Contúirt chiníoch ag baint le caint mhí-aireach

Tá dualgas ar pholaiteoirí aghaidh a thabhairt ar chaint mhífhreagrach nach leigheasfaidh fadhb ar bith ach daoine a ghríosú chun feirge

Contúirt chiníoch ag baint le caint mhí-aireach

Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Beidh rud as an ngnáth ag tarlú sa bhfothoghchán i Loch Garman – beidh iarrthóir ag seasamh ar son Fhine Gael ar cháin ceannaire an pháirtí faoi dhó a ndúirt sí faoi iarrthóirí tearmainn.

Bhí ráitis Verona Murphy “misinformed, ill-advised and wrong” a dúirt Leo Varadkar sa Dáil. Ghabh sí leath-leithscéal i dtosach (‘má chuir a ndúirt mé isteach ar dhuine ar bith…’) agus leithscéal gan choinníoll níos deireanaí tar éis di ‘cuairt’ a thabhairt ar ionad soláthar díreach i nDún Garbhán.

Tar éis d’iarrthóir an pháirtí i Loch Garman an dara leithscéal a eisiúint, foilsíodh agallamh léi sa Wexford People. Mhaígh sí, gan trácht ar fhianaise ar bith a thabharfadh tacaíocht dá maíomh, go raibh baint mhór ag an ngluaiseacht antoisceach ISIS le hinimircigh. Dúirt sí freisin go raibh páistí trí bliana d’aois á dtreorú ag ISIS. Nocht sí tuairimí eile a tharraing aird nár theastaigh ón bpáirtí: mar shampla, gur cosúil go raibh cur i bhfeidhm an dlí a bhaineann le tiomáint faoi thionchar an óil á dhíriú go háirithe ar Éireannaigh.

Ní foláir cuimhneamh ag an bpointe seo go bhfuil Verona Murphy ina huachtarán ar Chumann na nIompróirí Bóthair – eagraíocht a bhfuil spéis ar leith acu, shílfeá, i dtiomáint shábháilte.

Sa Dáil Dé Céadaoin, mheabhraigh urlabhraí dlí agus cirt Fhianna Fáil Jim O’Callaghan do stiúrthóir toghcháin Fhine Gael Charlie Flanagan go ndéanann duine ar bith a spreagann fuath nó a dhéanann bagairt ar ghrúpa coir de réir dlí. B’éigean don aire a rá nach raibh baint ná páirt aige féin le ráitis an iarrthóra a d’ainmnigh a pháirtí i Loch Garman.

Tá dochar déanta d’fheachtas toghcháin Verona Murphy mar sin mar gheall ar a bhfuil ráite fúithi ag comhaltaí sinsearacha ina páirtí féin. Ní foláir áfach tagairt do dhifríocht shuntasach amháin idir a bhfuil ráite aici agus an chaint chonspóideach eile atá á plé le seachtain.

Ghabh Verona Murphy leithscéal, fiú más léir do chách a chúis. Níl leithscéal ar bith gafa ag Noel Grealish ó chuir sé ceist ar an Taoiseach an tseachtain seo caite, ceist a bí bunaithe ar mhíchruinneas. Go deimhin, níl focal ráite aige chun cur leis an méid a dúirt sé ná baint de.

Tá an Teachta Dála ó Ghaillimh Thiar ina thost i gcónaí. Níl fiú míniú tugtha aige ar an bhfáth nár thagair sé in aon chor agus an Taoiseach á cheistiú sa Dáil aige den fhaisnéis a fuair sé ar cheist Dála a chuir Grealish féin air an mhí seo caite. Ní €3.45 billiún in imeacht ocht mbliana a chuir inimircigh ón Nigéir atá ina gcónaí sa tír seo abhaile (de réir gharbhmheastacháin an Bhainc Dhomhanda) ach thart ar €17m, de réir fhigiúirí a chuir an Phríomh-Oifig Staidrimh ar fáil dó. Mar a dúradh leis sa bhfreagra scríofa a chuir an tAire Stáit Seán Kyne chuige thar ceann an Taoisigh.

Tá ceisteanna fiúntacha le plé maidir le soláthar áiteanna cónaithe agus seirbhísí eile d’iarrthóirí tearmainn. Ní cóir gach duine a tharraingíonn ceisteanna agus cúiseanna imní a náiriú. Ní cóir ach oiread, áfach, gan aird a thabhairt ar an díobháil a dhéanann ráitis pholaitiúla atá mífhreagrach, falsa, nó leathfhírinneach.

Mhol ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin go bpléifeadh na ceannairí polaitiúla agus na neamhspleáigh comhthuiscint faoin dóigh ar chóir cúrsaí inimirce a phlé agus faoin gcineál cainte ba chóir a sheachaint. Tháinig moladh spéisiúil ó David Farrell, ollamh le polaitíocht i gColáiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath, a dúirt go bhféadfaí tionól saoránach a reáchtáil leis an ábhar a phlé go staidéartha stuama.

Ní dheimhneoidh comhthuiscint ná tionól ar bith nach mbainfidh polaiteoirí áirithe agus corrdhuine leas as ciníochas chun daoine a ghríosú chun feirge. Ach tá dualgas ar pholaiteoirí eile aghaidh a thabhairt ar chaint mhífhreagrach nach leigheasfaidh fadhb ar bith.

Fág freagra ar 'Contúirt chiníoch ag baint le caint mhí-aireach'