Córas á lorg ag RTÉ chun tabhairt faoi ‘easnamh mór’ taighde maidir le héisteoirí RnaG

Deirtear go bhfuil ‘gá le tuiscint ar dhearcadh agus ar thuairimí’ lucht éisteachta RnaG agus an stáisiún ‘ag athrú’

Córas á lorg ag RTÉ chun tabhairt faoi ‘easnamh mór’ taighde maidir le héisteoirí RnaG

Tá tairiscintí á lorg ag RTÉ d’iarratais ar chóras nua a bhunú chun taighde a dhéanamh faoi dhearcadh an phobail i leith Raidió na Gaeltachta.

Tá an t-iarratas ar thairiscintí foilsithe ag an gcraoltóir poiblí ar an suíomh eTenders agus deirtear san fhógra ansin go bhfuil “gá le tuiscint ar dhearcadh agus ar thuairimí’ lucht éisteachta RnaG agus an stáisiún “ag athrú”.

Agus ceist a freagairt aige faoin bhfógra ar eTenders, dúirt Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire, gur “easnamh mór a bhí ann go dtí seo nach raibh taighde cruinn againn maidir le lucht éisteachta RTÉ Raidió na Gaeltachta”.

“Tabharfaidh an taighde seo an deis dúinn an freastal is fearr a dhéanamh ar lucht éisteachta RnaG agus tabharfaidh sé léargas soiléir dúinn ar mhianta éisteachta raidió i measc lucht labhartha na Gaeilge sa nGaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht,” a dúirt Mac Con Iomaire.

Tá tairiscintí á lorg d’iarratais ar chóras nua a bhunú faoina ndéanfaí taighde ar mhianta éisteachta painéal ar a mbeadh suas le 500 duine.

Ceithre ghála taighde in aghaidh na bliana ar a laghad a bheadh i gceist leis an gcóras.

Ní fhoilsítear go poiblí figiúirí éisteachta JNLR i gcás RTÉ RnaG mar murab ionann agus na craoltóirí raidió eile, ní stáisiún tráchtála é a bhíonn ag brath ar theacht isteach ó fhógraíocht.

Tá lucht an stáisiúin den tuairim le fada nach dtugann figiúirí JNLR léargas cruinn ar líon na ndaoine a bhíonn ag éisteacht le RnaG toisc nach dtugtar san áireamh sa chóras sin gur ar phobal teanga ar leith a bhíonn an stáisiún ag freastal.

Tá an gearán céanna déanta go minic ag lucht TG4 faoi fhigiúirí Nielsen, an comhlacht a dhéanann tomhas ar lucht féachana teilifíse.

Tá a gcóras féin – Fios Físe – bunaithe cheana ag TG4 i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar mhaithe le taighde a dhéanamh i measc phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Córas á lorg ag RTÉ chun tabhairt faoi ‘easnamh mór’ taighde maidir le héisteoirí RnaG'