Conspóid talún ‘thart’ a mhaíonn McGinley

Rinne an tIar-Aire Stáit Gaeltachta Dinny McGinley idirghabháil in easaontas faoi phaiste talún ina dháilcheantar

18/9/2013. Dail Back From Holidays
Iar-Aire na Gaeltachta, Dinny McGinley. Pictiúr: Photocall Ireland

Dúirt an tIar-Aire Stáit Gaeltachta Dinny McGinley le Tuairisc.ie go bhfuil an chonspóid faoi idirghabháil a rinne sé in easaontas faoi phaiste talún “thart” agus nach bhfuil sé chun a thuilleadh a rá faoin scéal.

Tuairiscíodh ar an Irish Independent inné go ndearna an tIar-Aire stocaireacht ar son ball gníomhach d’Fhine Gael ar Phríomhfheidhmeannach na Suirbhéireachta Ordnáis Éireann mar gheall ar leadhb talún trí mhéadar ar leithead ar an Fhal Carrach.

Tuairiscíodh go ndeachaigh an Teachta Dála, a bhí ina Aire Gaeltachta ag an am, a fhad le ceannáras Suirbhéireacht Ordnáis Éireann in éineacht lena thiománaí Joe Doohan agus Séamus Duggan.

Bhí iníon Duggan, fear a oibríonn mar fheachtasóir d’Fhine Gael aimsir toghcháín, sáinnithe in aighneas dlí le comharsana faoi phaiste talún gar dá teach nuathógtha.

Tuairiscíodh chomh maith nár éirigh McGinley as a bheith ag stocaireacht faoin gcás nuair a chaill an Teachta Dála a Aireacht i mí Iúil agus dúradh gur chuir sé brú ar oifigigh san Údarás Clárúcháin Maoine tacú le Duggan san aighneas.

“Níl rud ar bith le rá agam ach a bhfuil luaite sa nuachtán eile,” a dúirt Dinny McGinley TD (FG) nuair a d’fhiafraigh Tuairisc.ie de faoin méid a nochtadh san Irish Independent inné.

“Is idir mé féin agus an duine i mo dháilcheantar atá an cheist seo. Seo rud a tharla cúpla mí ó shin agus tá sé thart,” a dúirt an Teachta Dála as Dún na nGall.

I mí an Mheithimh seo caite tháinig beirt ionadaithe ó Shuirbhéireacht Ordnáis Éireann ar cuairt ag an láthair lena mbaineann an t-aighneas agus ba trí lá ina dhiaidh sin a thug an tIar-Aire, a thiománaí agus Séamus Duggan a gcuairt ar cheannáras na Suirbhéireachta i bPáirc an Fhionnuisce.

Ag an gcruinniú sin, ag a raibh Príomhfheidhmeannach SOE i láthair, thathain an tAire ar na hoifigigh aitheantas a thabhairt do chlaí agus do charn a tógadh mar theorainn idir an dá phaiste talún.

Thug an sceithire sa státseirbhís a labhair leis an Irish Independent le fios go ndúirt na hoifigigh leis an Aire nach bhféadfaidís ná nach ndéanfaidís aon idirghabháil in aon aighneas a bhain le teorainn talún.

Dúirt an sceithire go raibh sé “bizarre” go dtiocfadh Aire go dtí ceannáras eagraíocht stáit i dteannta duine óna dháilcheantar chun cás a bhain le leadhb talún trí mhéadar ar leithead a phlé.

Thóg iníon Seamus Duggan, Lorraine, teach nua le gairid agus maíonn sí gur léi leadhb talún taobh leis, ach maíonn a comharsa, Fionán Byrne, gur thóg a sheanathair claí ar thalamh a mhuintire féin roimh 1905, rud a fhágann, dar leis, gur lena chlannsan an píosa talún.

Dúirt Fionán Byrne gur bhraith sé gur “lig” a Theachta Dála “síos é” agus dúirt sé “nár cheart dó [McGinley] a ladar a chur i scéal a bhain le comharsana.