Córas nua ag an Roinn Oideachais le béim níos mó a chur ar an éileamh ar an ngaeloideachas agus scoileanna nua á mbunú

Mar thoradh ar chinneadh a rinne an Coimisinéir Teanga go raibh an dlí á shárú ag an Roinn Oideachais, tá córas nua á bheartú a d’fhéadfadh cabhrú le deireadh a chur le ceann de na baic is mó roimh bhunú scoileanna lán-Ghaeilge

Córas nua ag an Roinn Oideachais le béim níos mó a chur ar an éileamh ar an ngaeloideachas agus scoileanna nua á mbunú

Tá an Roinn Oideachais ag féachaint lena gcóras maidir le bunú scoileanna nua a athrú chun béim níos mó a chur ar an éileamh ar scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna nua á mbunú ar fud an Stáit.

Is mar thoradh ar chinneadh a rinne an Coimisinéir Teanga go raibh an dlí á shárú ag an Roinn Oideachais agus Scileanna atáthar ag féachaint anois leis an gcóras maidir le bunú scoileanna nua a leasú.

Tá fáilte curtha ag an gCoimisinéir Rónán Ó Domhnaill, a bhfuil a Thuarascáil Bhliantúil á sheoladh inniu aige,  agus ag lucht an ghaeloideachais roimh an moladh a d’fhéadfadh cabhrú le deireadh a chur le ceann de na baic is mó roimh bhunú scoileanna lán-Ghaeilge nua.

Faoin gcóras atá faoi láthair ann maidir le bunú scoileanna nua sa Stát, is é an pátrún a fhaigheann an líon is airde de léirithe spéise a roghnaítear agus scoil nua á bunú, rud a aithnítear mar bhac mór ar fhorbairt an ghaeloideachais.

Chinn an Coimisinéir Teanga gur sháraigh an Roinn Oideachais agus Scileanna an tAcht Oideachais, 1998 nuair nár cuireadh san áireamh a ndualgais reachtúla teanga “go cuí” sa phróiseas a bhain le roghnú pátrúin do bhunscoil nua a bhí le bunú i gceantar pleanála scoile Dhroim Conrach/ Marino/Bhaile Átha Cliath 1.

Mar thoradh ar an gcinneadh sin, tá córas nua á bheartú ag an Roinn a d’fhágfadh nár ghá gur ag an bpátrún atá ag lorg scoil Ghaeilge a bheadh an líon is mó léirithe spéise agus go mbunófaí dhá scoil – scoil Bhéarla agus scoil Ghaeilge – sa chás go gcruthófaí go raibh éileamh i measc céatadán áirithe tuismitheoirí ar oideachas lán-Ghaeilge.

Chuir an Coimisinéir fáilte roimh an moladh go gceadófaí scoileanna lán-Ghaeilge nua fiú sa chás nach mbeadh an líon is airde léirithe spéise ag an iarratas ar oideachas trí Ghaeilge.

“Molaim an t-athrú atá beartaithe ag an Roinn Oideachais agus táim ag súil go n-éascóidh sé iarrachtaí tuismitheoirí oideachas trí Ghaeilge a fháil dá bpáistí, más é sin a theastaíonn uathu,” a dúirt an Coimisinéir Teanga a bhfuil a Thuarascáil Bhliantúil 2017 á seoladh inniu aige in Institiúid Oideachais Marino i mBaile Átha Cliath.

Tugtar cuntas i dTuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara ar an imscrúdú a rinne sé maidir leis an Roinn Oideachais agus Scileanna.

In 2016 rinneadh roinnt gearán le hOifig an Choimisinéara Teanga faoi chinneadh an Aire Oideachais agus Scileanna gan pátrúnacht do scoil ilchreidmheach lán-Ghaeilge a bhronnadh i gceantar pleanála scoile Dhroim Conrach/ Marino/Bhaile Átha Cliath 1.

Tugadh le fios d’Oifig an Choimisinéara gur léirigh tuismitheoirí 361 páiste sa cheantar gurbh é a rogha ná scoil lán-Ghaeilge a d’fheidhmeodh de réir éiteas ilchreidmheach.

Deir an Coimisinéir ina Thuarascáil Bhliantúil nach bhfuil aon fhoráil san Acht Oideachais a bhaineann le soláthar oideachais lán-Ghaeilge ach go bhfuil “cuspóirí sonracha” ann a bhaineann leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht.

Le linn an imscrúdaithe, shéan an Roinn Oideachais agus Scileanna go raibh cuspóirí teanga an Achta á sárú acu agus dúradh gur de réir anailís dhéimeagrafach a shocraítear na ceantair scoile ina mbunaítear bunscoileanna nua.

Dúradh gur bunaíodh 22 bunscoil nua ó theacht i bhfeidhm an chórais nua sin in 2011 agus gur scoileanna lán-Ghaeilge ceithre cinn díobh sin.

Cé gur chuir an Roinn Oideachais agus Scileanna “cuid mhaith ábhar tacaíochta” ar fáil don imscrúdú, ba léir, a deir an Coimisinéir, nach raibh aon tagairt shonrach déanta do riachtanais Ghaeilge sna critéir a bhí acu maidir le bunú scoileanna nua. Critéir thíreolaíochta, critéir uimhríochta agus critéir a bhain le héagsúlacht éiteas is mó a bhí i gceist.

Mhaígh an Roinn gur bhain an focal ‘éagsúlacht’ sna critéir le héagsúlacht éiteas agus teangacha araon agus go ndéantar soláthar do rogha tuismitheoirí sa dá chás sa phróiseas pátrúnachta, ach dar leis an gCoimisinéir Teanga nach raibh an méid sin soiléir ar chor ar bith.

“Dá mba amhlaidh a bhí an cás ní fhaca mé aon chúis nach mbeadh an méid sin luaite go soiléir,” a deir an Coimisinéir ina Thuarascáil Bhliantúil 2017.

Maidir leis an gcinneadh an phátrúnacht sa cheantar lenar bhain an t-imscrúdú a bhronnadh ar Ag Foghlaim le Chéile seachas ar an bhForas Pátrúnachta a raibh scoil ilchreidmheach lán-Ghaeilge á lorg acu, chinn an Coimisinéir nach raibh forálacha teanga an Achta Oideachais i dtaobh roghanna do thuismitheoirí comhlíonta “go cuí” ag an Roinn.

Dúirt an Coimisinéir freisin nach raibh cur chuige na Roinne ag teacht le cuspóirí an ráitis i leith na Gaeilge a d’fhoilsigh Rialtas na hÉireann sa bhliain 2006 ná an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Mhol an Coimisinéir go gcloífí feasta leis na dualgais reachtúla teanga sa phróiseas trína mbronntar pátrúnacht i gcás bunú scoileanna nua.

Fág freagra ar 'Córas nua ag an Roinn Oideachais le béim níos mó a chur ar an éileamh ar an ngaeloideachas agus scoileanna nua á mbunú'

  • Mánus

    Íontach! deascéal. Ceist anois – cad as a dtiocfaidh na múinteoirí nuair atá breis is 20% des na tuistí ag iarraidh Gaeloideachais dá bpáistí? Níl ach 6% de dhaltaí na tíre ag freastal ar Ghaelscoil faoi láthair agus bíonn deacrachtaí mhóra múinteoirí le Gaeilge mhaith a aimsiú dóibh. Rinne an Roinn Oideachas neamhaird de mhianta sciar mhaith tuistí le 40 bhliain agus iad go hiomlán as tiúin le beagnach an cheathrú cuid den phobail. Ní mó raic a thógaint leis an Coimisinéir Teanga má leanann siad ag cur bacanna roimh tuistí atá ag obair go deonach chun Gaelscoil a bhunú ina gceantair féin.