Tuilleadh acmhainní agus áiseanna don Ghaeilge geallta do Thithe an Oireachtais

Tá gealltanais nua tugtha faoi sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge i dTithe an Oireachtais i scéim teanga a thiocfaidh i bhfeidhm an tseachtain seo chugainn

Tuilleadh acmhainní agus áiseanna don Ghaeilge geallta do Thithe an Oireachtais

Tá geallta ag Tithe an Oireachtais go gcuirfear seirbhís ateangaireachta ar fáil i ngach ceann de na ceithre sheomra Coiste i dTeach Laighean. Tá na seirbhísí breise sin i measc na bhforálacha i scéim teanga nua Thithe an Oireachtais a thiocfaidh i bhfeidhm an tseachtain seo chugainn.

Ba mhinic roimhe seo a mbíodh gearáin faoin easpa seirbhíse aistriúcháin chomhuainigh ag cruinnithe de choistí, comhchoistí agus fochoistí de chuid Thithe an Oireachtais. Go dtí seo ní raibh an córas teicneolaíochta don ateangaireacht feistithe ach in aon seomra amháin – Seomra 4 – agus bhí amanna ann nach raibh de rogha ann ach cruinnithe a chur ar athlá, moill a chur orthu nó feidhmiú trí Bhéarla nuair nach mbíodh fáil ar sheirbhís ateangaireachta.

Tá geallta freisin ag Tithe an Oireachtais ina scéim teanga nua go ngabhfar i ngleic leis an mhoill a bhaineann le haistriú achtanna ó Bhéarla go Gaeilge trí ‘chinntiú go mbeidh acmhainn chuí ann chun tiontuithe oifigiúla ar Achtanna an Oireachtais a fhoilsiú’. Rinneadh athbhreithniú seachtrach i mbliana ar na hacmhainní atá ag Rannóg an Aistriúcháin agus gealltar sa scéim teanga go gcuirfear na moltaí a d’eascair as an athbhreithniú sin i bhfeidhm.

Gealltar freisin go gcinnteofar go mbeidh turais ar Theach Laighean ar fáil sa dá theanga oifigiúla agus go mbeidh an Ghaeilge ‘lárnach’ i gclár imeachtaí an Oireachtais don bhliain 2019 agus sa chomóradh céad bliain ar an gcéad Dáil.

Tá sé i gceist freisin go dtabharfaí ‘fógraí rialta’ do Theachtaí Dála agus Seanadóirí le meabhrú dóibh go bhfuil ‘seirbhís comhfhreagrais ar fáil dóibh’, arna soláthar ag Rannóg an Aistriúcháin.

Ar an 1 Lúnasa a bheidh éifeacht oifigiúil leis an Scéim Teanga 2018. Ocht mí a caitheadh i mbun próiseas comhairliúcháin chun ‘croí-riachtanais agus croí-spriocanna’ a aithint don scéim, dar le lucht Thithe an Oireachtais.

D’fhoilsigh Tithe an Oireachtais straitéis teanga i mí an Mhárta i mbliana agus é mar aidhm aici ‘atmaisféar dearfach, fáilteach’ i leith úsáid na Gaeilge a chothú i dTithe an Oireachtais.

Léirigh taighde a rinne Tuairisc.ie i mbliana gur úsáid an-teoranta ar fad a bhaintear as an nGaeilge le linn díospóireachtaí i dTeach Laighean.  De réir an taighde sin, as an os cionn 2.76 milliún focal a labhraíodh sa Dáil le linn an 38 lá a raibh sí ina suí sa dara leath den bhliain seo caite, níor labhraíodh ach 14,723 focal i nGaeilge.

Fágann sin nach raibh i nGaeilge ach leath d’aon faoin gcéad, nó 0.5%, den chaint ar fad a rinneadh i nDáil Éireann le linn an téarma sin, idir an 11 Meán Fómhair agus an 15 Nollaig 2017.

Fág freagra ar 'Tuilleadh acmhainní agus áiseanna don Ghaeilge geallta do Thithe an Oireachtais'

  • Moladh

    An-mhaith; tá moladh ag gabháil dóibh as sin a dhéanamh.