Conspóid na bpáipéar samplach Gaeilge don tSraith Shóisearach ar chlár oibre an Aire inniu

An tAire Oideachais ar an eolas faoi na ‘deacrachtaí’ agus an ‘chonspóid’ faoi na páipéir shamplacha

Conspóid na bpáipéar samplach Gaeilge don tSraith Shóisearach ar chlár oibre an Aire inniu

Joe McHugh. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Pléifidh an tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh agus oifigigh a Roinne inniu an imní atá léirithe le roinnt seachtainí anuas ag múinteoirí Gaeilge faoi na páipéir scrúdaithe shamplacha don tSraith Shóisearach a d’eisigh Coimisiún na Scrúduithe Stáit le gairid.

Dheimhnigh an tAire sa Dáil le linn na seachtaine go raibh sé ar an eolas faoi na “deacrachtaí” agus an  “chonspóid” a bhí luaite sa díospóireacht a bhí ag múinteoirí faoi na páipéir shamplacha.

Tá gearáin déanta ag múinteoirí go raibh na páipéir shamplacha ródheacair, róchasta agus rófhada do dhaltaí agus go leagtar béim i bhfad rómhór ann ar an litríocht seachas ar an gcumarsáid. Tá aird tarraingthe ar an gcás ag dhá ghrúpa – an grúpa Facebook ‘Múinteoirí Gaeilge’ agus an eagraíocht do mhúinteoirí Gaeilge ar a dtugtar ‘An Gréasán’.

Dúirt an tAire McHugh go raibh forbairt an churaclaim nua bunaithe ar thaighde agus go raibh comhairliúchán leathan déanta le lucht oideachais, múinteoirí agus daltaí. Dúirt an tAire freisin go raibh deiseanna á gcur ar fáil go leanúnach do mhúinteoirí i dtaca le forbairt ghairmiúil.

Dúirt an Teachta Dála Thomas Byrne, urlabhraí oideachais Fhianna Fáil leis an Aire go raibh múinteoirí Gaeilge ar fud na tíre “ar buile” maidir leis na scrúduithe a bhí beartaithe agus go raibh sé féin “báite i ngearáin ó mhúinteoirí”. Dúirt sé nach raibh na páipéir shamplacha ag teacht ar chor ar bith le taithí laethúil na ndaltaí scoile agus go raibh múinteoirí “buartha” go gcuirfí as d’fhoghlaim na Gaeilge nuair nach bhfuil scrúdú cainte le cur ar dhaltaí.

Dúirt an tAire Oideachais mar fhreagra ar an imní sin go mbeadh cumas labhartha Gaeilge na ndaltaí á mheas go leanúnach sa seomra ranga mar chuid den chur chuige nua.

Gheall an tAire an t-ábhar a phlé lena chuid oifigeach inniu féachaint céard is féidir a dhéanamh sa tréimhse ama atá ar fáil [roimh na scrúduithe.

Cuireadh páipéar samplach nua a dhréachtaigh grúpa múinteoirí Gaeilge faoi bhráid Choimisiún na Scrúduithe Stáit mar shampla den chineál scrúdú Gaeilge a bheadh múinteoirí Gaeilge ag súil leis don tSraith Shóisearach. Mhaígh na múinteoirí go bhfuil an páipéar nua, atá níos gonta agus níos simplí, in oiriúint mar is ceart don aoisghrúpa atá i gceist.

Cé gur cheistigh Tuairisc.ie Coimisiún na Scrúduithe Stáit faoi pháipéar samplach na múinteoirí ní dhearna an Coimisiún aon tagairt don pháipéar sin i ráiteas uathu. Dúradh ina áit sin go ndeachaigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnaithe i gcomhar le hiliomad grúpaí, ina measc múinteoirí Gaeilge, lucht bainistíochta na scoileanna, cumainn tuismitheoir, COGG agus dreamanna eile.

Fág freagra ar 'Conspóid na bpáipéar samplach Gaeilge don tSraith Shóisearach ar chlár oibre an Aire inniu'