Cor coise curtha i Joe Biden ag líomhaintí faoi theagmháil gan iarraidh le mná

Tá cor coise curtha i Joe Biden agus gan é gafa ar chosán na hUachtaránachta fós

Cor coise curtha i Joe Biden ag líomhaintí faoi theagmháil gan iarraidh le mná

Is é Joe Biden an t-iarrthóir ab fhearr le formhór na nDaonlathach sna Stáit Aontaithe do thoghchán Uachtaránachta na bliana seo chugainn.  Aigesean ab fhearr a bheadh seans Donald Trump a chur as an Teach Bán in 2020, de réir na tuairimíochta thall.  Ar ndóigh, bheadh spéis ar leith i bhfeachtas Joe Biden anseo in Éirinn agus go háirithe i nGaeltacht Chonamara  de bharr an chairdis atá idir é féin agus Méara Bhostúin, Marty Walsh.  Tá an ceangal idir an bheirt chomh dlúth agus gur tháinig Joe Biden go Boston in aon turas anuraidh don ócáid ag ar insealbhaíodh Marty Walsh dá dhara tréimhse mar Mhéara ar an gcathair sin. 

Deirtear go bhfuil sé ag cuimhneamh go láidir ar rith don uachtaránacht ach cé nach bhfuil tús curtha aige le toghchánaíocht ar bith,  cuireadh cor coise i Joe Biden. 

Tá líomhaintí déanta go raibh iompar nach raibh cóiriúil ar bun aige i gcomhluadar ban. 

D’fhéadfadh sé seo a bheith ina bhuille feille do Biden, a raibh cáil na huaisleachta air i gcónaí. Tá léim bainte as an bpobal agus as Daonlathaigh de bharr a bhfuil ráite ag cúpla bean, agus an chontúirt ann do Biden go bhféadfadh tuilleadh drochscéalta a theacht chun cinn.

Mar pholaiteoir, is as múnla liobrálach na nDaonlathach i stáit ó thuaidh Mheiriceá é Joe Biden. Glactar leis go forleathan gur chruthaigh sé go maith ina Leasuachtarán le linn téarma Barack Obama mar Uachtarán.

Ina shaol pearsanta, chonaic sé a dhóthain féin den saol de bharr tragóidí ina theaghlach féin.  Bhásaigh a chéad bhean agus iníon leis i dtimpiste bhóthair agus bhásaigh mac leis, Beau Biden, de bharr na hailse cúpla bliain ó shin

Fear muirneach cineálta gealgháireach an cháil is mó atá ar Joe Biden.  Ach tá sé ráite faoi go mbíonn sé buille rómhuirneach ina bhealach scaití agus gur nós leis barróga a thabhairt do dhaoine as éadan agus daoine, mná go háirithe a chuimilt ar na guaillí agus iad a phógadh, fiú nuair is beag aithne a bhíonn aige orthu.   

In alt ag cosaint Biden go láidir maíonn an t-iriseoir agus foilsitheoir Éireannach  i Nua-Eabhrac, Niall O’Dowd, go mbeadh sé contráilte uilig go léir an branda a chur ar Biden go mbíonn sé mímhúinte agus míthuisceanach i gcomhluadar ban. Abraíonn O’Dowd go bhfuil bealach an tseanpholaiteora de mhianach na hÉireann ag baint le Biden:  “Tugann sé barróga d’fhir agus do mhná,” a deir Niall O’Dowd.

Ní mar sin a chonacthas an scéal do Lucy Flores, bean as Nevada a bhí san iomaíocht i dtoghchán stáit ansin.  Tháinig Joe Biden, a bhí ina Leasuachtarán san am, a chúnamh di. Thug sí scéalta do nuachtáin i Meiriceá le cúpla lá go raibh Biden ag smúrach ar a cuid gruaige agus gur phóg sé í ar chúl a cinn, gan cuireadh gan iarraidh. D’airigh sí an-mhíchompordach, a deir sí. 

Ní inniu ná inné a thosaigh an chaint faoi iompar Biden ag ócáidí poiblí agus ar an drochuair dósan, tá bailiúchán d’eachtraí éagsúla ar fáil ar fhístéip anois. Tá an bealach ar choinnigh sé a dhá lámh ar ghuaillí Stephanie Carter, bean chéile Ash Carter, a bhí á insealbhú mar Rúnaí Cosanta Mheiriceá, ar cheann de na himeachtaí is suntasaí.  Tá tuilleadh samplaí ann chomh maith. 

Tír í Meiriceá ina mbeannaíonn daoine dá chéile le teagmháil fhisiciúil níos coitianta ná mar is nós sa tír seo.  San am céanna, tá iompar Joe Biden mar Leasuachtarán aisteach go maith, fiú mura bhfuil fianaise ar bith ann go raibh aon dochar i gceist aige leis an teagmháil fhisiciúil sin a chleacht sé.

Beidh lucht tacaíochta Donald Trump sásta na hargóintí a bheidh ar bun a fhágáil idir na Daonlathaigh féin.  Beidh daoine eile i measc na nDaonlathach, atá ag faire ar an ainmniúchán, ag caitheadh spallaí agus ag cur ceisteanna faoi thréithe nó easpa cuibhis Biden. Creideann cuid acu go mbaineann meon agus dearcadh Joe Biden ar mhná le ré atá caite. 

Ar ndóigh, tarraingíonn an cineál sin cainte aird ar a aois, sé bliana déag agus trí scór atá sé. Tá an Seanadóir Elizabeth Warren as Massachusetts, atá sa rás d’ainmniúchán na nDaonlathach, tar éis a rá go bhfuil ábhar sa scéal faoi ‘easpa measa’ ar mhná Biden nach mór a fhiosrú agus a chíoradh.  Má chuireann an chuid eile d’iarrthóirí na n-iarrthóirí na nDaonlathach Biden as a bhuille, feilfidh sé sin do Donald Trump agus do na Poblachtánaigh.

Ar an taobh eile den scéal, má éiríonn le Biden a theacht as na deacrachtaí seo agus iarraidh a thabhairt faoin Teach Bán d’fhéadfadh malairt muráite a bheith i ndán do Marty Walsh, Méara Bhoston.

Ach mar is léir ón gcor atá bainte as Joe Biden, is iomaí cor agus casadh atá sa mbóthar achrannach chomh fada le toghchán na Samhna seo chugainn.

Fág freagra ar 'Cor coise curtha i Joe Biden ag líomhaintí faoi theagmháil gan iarraidh le mná'