Conspóid faoi ráiteas polaiteora in Albain a thug ‘Gaelic Gestapo’ ar Bhord na Gaeilge

Thug idir chainteoirí Gàidhlig, pholaiteoirí, agus thráchtairí le fios gur chuir ráiteas George Alexander déistin orthu

Conspóid faoi ráiteas polaiteora in Albain a thug ‘Gaelic Gestapo’ ar Bhord na Gaeilge

Tá ráiteas polaiteora in Albain faoi Bhòrd na Gàidhlig ag tarraingt go leor conspóide ar na meáin shóisialta. Chuir idir chainteoirí Gàidhlig, pholaiteoirí, agus thráchtairí in iúl go raibh déistin orthu faoi ráiteas George Alexander a thug ‘Gaelic Gestapo’ ar an eagras teanga.

Bhí an comhairleoir neamhspleách, atá ar Chomhairle Mhoireibh in oirthuaisceart na hAlban, ag tagairt don chinneadh a rinneadh ag cruinniú den chomhairle le deireanas £40,000 a chur ar leataobh don Ghàidhlig.

Dúirt Alexander, iondaí don cheantar Farrais, gur ‘Gaelic Gestapo’ atá i mBòrd na Gàidhlig, an eagraíocht stáit atá freagrach as cur chun cinn an teanga in Albain, agus mhaígh sé gur cur amú airgid a bheadh ann an plean teanga a d’iarr an Bòrd ar Chomhailre Mhoireibh a réiteach.

Dúirt Pete Wishart, Feisire Parlaiminte de chuid an SNP, go raibh caint an chomhairleora “déistineach”.

Sheol an tráchtaire David Leask, duine de phríomhiriseoirí The Scottish Herald sraith giolcacha inné inar cháin sé ráiteas an chomhairleora agus cinneadh an nuachtáin The Scottish Press and Journal an ráiteas a chur ar a leathanach tosaigh.

Cháin duine de mhórghníomhairí teanga na hAlban, Aonghas Phádraig (Campbell) an chomparáid a rinne Alexander idir cainteoirí Gàidhlig in Albain agus póilíní an Tríú Reich.

D’iarr Bòrd na Gàidhlig ar Chomhairle Mhoireibh plean teanga a chur le chéile faoi mar a leagtar amach in Acht na Gàidhlig 2005.

Dúirt Alexander, go gcuirfeadh comharthaíocht dhátheangach, Gàidhlig agus Béarla, “creatha fuachta air” agus gurb ionann infheistíocht sa Ghàidhlig agus “airgead a chaitheamh i bpoll dubh”. Mhaígh sé nach raibh £40,000 ag an gcomhairle le caitheamh ar an nGaeilge agus go raibh an costas “seafóideach”.

“Tá scáth orm airgead a chaitheamh toisc go ndúirt Bòrd na Gàidhlig orainn é a dhéanamh. Tá siad á n-iompar féin mar a bheadh Gaelic Gestapo ann.

“Cuireann sé ceatha fuachta orm a chuimhneamh go mbeadh comharthaí bóthair ann a mbeadh Gàidhlig ann ar dtús agus ansin Béarla. Chuirfeadh sé sin mearbhall ar dhaoine,” a dúirt sé.

Dúirt sé go raibh scéal na Gàidhlig in Albain “tragóideach” ach nach raibh aon “dul siar air”.

Agus an rún go gcuirfí an t-airgead ar fáil don phlean teanga á phlé ag an gcruinniú comhairle dúirt sé go mba cheart an plean a chur ar an méar fhada “go dtí go dtiocfaidh an sirriam nó an báille, nó cibé cén duine a sheolfaidh siad i mo dhiaidh, faoi[na] dhéin”.

D’éirigh leis an rún in ainneoin gur chuir Alexander agus roinnt comhairleoirí ina choinne go láidir agus ceadaíodh an £40,000 do chur chun cinn na Gàidhlig i Moireibh.

Dúirt Pete Wishart, Feisire Parlaiminte de chuid an SNP, go raibh caint an chomhairleora “déistineach”.

Sheol an tráchtaire David Leask, duine de phríomhiriseoirí The Scottish Herald sraith giolcacha inné inar cháin sé ráiteas an chomhairleora agus cinneadh an nuachtáin The Scottish Press and Journal an ráiteas a chur ar a leathanach tosaigh.

Cháin duine de mhórghníomhairí teanga na hAlban, Aonghas Phádraig (Campbell) an chomparáid a rinne Alexander idir cainteoirí Gàidhlig in Albain agus póilíní an Tríú Reich.

Chuir Príomhfheidhmeannach Bòrd na Gàidhlig Shone MacLennan fáilte roimh an gcinneadh an t-airgead a chur ar fáil agus dúirt go raibh “ról tábhachtach” ag muintir Mhoireibh i gcaomhnú na teanga.

“Táimid ag súil le hobair dhearfach a dhéanamh le Comhairle Mhoireibh agus an Plean Gàidhlig á chur i bhfeidhm acu. Tá ról tábhachtach ag an nGàidhlig ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta, sóisialta agus cultúir de ar fud na hAlban.

Dúirt Cathaoirleach na Comhairle go mba mhaith leis go gcuirfí maoiniú ar fáil freisin don chanúint Dorais, canúint de chuid na hAlbainise, a labhraítear in Albain, freisin.

Fág freagra ar 'Conspóid faoi ráiteas polaiteora in Albain a thug ‘Gaelic Gestapo’ ar Bhord na Gaeilge'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Níl sa leithéid seo de dhuine ach Patrick Sellar inár lá… agus maidir leis an ábhar féin, is seanchuspóir an-tuirseach anchaite é.

  • Fearn

    Maith thú, a Néill.
    Patrick Seller, fear ó Mhoireabh ( “Galltacht”) a bhí i mbun bánú na nGael i gCataibh agus an bánú tíre i mbarr a réime san Alban.
    Agus is fíor dhuit, eascraíonn an scéal chéanna faoi “airgead amú sa teanga a labharann daoine eile” ar fud an tsaoil.
    Ach, deirtear go bhfuil gach gnó polaitíochta áitiúil .i. dearcadh áitiúil. Ní taise don pholaiteoir áitiúil seo.
    Ach i ndiaidh sin, sé 202 000 000£ buiséad Mhoireibh i mbliana. Bhí “A’ Ghàidhlig” ag iarraidh 40 000£ .i. 0.05%.
    Fuair an polaiteoir a ainm in airde, labhair an pobal faoin Gàidhlig ar feadh bomaite, tá buiséad Mhoireibh mar a bhí sé agus tá na seanchlaonta mar a bhí said fós.