sa chraobh ó 2009 agus gach uair, ba leis na Gaillimhigh a bhí an lá. Cluiche leathcheannais na hÉireann i 2012 an choimhlint is deireanaí díobh sin

I mbliana, tá scéal na bhfoirne seo athraithe go mór ó thús na míosa seo. Ar an gcéad deireadh seachtaine de mhí Iúil, bhí Corcaigh ag tabhairt aghaidh ar Loch Garman ar an Satharn agus Gaillimh in aghaidh Chill Chainnigh i gcluiche ceannais Chúige Laighean an lá dar gcionn. Ag an am, ní raibh mórán amhrais ann ach gurb iad na Gaillimhigh an fhoireann a bhí ag dul i bhfeabhas tar éis dóibh Baile Átha Cliath agus Laois a bhualadh.

D’athraigh an léamh sin ar an scéal an deireadh seachtain áirithe sin, áfach. Is iad Corcaigh an fhoireann a bhfuil fuinneamh iontu anois agus rith an ráis leo, shílfeá, tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Loch Garman agus An Clár. Ar an lámh eile, chaith Gaillimh trí seachtaine agus gan deis acu freagra a thabhairt ar an taispeántas lag a thug siad i bPáirc an Chrócaigh.

Ceann de na cúiseanna atá le hathbheochan Chorcaí an córas imeartha nua atá tugtha isteach ag Jimmy Barry-Murphy. Sheachain na Muimhnigh scuabadóir a chur ar dualgas le tamaillín ach tá Mark Ellis anois ag imirt os comhair a chuid cúlaithe agus aon liathróid a bhriseann ina dtreo a ghlanadh aige. Tuigeann Barry-Murphy go ndéanfaidh Conor Lehane agus Seamus Harnedy a ndóthain dochair sa líne lántosach má thugtar spás dóibh.

Maidir leis na Gaillimhigh, ní bheadh a fhios agat an rud maith nó drochrud é an briseadh seo idir cluiche an lae inniu agus an chailliúint in aghaidh Chill Chainnigh. Bhí an chuma ar an scéal go raibh siad ag feabhsú níos luaithe sa chraobh ach nuair a tháinig an crú ar an tairne i gcluiche ceannais Chúige Laighean, ní raibh aon fhreagra acu ar churaidh na hÉireann. Ar a laghad ar bith, bhí am acu chun staidéar a dhéanamh ar chóras Chorcaí.

Is iomaí argóint a d’fhéadfaí a dhéanamh i dtreo is go bhféadfaí a leithéid seo nó a leithéid siúd de thoradh a bheith ar an gcluiche, ach mar gheall ar an bpáirc ina bhfuil sé, seans maith go mbeidh fir an iarthair díbeartha ón gcraobh roimh Rásaí na Gaillimhe arís.

Rogha Tuairisc.ie: Corcaigh

Port Láirge v Baile Átha Cliath, Staid Semple, 2i.n.

I ndiaidh chluiche ceannais na Mumhan coicís ó shin, bhí ar Phort Láirge rud éigin a dhéanamh nach raibh orthu a dhéanamh fós i mbliana agus sin teacht chucu féin tar éis cailliúint. Ba é an cluiche sin in aghaidh Thiobraid Árann an chéad cheann a chaill siad idir an tsraith agus an chraobh i 2015.

Chomh maith leis sin, ceithre lá ina dhiaidh sin, chaill foireann Faoi-21 na nDéise, ina bhfuil 14 d’imreoirí na sinsear páirteach ann, i gcluiche crua i gCraobh na Mumhan. Beidh súil ag Derek McGrath nach gcuirfidh na torthaí sin isteach ar a fhoireann agus iad ag iarraidh na babhtaí leathcheannais a bhaint amach den chéad uair ó 2011.

Is bainisteoir stuama é McGrath agus bheadh súil agat go mbeidh sé in ann a chuid imreoirí a ghríosadh don chéad dúshlán eile. Bheifeá ag ceapadh chomh maith go raibh sé sásta go leor leis an dtarraingt don chluiche inniu; ar na foirne atá fágtha, is iad Baile Átha Cliath an ceann is laige.

Más ea, tháinig feabhas ar fhoireann na príomhchathrach ina mbua in aghaidh Luimnigh coicís ó shin. Dealraíonn sé go bhfuil Ger Cunningham anois sásta a chuid imreoirí a chur ar ais sna háiteanna is dual dóibh imirt, sin le rá go bhfuil Liam Rushe ar ais ar an líne daichead slat agus Conall Keaney ar ais sna tosaithe.

ceithre chluiche imeartha acu sa chraobh faoin am seo, péire níos mó na Port Láirge, agus beidh siad buíoch as sin agus iad ag iarraidh dul i dtaithí fós ar bhainisteoir nua. Cé nach bhfuil na Déisigh ach sa dara bliain faoi stiúir McGrath, tá an chuma ar an scéal go bhfuil siad i bhfad níos cinnte faoina gcur chuige.

Tá níos mó taithí ag fir Bhaile Átha Cliath ach is ag Port Láirge atá an fuinneamh.

Rogha Tuairisc.ie: Port Láirge

Fág freagra ar 'Corcaigh agus Port Láirge le céim eile a thabhairt'

  • cormac

    Ni chuirfidh aon fhoireann bheo acu aon chaithnini eagla beag na mor ar na Cait, geallaimse dhuit. ‘Seacht ngluin o ri go ramhainn’ a deirtear, an bhearna cheanna idir CC agus CE (an chuid eile). Nil fir a ndiongbhala ag aon fhoireann do leitheidi TJ Reid agus Richie Hogan, mar le beirt. Tagann na Cait sin ar an saol agus camainin ina nglaic acu, caman i laimh amhain agus sliotar sa laimh eile acu agus iad ag diul ar bhainne ciche an Traidisiuin Iomana. Togann Codia, bainisteoir, ar laimh ansin iad ach a mbionn siad tagtha chun coinnliochta agus gaibhnionn, cruann agus liomhann iad i gceartan na sinsear. Spriosain, piothail agus rinceoiri-iomanaithe deasa na gconatetha eile a bheith a fheachaint leo! Mo thrua iad.