Cor cinniúnach á thuar i scéal an Tuaiscirt agus na vótaí á gcomhaireamh

Mheas Oifig Toghcháin Thuaisceart Éireann gur vótáil thart ar 55.47% den bheagnach 1.4 milliún a bhí cláraithe chun vóta a chaitheamh

Cor cinniúnach á thuar i scéal an Tuaiscirt agus na vótaí á gcomhaireamh

Michelle O’Neill, Sinn Féin, bean a bhféadfadh an Chéad-Aireacht a bheith ina cinniúint, agus a vóta á chaitheamh aici i mBunscoil Naomh Pádraig i gCluain Eo

Beifear ag comhaireamh na vótaí ó mhaidin i dtoghchán Stormont a d’fhéadfadh athrú stairiúil a dhéanamh ar chothromaíocht na cumhachta sa Tuaisceart.

Ag 10pm aréir a dhún an 606 bothán vótála sa Tuaisceart agus 239 iarrthóir a bhí ag seasamh don 90 suíochán tionóil in 18 toghcheantar.

Mheas Oifig Toghcháin Thuaisceart Éireann gur vótáil thart ar 55.47% den bheagnach 1.4 milliún a bhí cláraithe chun vóta a chaitheamh. Figiúr sealadach a bhí ansin.

I mBéal Feirste Thiar is airde a bhí céatadán na ndaoine cláraithe a vótáil, 60.7%. In Aontroim Theas a bhí an céatadán is ísle, 47.15%.

64.8% de dhaoine a bhí cláraithe chun vóta a chaitheamh a rinne amhlaidh i dtoghchán Stormont in 2017 agus 54.9% a vótáil sa toghchán roimhe sin.

Chaith Michelle O’Neill, ceannaire Shinn Féin sa Tuaisceart agus bean a bhféadfadh an Chéad-Aireacht a bheith ina cinniúint, a vóta i mBunscoil Naomh Pádraig i gCluain Eo. I nDoire Cholm Cille a chaith ceannaire an SDLP, Colum Eastwood a vóta. Sa Droim Mór a chaith ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson a vóta agus i bPort an Dúnáin a chuir ceannaire an UUP, Doug Beattie a vóta sa mbosca vótála.

Ina thoghlach féin in Aontroim Thoir a chaith Jim Allister, ceannaire an TUV, a vóta agus i mBéal Feirste Thoir a chaith Naomi Long, ceannaire an Alliance, a vóta féin.

De réir na bpobalbhreitheanna ar fad le tamall bheadh Sinn Féin ar an bpáirtí is mó sa Tuaisceart i ndiaidh na vótála, cor cinniúnach i stair an stáit a bunaíodh chun go mbeadh móramh buan ag aontachtaithe.

Meastar go bhféadfadh gur toghchán stairiúil a bheadh ann chomh maith do pholaitíocht an láir agus borradh mór faoin bpáirtí Alliance.

De réir fhormhór na bpobalbhreitheanna beidh Alliance ar an tríú páirtí is mó i ndiaidh an toghcháin. B’ionann vóta mór don pháirtí agus díscaoileadh an tseanreachta faoinar vótáil daoine de réir na scoilte traidisiúnta idir ‘oráiste’ agus ‘glas’.

Dhiúltaigh an DUP a rá go dtí seo cé acu an mbeidís sásta filleadh ar an bhFeidhmeannas nó nach mbeadh sa chás go mbeadh tús áite ag Sinn Féin orthu.

Ní féidir an Feidhmeannas a athbhunú gan céad-aire agus leaschéad-aire.

Cúig shuíochán atá i ngach toghcheantar agus meastar go mbeidh troid go bun an angair don gcúigiú suíochán in go leor de na ceantair sin.

28 suíochán a bhí ag an DUP sa toghchán deireanach in 2017, ceann níos mó ná Sinn Féin ar éirigh leo 27 suíochán a ghnóthú.

Bhí 12 suíochán ag an SDLP, deich gcinn ag an UUP agus ocht gcinn ag Alliance. Bhí dhá shuíochán ag an gComhaontas Glas agus ceann an pháirtí ag Pobal Seachas Brabús agus TUV.

Fág freagra ar 'Cor cinniúnach á thuar i scéal an Tuaiscirt agus na vótaí á gcomhaireamh'