Cor á chur sna fíricí ag lucht ceardchumainn i dtaobh oscailt scoileanna, a deir Norma Foley

Bhí an Rialtas ag iarraidh go n-osclófaí na scoileanna amárach do dhaltaí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu, ach ní tharlóidh sin mar gur theip ar chainteanna leis na ceardchumainn 

Cor á chur sna fíricí ag lucht ceardchumainn i dtaobh oscailt scoileanna, a deir Norma Foley

Deir an tAire Oideachais Norma Foley go bhfuil cor an-mhór á chur sna fíricí ag lucht ceardchumainn a deir nár tugadh treoir do mhúinteoirí gan dul ag obair amárach.

Bhí an Rialtas ag iarraidh go n-osclófaí na scoileanna amárach do dhaltaí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu, ach ní tharlóidh sin mar gur chuir na ceardchumainn i gcoinne an phlean.

Dúirt John Boyle, Ard-Rúnaí Chumann Múinteoirí Éireann (INTO), gur “cinnte” nár thug a cheardchumann treoir do mhúinteoirí gan dul ar scoil amárach.

Deir Norma Foley go bhfuil sé soiléir sna ráitis atá eisithe ag an INTO agus Fórsa nach raibh siad sásta glacadh le comhairle lucht leighis ná leis na beartais a bhí molta i leith athoscailt na scoileanna do dhaltaí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu.

Dúirt an tAire ar Morning Ireland ar RTÉ gur údar mór aiféala é nár ghlac na ceardchumainn leis an gcomhairle faoin tsláinte phoiblí maidir le hoscailt na scoileanna amárach.

Dúirt sí gur thuig sí don imní a bhí ar mhúinteoirí ach go raibh oibrithe eile sa líne thosaigh amhail Gardaí, oibrithe ollmhargaí agus oibrithe otharcharranna ag dul ag obair.

Deir lucht na gceardchumann gur theip ar iarrachtaí an Rialtais agus oifigigh sláinte phoiblí iad a chur ar a suaimhneas go raibh sé sábháilte na scoileanna a oscailt do dhaltaí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu.

Dúirt Foley go raibh geallúint tugtha ag na ceardchumainn go dtacóidís le filleadh na múinteoirí ar na scoileanna dá mba í an chomhairle leighis go raibh sé sábháilte sin a dhéanamh agus gurb amhlaidh gur athraigh lucht na gceardchumann a n-intinn ag an nóiméad deireanach.

Deir an tAire Foley go ndearnadh gach iarracht dul i ngleic le húdair imní na gceardchumann maidir le sábháilteacht na scoileanna agus gur tairgeadh beartais bhreise dóibh i dtaca le fóirdheontais cúram leanaí, saoire thuismitheoireachta agus socrú do mhúinteoirí atá ag iompar clainne.

“Dobhréagnaithe” a bhí an chomhairle leighis, ar sí.

Deir na ceardchumainn agus an Roinn Oideachais go bhfuil siad ar fáil i gcomhair a thuilleadh cainteanna faoi shábháilteacht na scoileanna.

Dúirt ceannasaí an INTO John Boyle nach chun leasa aon duine é go mbeadh múinteoirí agus oifigigh oideachais ag cur an mhilleáin ar a chéile.

Dúirt Boyle go gcaithfeadh laghdú teacht ar líon na gcásanna den Covid-19 sula n-osclófaí na scoileanna agus go raibh beartais eile ag teastáil amhail córas tástála sna scoileanna.

Dúirt sé go raibh múinteoirí “ar bís” dul ar ais ar scoil.

Deir ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald gur mí-éifeacht an Rialtais is cúis leis an gconspóid agus gurb na daltaí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu atá thíos leis.

Dúirt ceannasaí oideachais Fórsa, Andy Pike, go raibh “an-fhaitíos agus an-imní” ar mhúinteoirí.

Deir an Rialtas gurb í comhairle lucht leighis go bhfuil scoileanna agus crècheanna sábháilte agus go dteastaíonn ón Roinn go n-osclódh gach scoil Lá Fhéile Bríde agus go reáchtálfaí scrúdú traidisiúnta na hArdteiste i mbliana.

Fág freagra ar 'Cor á chur sna fíricí ag lucht ceardchumainn i dtaobh oscailt scoileanna, a deir Norma Foley'