Converse compordach nua ar an margadh

Mar bhróga aclaíochta a samhlaíodh iad ar dtús, ach anois tá péire acu á ndíol gach 43 soicind in áit éigin ar fud an domhain

 

Screen Shot 2015-08-07 at 13.32.24

Má theastaigh cruthúnas uait faoin meas atá ag daoine ar fud na cruinne ar na bróga a dhíoltar faoin mbranda Converse, tá sin le feiceáil sna staitisticí – díoladh 800 milliún péire ar fud an domhain go dtí seo agus tá péire nua á cheannacht gach 43 soicind.

Tá dearadh nua clasaiceach seolta ar an margadh le gairid faoin teideal The Chuck Taylor All Star II agus fáil air i rogha de cheithre cinn de dhathanna – bán, dubh, dearg agus gorm. Tá rud amháin suntasach faoin dearadh is deireanaí seo go bhfuil leigheas faighte ar fhadhb amháin a bhíodh ag bróga Converse go leanúnach go dtí seo, is é sin nach mbíonn siad compórdach má bhíonn siad á gcaitheamh agat agus tú ag siúl ar feadh an lae. Tá líonáil nua curtha in iochtar na bróige agus teanga ‘neamhsciorrach’ anois iontu.

Buntáiste mór é le bróga Converse – atá ar fáil d’fhir agus do mhná –  gur féidir iad a chaitheamh le chuile chineál éadaigh; tugaim faoi deara go raibh go leor díobh siúd a cheapann go bhfuil siad chun cinn i gcúrsaí stile, blagadóirí faisin, mar shampla, á gcaitheamh le linn an tsamhraidh le gúnaí fada agus leathfhada.

Tá stair spéisiúla ag na bróga céanna. Cuireadh ar an margadh i Meiriceá iad den chéad uair sa mbliain 1917 agus iad dírithe ar an margadh spóirt, le caitheamh ag daoine a bheadh ag imirt cispheile, sacair nó líonpheile. Thug traenálaí cispheile darbh ainm Chuck Taylor suntas dóibh agus thosaigh sé féin á gcaitheamh. Níorbh fhada go raibh sé earcaithe ag an gcomhlacht Converse agus é i mbun obair margaíochta agus díolacháin dóibh. De bharr a ndearna sé i gcur chun cinn an bhranda i Meiriceá, beartaíodh tar éis tamaill – thart ar 1923 – ainm na mbróg a leasú agus ainm Chuck Taylor a cheangal díobh.

Is beag athrú atá curtha ar an stíl bhunúsach ón gcéad lá; bróga dubha amháin a bhí i gceist go dtí 1936 nuair a cuireadh rogha eile – bán – ar fáil. Ó shin i leith, leathnaíodh go mór an rogha dathanna agus bhí tráth ann go raibh 500 leagan difriúil de Chuck Taylors le fáil.

Faoi lár na gceathrachadaí, bhí Converse All Stars ar na bróga is mó tóir i Meiriceá do gach cineál spóirt agus aclaíochta. Roghnaigh fórsaí míleata Mheiriceá iad mar rogha bróga aclaíochta do shaighdiúirí na tíre sin agus mhéadaigh an cháil agus an tóir orthu.

As canbhás ardchaighdeáin a dhéantar bróga Converse anois agus tá an lógó aitheanta All Star bróidnithe ar an leagan nuadheartha High Top atá ar díol ar €73 agus Low Top ar €67. Deirtear go bhfuil an leagan nua níos compordaí ná riamh go háirithe ó tharla réiteach a bheith faighte ar cheist an mhíchompóird agus ar an teanga a bheith ag sciorradh síos isteach sa mbróga agus iad á gcaitheamh ar feadh píosa.

Is mór idir scéal Converse agus an 800 milliún péire atá díolta ar c.€70 an ceann in airgead an lae inniu, agus an rogha bróg ag Beyonce a bhfuil $312,000 caite aici le gairid ar aon phéire bróga amháin. Ó dhearthóirí House of Borgezie a hordaíodh iad agus 1,300 de dhiamaint bheaga iontu; beidh siad le caitheamh aici i bhfíseán nua ceoil.

Fág freagra ar 'Converse compordach nua ar an margadh'