Corcaigh agus na Cait ag dul chun comhraic arís i gcluiche ceannais camógaíochta na hÉireann

Imreofar cluiche ceannais camógaíochta na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna agus seanaithne ag imreoirí Chorcaí agus Chill Chainnigh ar a chéile faoin tráth seo

Corcaigh agus na Cait ag dul chun comhraic arís i gcluiche ceannais camógaíochta na hÉireann

Meighan Farrell (Cill Chainnigh) ag imirt i gcluiche ceannais na hÉireann 2017. Pictiúr: INPHO/Gary Carr

Corcaigh v Cill Chainnigh – Páirc an Chrócaigh, 4.15pm

Den tríú bliain as a chéile agus den cheathrú huair ó 2014, is iad Corcaigh agus Cill Chainnigh a thabharfaidh aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais sinsir camógaíochta na hÉireann.

Ba iad Corcaigh a thug leo Corn Uí Dhufaigh anuraidh tar éis do Julia White cúilín an bhua a aimsiú sa seachtú nóiméad d’am cúitimh agus tá gach cuma ar an scéal go mbeidh coimhlint chomh dian céanna ann i gcluiche ceannais na bliana seo.

Chas na foirne seo ar a chéile níos luaithe i mbliana i gcluiche ceannais Roinn 1 na sraithe agus arís, ní raibh ach aon phointe amháin eatarthu, Cill Chainnigh ag buachan 0-15 in aghaidh 1-11. Bhí na Cait ar fheabhas ar fad ag tús an chluiche sin agus iad 10 bpointe chun cinn agus gan ach 20 nóiméad imeartha ach tháinig Corcaigh ar ais go láidir sa dara leath agus cé go raibh siad i dtaobh le 14 imreoir faoi dheireadh, ba bheag nár thug siad an lá leo.

Is deacair aon locht a fháil ar imirt Chorcaí ó shin, áfach. Tá siad tagtha chomh fad seo gan stró ar bith agus farasbarr níos mó ná 12 pointe i ngach cluiche an samhradh seo.

15 imreoir a scóráil dóibh sa chraobh, rud a léiríonn cé chomh láidir agus atá an painéal acu. Bhí líne leathchúil Chorcaí, go háirithe, ar fheabhas nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Thiobraid Árann sa chluiche leathcheannais trí seachtaine ó shin. D’aimsigh Chloe Sigerson trí phointe ón gcliathán agus bhí leithéidí Orla Cotter, Katrina Mackey agus Julia White ar fheabhas chomh maith.

Míbhuntáiste amháin atá ag Corcaigh roimh an gcluiche ceannais seo ná nach raibh aon chluiche crua acu ó chluiche ceannais sin na sraithe, rud nach bhféadfaí a rá faoi Chill Chainnigh.

Luaigh captaen na foirne, Shelly Farrell, i rith na seachtaine an spreagadh a fuair na Cait óna gcéad chluiche craoibhe i mbliana nuair a tháinig siad ar ais go láidir chun Luimneach a chloí tar éis dóibh a bheith chun deiridh ag leath ama.

Thug Gaillimh cluiche fíorchrua dóibh sa bhabhta leathcheannais agus cé go raibh na Gaillimhigh chun tosaigh ag tús an dara leath, léirigh Cill Chainnigh an mianach atá iontu agus rinne siad teacht aniar iontach chun áit a bhaint amach sa chluiche ceannais.

Tá an sárobair a dhéanann cosantóirí Chill Chainnigh ar cheann de na gnéithe is láidre dá gcuid imeartha. Bhí Edwina Keane ar fheabhas sa líne lánchúil in aghaidh na Gaillimhe, agus ní éiríonn le haon fhoireann mórán scóranna a aimsiú ina gcoinne. Beidh an cineál sin cosanta ag teastáil uathu arís tráthnóna más fúthu Corcaigh a shárú.

Rogha Tuairisc.ie: Corcaigh

Fág freagra ar 'Corcaigh agus na Cait ag dul chun comhraic arís i gcluiche ceannais camógaíochta na hÉireann'