Córas na logainmneacha ina lánstad ó 2012

Gan oiread agus logainm nua amháin ceadaithe ó 2012

STOP_signTá an córas faoina shocraítear logainmneacha oifigiúla na tíre ina lánstad ó 2012 toisc gur cuireadh deireadh le Coimisiún na Logainmneacha agus gan Acht na dTeangacha Oifigiúla a bheith leasaithe dá réir.

Níl oiread agus logainm amháin ceadaithe ó 2012 de réir eolais a cuireadh ar fáil don Teachta Dála ó Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív.

Tá 6,930 dréachtordú logainm ullmhaithe do chontaetha na Gaillimhe, Liatroma agus Longfoirt, ach níl oiread agus ceann acu faofa.

Tá an scéal amhlaidh mar nach bhfuil an stádas reachtúil ag an gCoiste Logainmneacha, a bunaíodh i Méan Fómhair 2013, comhairle a chur ar Aire na Gaeltachta a cheadódh dó ordú logainmneacha a dhéanamh.

Go dtí 2012 rinneadh orduithe logainmneacha tar éis tréimhse comhairliúcháin phoiblí agus tar éis don Aire comhairle a fháil ón gCoimisiún Logainmneacha, ach níl an stádas reachtúil céanna ag an gCoiste Logainmneacha is a bhí ag an gCoimisiún.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh an tseachtain seo caite, go dtabharfar aghaidh ar an 6,930 dréachtordú logainm atá gan faomhadh “chomh luath agus atá na leasuithe cuí ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 achtaithe”.

Cuireadh 3,498 logainm eile i ndréachtordú logainmneacha Chontae Mhaigh Eo faoi bhráid an Choiste Logainmneacha.


 

Contae                                           Bliain               Logainm faofa

Tiobraid Árann 2005 3,527
Lárionaid daonra (nach bhfuil clúdaithe in orduithe eile) 2005 1,340
Luimneach (Leasú) 2008 1
Ceantair Ghaeltachta (ainmneacha eile) 2011 6,071
Baile Átha Cliath 2011 1,355
Corcaigh 2012 6,072

 

Dúirt an tAire McHugh go pléifidh an Coiste Logainmneacha fuílleach na logainmneacha do Mhaigh Eo (658 logainm) “go luath i mbliana”.

Dúirt an tAire go raibh “socruithe sa treis” chomh maith chun logainmneacha chontaetha Cheatharlach agus Loch Garman a chur faoi bhráid an Choiste Logainmneacha i mbliana.

Thug an tAire le fios don Teachta Dála Éamon Ó Cuív go raibh seisear ag obair go lánaimseartha sa Bhrainse Logainmneacha ar an 1 Eanáir 2010 agus gur 4.4 post lánaimseartha a bhí sa bhrainse ar an 1 Eanáir 2015.

Déanann an Brainse Logainmneacha taighde ar logainmneacha na hÉireann agus cuireann sé leaganacha údarásacha Gaeilge díobh ar fáil le haghaidh úsáid oifigiúil agus phoiblí.

Ba é Aire na Gaeltachta a thug stádas dlíthiúil do na leagnacha Gaeilge a d’ulllmhaigh an Brainse Logainmneacha agus a mhol an Coimisiún go dtí gur cuireadh deireadh leis.

Go dtí 2012, rinneadh na horduithe seo tar éis tréimhse comhairliúcháin phoiblí agus tar éis don Aire comhairle a fháil ón gCoimisiún Logainmneacha.

Ach an leasú cuí a bheith déanta ar an Acht Teanga, dhéanfadh an tAire Stáit orduithe logainmneacha tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Logainmneacha a bunaíodh in áit an Choimisiúin Logainmneacha.

Tá ceithre ordú logainmneacha dhéag déanta ó achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Tá an Bille a dhéanfadh leasú ar Acht na dTeangacha ar chlár reachtaíochta an Rialtais don téarma Dála seo.