Corbyn agus Páirtí an Lucht Oibre sásta tacú leis an dara reifreann

Deir Jeremy Corbyn go dtacófar le vóta poiblí eile chun ‘nach mbrúfar ar an dtír Breatimeacht díobhálach de chuid na dTóraithe’

Corbyn agus Páirtí an Lucht Oibre sásta tacú leis an dara reifreann

Deir  Jeremy Corbyn go dtacófaí le vóta poiblí eile chun ‘nach mbrúfar ar an dtír Breatimeacht díobhálach de chuid na dTóraithe’

Tacóidh Páirtí Lucht Oibre na Breataine le reifreann eile faoi imeacht ón AE chun a chinntiú “nach mbrúfar ar an dtír Breatimeacht díobhálach de chuid na dTóraithe”.

Tuairiscítear gurb é sin a déarfaidh ceannaire an Lucht Oibre, Jeremy Corbyn, ag cruinniú den pháirtí anocht.

Déarfaidh Corbyn lena chomhghleacaithe nach mbeidh aon ghlacadh ag an bpáirtí leis an iarracht atá ar bun ag Theresa May, dar leis, “an t-am a mheilt” nó nach mbeidh aon rogha fágtha ach a margadh “lochtach” nó an Breatimeacht gan mhargadh.

Tá Corbyn ag maíomh chomh maith go raibh idir oifigigh agus cheannairí sa Bhruiséil agus in Madrid tógtha le plean Breatimeachta a pháirtí féin agus é den tuairim go n-éireodh leis an bplean céanna in Westminster.

“Bealach amháin nó bealach eile, déanfaimid gach is féidir linn chun stop a chur le himeacht gan mhargadh agus le cur i gcoinne Breatimeacht díobhálach na dTóraithe atá bunaithe ar mhargadh Theresa May ar diúltaíodh go han-láidir dó.

“Sin an fáth, agus sinn ag cloí le polasaí ár gcomhdhála, go bhfuilimid sásta chomh maith leasú a chur chun cinn ar mhaithe le vóta poiblí a chinnteodh nach mbrúfaí ar an dtír Breatimeacht díobhálach de chuid na dTóraithe,” arsa Corbyn.

Beidh leasú á chur faoi bhráid Pharlaimint Westminster ag an Lucht Oibre ina leagfar amach a bplean Breatimeachta agus na cúig éileamh atá acu ar May, ina measc go bhfanfadh an Ríocht Aontaithe in aontas custam.

Tá sé i gceist ag an bpáirtí chomh maith tacú le síneadh ama a chur leis an dáta Breatimeachta, an 29 Márta, chun imeacht gan mhargadh a sheachaint.

 

Fág freagra ar 'Corbyn agus Páirtí an Lucht Oibre sásta tacú leis an dara reifreann'