Cora Finne amuigh leo féin agus Gradaim Imreoirí Peile na gClubanna fógartha den chéad uair

Tá seisear de fhoireann churaidh na hÉireann ainmnithe ar fhoireann an chomórtais agus aitheantas tugtha do na himreoirí is fearr i gcomórtais shinsir na gclubanna

Cora Finne amuigh leo féin agus Gradaim Imreoirí Peile na gClubanna fógartha den chéad uair

Ní haon iontas é gurb iad imreoirí Chora Finne is mó a bhfuil aitheantas faighte acu agus Gradaim Imreoirí Peile na gClubanna, macasamhail na All-Stars, fógartha den chéad uair riamh ag AIB.

Tá seisear ón bhfoireann a bhuaigh Cluiche Ceannais Chraobh na hÉireann an mhí seo caite ainmnithe ar fhoireann an chomórtais a fógraíodh ar maidin. Triúr as Cora Finne atá roghnaithe i measc na gcosantóirí, Liam Silke, Kieran Fitzgerald agus Dylan Wall. Tá Michael Farragher ainmnithe i lár páirce, tá a dheartháir Martin sa líne lántosach agus tá Ian Burke ainmnithe mar leaththosach ar chlé.

Léiriú ar fheabhas Chora Finne i rith an fheachtais uile gur as an gcumann sin an triúr atá ar an ngearrliosta d’Imreoir na Bliana, Ian Burke, Michael Farragher agus Liam Silke. Fógrófar buaiteoir an ghradaim sin ag ócáid speisialta i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn, an 21 Aibreán.

Cé gur shroich Raonaithe Nemo cluiche ceannais na hÉireann Lá Fhéile Pádraig, níor éirigh ach le beirt dá gcuid imreoirí, Alan O’Donovan agus Luke Connolly, áit a bhaint amach ar fhoireann seo scoth-imreoirí na gclubanna.

Beirt ó sheaimpíní Chill Dara agus Laighean, Achadh Mhórdha, atá roghnaithe, James Murray agus Éanna O’Connor, arb as Gaeltacht Uíbh Ráthaigh ó dhúchas dó.

Thug Sleacht Néill Craobh Uladh leo arís in 2017 agus tá ceathrar ó chumann Dhoire ainmnithe ar fhoireann an chomórtais, an cúl báire Antóin McMullan, Karl McKaigue, Chrissy McKaigue agus Christopher Bradley.

Is é Paddy McBrearty as Cill Charthaigh an t-aon fhear a roghnaíodh ar an bhfoireann seo nach raibh ag imirt do cheann den cheithre fhoireann a bhuaigh craobhacha na gcúigí.

Seo í an chéad bhliain ag na gradaim seo a bheith á reáchtáil chun aitheantas á thabhairt d’imreoirí clubanna as a gcuid éachtaí i gCraobhacha Sinsir Peile na gCúigí agus i gCraobh na hÉireann.

Fógrófar buaiteoirí na ngradam iomána an tseachtain seo chugainn.

Fág freagra ar 'Cora Finne amuigh leo féin agus Gradaim Imreoirí Peile na gClubanna fógartha den chéad uair'