Contaetha Gaeltachta ag tabhairt aghaidh ar a chéile san Uaimh agus i Leitir Ceanainn agus Ciarraí ag dul chuig Tír Eoghain

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar na cluichí móra i Roinn 1 na sraithe peile tráthnóna

Contaetha Gaeltachta ag tabhairt aghaidh ar a chéile san Uaimh agus i Leitir Ceanainn agus Ciarraí ag dul chuig Tír Eoghain

An Mhí agus Maigh Eo ag imirt i gcoinne a chéile in 2019. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

An Mhí v Maigh Eo – Páirc Tailteann

2.00pm (Beo ar Youtube Spórt TG4)

Níl muid againn ach babhta 3 den tsraith ach má chailleann An Mhí in aghaidh Mhaigh Eo i bPáirc Tailteann tráthnóna, tá gach seans go mbeidh a rás rite ag foireann Andy McEntee i Roinn 1. Níl ach cluiche amháin eile fágtha acu sa bhaile, in aghaidh na Gaillimhe ag tús mhí Márta. Caithfidh peileadóirí na Mí dul go Staid an Ghearaltaigh i gCill Airne agus go Páirc an Chrócaigh don chéad dá bhabhta eile

Farasbarr deich bpointe a bhí ag Dún na nGall ar chontae na Mí an tseachtain seo caite ach ba cheart go mbeadh na Laighnigh i bhfad níos fearr sa gcluiche sin. Bhí siad trí phointe chun tosaigh tar éis 25 nóiméad ach chliseadar nuair a d’aimsigh Dún na nGall an chéad chúl.

Tabharfaidh sé beagáinín misnigh dóibh nach bhfuil ag éirí rómhaith le Maigh Eo faoi láthair ach an oiread. Bhí an t-ádh orthu comhscór a fháil in aghaidh Dhún na nGall sa chéad bhabhta agus bhí Áth Cliath róláidir dóibh i gCaisleán an Bharraigh Dé Sathairn seo caite.

Lena gceart a thabhairt d’fhir Mhaigh Eo, bhí siad faoi mhíbhuntáiste ó cuireadh Jordan Flynn den pháirc agus gan ach ceathrú uaire imeartha. Tá cuid mhaith imreoirí fós ar iarraidh ar James Horan ach ní go ródhona a chruthaigh na fir nua atá tagtha isteach agus beidh súil ag an mbainisteoir go mbuafaidh Maigh Eo a gcéad chluiche i mbliana san Uaimh inniu.

Rogha Tuairisc.ie: Maigh Eo

Damien Comer ag imirt do Ghaillimh i gcoinne Dhún na nGall in 2018. Pictiúr: INPHO/Evan Logan

Dún na nGall v Gaillimh – Páirc Uí Dhomhnaill

2.00pm (Iarbheo ar TG4)

Tar éis dóibh an cluiche in aghaidh Mhaigh Eo a chaitheamh uathu, beidh imreoirí Dhún na nGall sásta go maith gur éirigh leo an beart a dhéanamh in aghaidh na Mí an deireadh seachtaine seo caite. Thóg sé tamaillín ar na Conallaigh ceannas a fháil ar an gcoimhlint i bPáirc Tailteann ach chomh luath agus a d’aimsigh fear Ghaoth Dobhair, Odhrán McFadden-Ferry, an chéad chúl do Dhún na nGall, bhí an báire leo.

Tar éis a raibh de stró orthu ag iarraidh sárthosaithe Chiarraí a shárú an tseachtain seo caite, beidh cosantóirí na Gaillimhe sásta nach mbeidh Paddy McBrearty réidh le filleadh ar fhoireann Dhún na nGall inniu ach caithfidh siad bheith ar a n-airdeall mar sin féin. Bhí Jamie Brennan ar fheabhas arís do Dhún na nGall an deireadh seachtaine seo caite agus ba iad Michael Murphy agus Michael Langan a d’aimsigh na cúil eile d’fhoireann Declan Bonner i gcoinne na Mí.

Beidh díomá ar Phádraic Joyce nár éirigh lena fhoireann an comhscór féin a fháil i mbabhta 2 i gcoinne Chiarraí i dTrá Lí. Bhí ag éirí go maith le Gaillimh go dtí gur taispeánadh cárta dubh do Cillian McDaid i dtreo dheireadh na himeartha agus lig siad do Chiarraí 1-1 a scóráil in am cúitimh.

Thug sé ardú meanman do lucht tacaíochta na Gaillimhe Shane Walsh agus Damien Comer a fheiceáil i mbarr a maitheasa agus bhí an-chluiche ag Éamonn Brannigan in aghaidh Chiarraí chomh maith.

Thabharfadh sé spreagadh iontach dóibh dá mbeadh Gaillimh in ann cluiche an lae inniu a bhuachan, ach is maith is eol dóibh gur deacair na Conallaigh a shárú agus iad ag imirt sa bhaile.

Rogha Tuairisc.ie: Dún na nGall

Jason Foley (Ciarraí) agus Cathal McShane (Tír Eoghain) i bPáirc an Chrócaigh anuraidh. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Tír Eoghain v Ciarraí – Páirc Uí hÉilí

2.00pm (Beo ar TG4)

Bhí dea-scéal ag Tír Eoghain i rith na seachtaine nuair a d’fhógair an sárthosach Cathal McShane nach bhfuil faoi conradh a shíniú san AFL agus gurb í an pheil Ghaelach a bheidh á himirt aige an séasúr seo. Níl an lántosach ach díreach ar ais ag traenáil le foireann Mickey Harte tar éis dó seal a chaitheamh san Astráil agus, dá bharr sin, b’fhéidir nach mbeadh tionchar chomh mór sin aige ar chluiche an lae inniu.

Is trua sin mar rinne McShane scrios nuair a chas na foirne seo ar a chéile i gcluiche leathcheannais na hÉireann anuraidh. Murach é, bheadh Tír Eoghain buailte go héasca ag Ciarraí.

Tá spreagadh breise ag teastáil ó Thír Eoghain. Tar éis dóibh an Mhí a bhualadh sa chéad bhabhta, chaill siad cluiche tábhachtach in aghaidh Mhuineacháin an deireadh seachtaine seo caite agus gan dabht, beidh imní ar na himreoirí gur ísliú céime a bheidh i ndán dóibh.

Ní bhfaighidh siad mórán éasca tráthnóna ach an oiread agus Ciarraí ag teacht aníos go dtí an Ómaigh. Ní raibh Ciarraí gan locht in aghaidh na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo caite ach tá tosaithe den chéad scoth acu agus is mairg nach dtabharfadh seans dóibh.

Bí cinnte go bhfaca muintir Thír Eoghain na deiseanna ar chúil a chruthaigh Gaillimh i gcoinne na Ríochta. Dá n-éireodh leo féin péire nó trí cinn de chúil a aimsiú, bheadh an-seans acu ach is é is dóichí go mbeidh tosaithe Chiarraí rómhaith dóibh.

Rogha Tuairisc.ie: Ciarraí

Fág freagra ar 'Contaetha Gaeltachta ag tabhairt aghaidh ar a chéile san Uaimh agus i Leitir Ceanainn agus Ciarraí ag dul chuig Tír Eoghain'