Corbyn agus an freasúra chun iarracht a dhéanamh Breatimeacht gan mhargadh a chosc le reachtaíocht

Tá ráite ag Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson go bhfágfaidh an Ríocht Aontaithe an tAE ar an 31 Deireadh Fómhair bíodh margadh déanta nó ná bíodh

Corbyn agus an freasúra chun iarracht a dhéanamh Breatimeacht gan mhargadh a chosc le reachtaíocht

Tá aontaithe ag Jeremy Corbyn agus ceannairí eile an fhreasúra in Westminster gur le reachtaíocht sa pharlaimint a dhéanfaidh siad iarracht an Breatimeacht gan mhargadh a stopadh.

Tá ráite ag Príomh-Aire na Breataine Brois Johnson go bhfágfaidh an Ríocht Aontaithe an AE ar an 31 Deireadh Fómhair bíodh margadh déanta nó ná bíodh. 

Bhí cruinniú inniu ag ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre agus na ceannairí eile maidir lena gcur chuige i leith sheasamh Johnson.

D’aontaigh siad go mbainfí leas as reachtaíocht chun iarracht a dhéanamh lena chinntiú nach mbeidh sé ina Bhreatimeacht gan mhargadh, seachas rún mímhuiníne sa Rialtas a chur síos, an rogha ab ansa le ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre roimhe seo. Níor cuireadh vóta mímhuiníne as an áireamh, áfach.

Níor tugadh mórán sonraí go fóill faoin bplean stop a chur leis an mBreatimeacht gan mhargadh ná faoin gcineál reachtaíochta a bhféadfaí leas a bhaint as chun sin a dhéanamh, ach dúradh go gcaithfí ar dtús síneadh a chur le hAlt 50 chun dáta an Bhreatimeachta a chur siar.

D’éirigh le feisirí parlaiminte san earrach an chéad sprioclá don Bhreatimeacht a chur siar nuair a thug siad reachtaíocht isteach a chuir iachall ar an iarphríomh-aire Theresa May síneadh ama a lorg ón AE.

Chun go n-éireodh le feisirí Westminster é sin a dhéanamh arís, chaithfidís ar dtús smacht a fháil ar chlár oibre na parlaiminte le slí a dhéanamh do dhíospóireacht faoin leasú reachtaíochta.

Fág freagra ar 'Corbyn agus an freasúra chun iarracht a dhéanamh Breatimeacht gan mhargadh a chosc le reachtaíocht'