Conspóid faoi easpa ‘scripteanna’ le linn díospóireacht Dála faoin nGaeilge

D’iarr an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go gcuirfí an Dáil ar athló toisc nár cuireadh ar fáil cóipeanna de ráiteas an Aire Gaeltachta faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Screen Shot 2015-03-11 at 16.52.39

Bhí sé ina raic faoin nGaeilge i dTithe an Oireachtais arís tráthnóna nuair a d’iarr an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go gcuirfí an Dáil ar athló toisc nár cuireadh ar fáil cóipeanna de ráiteas an Aire Gaeltachta faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Dúirt Ó Cuív gurb é an nós sa Dáil ná go gcuirtear cóipeanna ar fáil d’óráidí Airí sa chás go mbíonn siad ag léamh ó script agus thairg an tAIre Stáit Joe McHugh a script féin dó.

Bhí an tAire Stáit Joe McHugh mall ag teacht isteach sa Dáil agus ba léir go raibh sé faoi bhrú ag teacht ann agus é ag iarraidh breith ar a anáil le linn dó a bheith ag caint.

Cheistigh an Teachta Dála ó Ghaillimh Thiar an amhlaidh nach raibh gá cloí le nósanna imeachta na Dála nuair is trí Ghaeilge a bhí ábhar á phlé.

“The issue here is why when it comes to the Irish language we are always second class citizens and normal service is not available…I’m wondering what’s with the Minister’s department, have they ceeased to be able to function in the Irish language that they can’t provide a script,” a dúirt Ó Cuív Iar-Aire Gaeltachta ó Fhianna Fáil .

Ghéill Ó Cuív “under protest” go leanfaí leis an díospóireacht.

“It always seems that when it comes to things to do with the Irish language, this government just can’t get it right,” a dúirt sé.

Mhol Ó Cuív “iarrachtaí pearsanta” Joe McHugh an Ghaeilge a fhoghlaim ó ceapadh mar Aire é, ach níor aontaigh sé fós leis an gcinneadh, a dúirt sé, duine nach raibh Gaeilge líofa aige a cheapadh mar Aire Gaeltachta.

Gheall sé go mbeadh Aire Sinsearach le cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta sa chéad Rialtas eile dá mbeadh a pháirtí féin i gcumhacht.

Dúirt sé nach raibh an Straitéis 20 Bliain na Gaeilge á cur i bhfeidhm ag an Rialtas mar nach raibh “airgead ná plean” ann dó.

Is é inniu ‘Lá na Gaeilge’ sa Dáil agus is i nGaeilge a reáchtáladh Ceisteanna na gCeannairí ar maidin. Bhí ráitis faoin nGaeilge sa Seanad tráthnóna chomh maith.

Fág freagra ar 'Conspóid faoi easpa ‘scripteanna’ le linn díospóireacht Dála faoin nGaeilge'