Conspóid faoina laghad Gaeilge ar bhileoga iarrthóirí uachtaránachta a dáileadh sa Ghaeltacht

Is beag Gaeilge má tá aon rian in aon chor di atá ar bhileoga toghchánaíochta atá scaipthe ag iarrthóirí i dtoghchán ar phobal na Gaeltachta

Conspóid faoina laghad Gaeilge ar bhileoga iarrthóirí uachtaránachta a dáileadh sa Ghaeltacht

Tá conspóid tarraingthe ag a laghad Gaeilge atá ar bhileoga a scaip iarrthóirí i dtoghchán na huachtaránachta ar phobal na Gaeltachta.

Líne amháin i nGaeilge atá le feiceáil ar bhileog an iarrthóra Liadh Ní Riada, an chéad iarrthóir ar an uachtaránacht as an Ghaeltacht, agus líne amháin Ghaeilge freisin atá ar bhileoga an an fhir ghnó Sean Gallagher.

Ní raibh oiread agus focal Gaeilge ar bhileoga an tSeanadóra Joan Freeman. Níor éirigh le Tuairisc.ie teacht go fóill ar aon samplaí de bhileoga a scaipeadh sa Ghaeltacht ó fheachtas Mhicheál D Ó hUigínn, Gavin Duffy ná Peter Casey, más ann dá leithéid de bhileoga.

Ag tús na seachtaine, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Seán Ó Coinn gur chúis díomá gur seoladh ábhar i mBéarla amháin chuig daoine sa Ghaeltacht.

Agus é faoi agallamh ag Nuacht TG4, dúirt Ó Coinn go raibh sé “díomách go mbeadh ábhar ag dul amach chuig pobal na Gaeltachta nach bhfuil i nGaeilge” agus go raibh an Foras ag iarraidh a chur in iúl do na hiarrthóirí uachtaránachta “go raibh pobal sa tír seo go fóill arb í an Ghaeilge a gcéad teanga”. 

Ghabh Joan Freeman a leithscéal as bileoga a scaipeadh i mBéarla amháin ar mhuintir na Gaeltachta. Dúirt sí nach d’aon turas a scaipeadh na bileoga Béarla ar phobal na Gaeltachta agus go raibh “fíor-bhrón” uirthi faoin scéal.

“I love the Irish Language and if I have offended anybody in the Gaeltacht area, I’m really, really genuinely and sincerely sorry,” a dúirt sí.

‘Ag díriú ar ár láidreachtaí, tá mo fhís d’Éirinn bunaithe ar thrí chroíphrionsabal: meas, freagracht agus pobal’ an t-aon abairt i nGaeilge atá le léamh ar bhileog an fhir ghnó Seán Gallagher.

‘Tá mé ag iarraidh ort vótáil ar son Liadh Ní Riada mar uachtarán nua d’Éirinn nua’ an t-aon líne i nGaeilge atá le léamh ar bhileog an iarrthóra de chuid Shinn Féin agus an abairt sin luaite le ceannaire an pháirtí, Mary Lou McDonald.

Agus í faoi agallamh ag Gormfhlaith Ní Thuairisg ar an chlár Adhmhaidin ar Raidió na Gaeltachta inné, ceistíodh Ní Riada faoina laghad Gaeilge atá ar a bileoga toghchánaíochta.

Shéan Ní Riada gur fhág a laghad Gaeilge a bhí aici ar a bileoga go raibh sí “chomh Gaelach agus atá Sean Gallagher”.

Dúirt an Feisire Eorpach as Múscraí go raibh sí “an-láidir ó thaobh na Gaelainne de thall san Eoraip”, go raibh an teanga i lár a feachtais agus nach dóigh léi go gcreidfeadh “aon duine nach bhfuil sí i bhfabhar na Gaelainne”.

Mhaígh sí go raibh sé an-deacair idirdhealú a dhéanamh idir ceantair Ghaeltachta agus ceantair eile agus post á sheachadadh agus nach raibh “smacht” aici ar gach gné dá feachtas. Chinntigh sí go raibh ar laghad “focal Gaeilge amháin agus aitheantas tugtha don Ghaeilge” ar gach bileog agus póstaer a bhain lena feachtas, a dúirt sí.

“Ní dóigh liom go bhfuil sé féaráilte a rá go bhfuil mé ar nós an chuid eile acu nach bhfuil ag úsáid na Gaelainne in aon slí,” a dúirt Ní Riada.

Fág freagra ar 'Conspóid faoina laghad Gaeilge ar bhileoga iarrthóirí uachtaránachta a dáileadh sa Ghaeltacht'

  • Bart

    Níl an méid sin ó Ní Riada inghlactha ar chor ar bith. Tá faitíos uirthi go bhfaighidh daoine sa Ghaeltacht (nach dtuigeann Gaeilge!) bileog i dteanga na háite sin? Rud a chiallódh nach dtabharfaidís vóta di, an ea? An amhlaidh a cheapann sí go mbeidís ‘crosta’ léi dá dheasca? An í sin an tuairim atá aici i ndáiríre den Ghaeilge in ainneoin a mbíonn ar siúl aici thall san Eoraip?

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Díomá mór orm le billeog ar son Liadh Ní Riada a tháinig inné agus gur i mBéarla amháin atá na teachtaireachtaí ó Liadh chun tosaigh agus ar chúl, le teachtaireacht ó Mary Lou Mc Donald i nGaeilge.

    Glacaim leis go bhfuil sé ‘an-deacair idirdhealú a dhéanamh idir ceantair Ghaeltachta agus ceantair eile’ agus is deacrachtaí ar cheart a shárú, le aitheantas a thabhairt agus meas a léiriú ar phobal labhartha na Gaeilge sa mhéidín beag den tír ina bhfuil an Ghaeilge fós in uachtar.
    Glacaim leis nach gá go raibh láimh ag Liadh i leagan amach an bhilleog ach is ar a son a eisíodh é faoi ainm Pearse Doherty.

    Mura raibh Sinn Féin in ann billeog faoi leith a dhéanamh i nGaeilge, d’fhéadfaidís billeog a eisiúnt don stát ar fad, sa dá theanga oifigiúil. Cén deacracht a bheadh ag baint le sin? Nach dtabharfadh sin aitheantas do lucht labhartha na Gaeilge ar fud na tíre?

    Creideann Liadh Ní Riada, mar a chreideann go leor eile, go mba cheart go mbeadh cearta iomlán a bheith ag an nGaeilge san Aontas Eorpach agus go mba cheart na milliúin euro a chur amú, chomh maith le talann daoine cumasacha, ag aistriú doiciméidí go Gaeilge nach léifear, le go mbeidh comhionnanas ag an nGaeilge le Fraincis, Gearmáinis agus eile san AE. Ach is léir nach gcreideann a páirtí go mba cheart comhionannas a bheith ag an nGaeilge leis an mBéarla sa tír seo, fiú amháin sa chuid bheag den Ghaeltacht ina labhartar Gaeilge!

  • Concubhar Ó Liatháin

    Cinnte b’fhearr liom go mbeadh níos mó Gaeilge ar bhileoga na n-iarrthóirí ach ní thuigimse an fócas is an tromaíocht faoi bhileog Liadh Ní Riada mar gheall ar seo nuair is í is mó atá ag úsáid na Gaeilge san fheachtas seo. Gach uair a labhraíonn sí, labhraíonn sí Gaeilge.
    Comhartha aisteach a sheolann pobal na Gaeilge is na Gaeltachta nuair atáimíd inár dtost nuair a chinneann Nuacht TG4@RTÉ gan diospóireacht a reachtáil mar gheall ar easpa Gaeilge iarrthóirí áirithe, cinneadh a dheineann leatrom ar an mbeirt le Gaeilge líofa. Tugann an cinneadh náireach seo ag buntáiste nach bhfuil cothrom dóibh san gan Gaeilge. Is tabhachtaí an cheist seo i bhfad ná ceist na mbileoga.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tá billeog Micheal D. tagaithe. Béarla ar fad beagnach. ‘A President for us all’ chun tosach. Ar chúl tá ‘Míle Buíochas’ agus an abairt seo: “When I became President I pledged to dedicate heart and mind to the Irish people – “mo lándhícheall a dhéanamh ar son leasa is fónaimh mhuintir na hÉireann.” Is i mBéarla ar fad atá an chuid eile dhó. Ní dóigh liom gur leor é sin. Mura bhfuil feachtas Michael D. in ann billeog i nGaeilge a chur ar fáil dona pobail a usáideann Gaeilge sa ghnáth shaol, sa gcuid bheag den Ghaeltacht ata fanta, bheinn ag súil go mbeadh billeog dhá theangach á scaipeadh ar fud an stáit- Gaeilge ar thaobh amháin, Béarla ar an taobh eile.

    Níl aon spéis agamsa i gcearta teanga san AE ná dhátheangachas ar rabhadh sláinte ar channa beorach nó ar lipéadaí cogaisí leighis, ach bheinn ag súil le níos mó aitheantais don Ghaeilge sa Ghaeltacht, ar a laghad, ó aon duine a bheadh ar iarraidh a bheith ina Uachtarán ‘for us all’, mar a deireann Michael D.

    Ní bheidh mé ag vótáil do aon iarrthóir nach féidir leo billeog i nGaeilge nó billeog dhátheangach ar a laghad a chur ar fáil dom.

  • Mairéad

    Tá Sinn Féinn an-lag i gConamara ó thug Sinn Féin na Gaillimhe bata agus bóthar don iarsheanadóir Trevor Ó Clochartiagh. Níl Sinn Féin ag déanamh cinnte de níos mó go mbeidh na billeogaí a scaipeann siad sa nGaeltacht sa dá theanga.
    Mar sin fhéin, botún réasúnta beag é seo i gcomparáid leis an tacaíocht a thug Seán Kyne agus a thug Cuív Éamonn Ó don Bhille Alcóil a chuirfidh cosc ar an nGaeilge a úsáid sna rabhaidh sláinte ar deochanna alcóil feasta. Freisin níor sheol Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins an Bille Alcóil ar aghaidh chun na Cúirte Uachtaraí rud a d’fhéadfadh sé a dhéanamh gan leithscéal ar bith a thabhairt.

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Níl aon fáth go mbeadh bileoga i mBéarla aici. Dar liom féin nach bhfuil ann ina lucht tacaíochta ach daoine ar mhaith leo an Ghaeilge a chur chun cinn.

  • Bart

    Leithscéalta leisciúla leibideacha gach uair a dhéantar faillí sa teanga leochaileach seo againn. An bhileog a bheith dátheangach, taobh amháin i nGaeilge agus an taobh eile i mBéarla. Gan í a mhaslú le ‘Focal Gaeilge amháin ar gach bileog” mar a mhaíonn Ní Riada! Mo náire shaolta í. Cén mhaith di bheith ag píopaireacht ‘ar son na teanga’ san Eoraip agus leithcheal a dhéanamh ar ár gcearta teangan sa Ghaeltacht? Ráiméis, béal bán agus cur i gcéill. Ní thabharfadsa aon vóta di ná dá cineál.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Is mar go bhfuil Liadh luaite go sonrach leis an nGaeilge atá díomá orm leis an billeog a eisíodh ar a son le scaipeadh i gceantar Gaeltachta ina labhartar Gaeilge. Ní tromaíocht é sin.

    Tá díomá orm chomh maith le Sinn Féin, a shíl mé a bheith níos tuisceannaí ná seo.\

    Ach tada é sin leis an díomá atá orm le Michael D.

  • Pól Ó Braoin

    Tugadh léiriú den scoth dúinn ar thábhacht na Gaeilge le linn dhíospóireacht Pat Kenny. Ní maith an scéal é nach bhfuil ann ach na daoine sin amháin mar rogha againn ar lá an toghcháin. Faraor géar ach tá Michael D. ar a bhealach ar ais thar thairseach an Árais…