Conspóid faoi ‘Balla mór na Síne’ atá tógtha ar bhóthar cluthar i mBéal Feirste

Ní ligfí do ghnáthdhuine neamhaird a dhéanamh ar stair agus cultúr comharsanachta agus ar rialacha pleanála mar atá déanta ag Consalacht na Síne i mBéal Feirste

Conspóid faoi ‘Balla mór na Síne’ atá tógtha ar bhóthar cluthar i mBéal Feirste

Balla mór na Síne atáthar ag glaoch air san rabharta téacsanna atá á seoladh ag daoine a bhfuil cead acu a bheith amuigh ag siúl.

Ní taise sin do mhíshástacht na gcomharsan leis an ‘bhfáinne cruach’ atá tógtha in aice leo gan choinne. Is beag cosúlacht idir é agus iontas ársa na Síne, áfach. Seans gurbh fhearr fál nó sconsa a thabhairt ar an mbacainn chosanta atá tógtha ag Consalacht Dhaon-Phoblacht na Síne, gan cead pleanála ar Bhóthar Malone i ndeisceart Bhéal Feirste.

Ceantar cluthar é ina bhfuil go leor tithe a tógadh do lucht tionscail gustalach na linne in aimsir Victoria. Teach mór le rá é McNeice House a dhear an t-ailtire Samuel Stevenson in 1889 don mhórcheannaí tae James Johnston.

Tá tithe agus árasáin sa cheantar anois ach fós féin tá garraithe fairsinge thart ar fhoirgnimh atá suite siar ón mbóthar. Tá spás mór thart ar 75-77 Bóthar Mhaigh Lón atá ar an gcúinne le Páirc Adelaide; sin é Teach McNeice a ainmníodh don bhfile Louis MacNeice.

Osclaíodh an Chonsalacht i dTuaisceart Éireann in 2015 agus tá sé lonnaithe i dTeach McNeice ó 2018. Scríobh Louis MacNeice a dhán cáiliúil ‘Snow’ ag ceann de na báfhuinneoga sa teach sin, é ag breathnú amach ar an sneachta ón seomra sócúil, compordach istigh.

Ba é teach a athar é, John McNeice, easpag Eaglais na hÉireann i ndeoise an Dúin, Chonaire agus Dhroim Mór.

Tá ceangal eile ag an teach leis an nualitríocht – ba é an Johnston a thóg é seanathair an drámadóra Denis Johnston, agus sin-seanathair an úrscéalaí Jennifer Johnston.

Sna daichidí bhí scoil ag na siúracha Doiminiceacha sa teach agus lóistín do mhná a bhí ag freastal ar Ollscoil na Ríona; thug siad Aquinas Hall air. Nuair a d’imigh na siúracha tosaíodh ag baint úsáide as an teach mar oifigí. Is sa bhliain 2001, nuair a bhog Comhairle Ealaíon an Tuaiscirt isteach ann, a tiomnaíodh an teach do Louis MacNeice.

Níl ceangal ar bith ar Chonsalacht na Síne meas a léiriú ar stair chultúrtha an tí cé gur bheag an ní é chun dea-chaidreamh a chothú.

Ach ta dualgas orthu cloí leis an dlí. Ceantar caomhnaithe le haghaidh pleanála is ea an chomharsanacht sin agus tá an teach liostáilte. Ní áibhéil é a rá go bhfuil an sconsa cruach atá tógtha ar dhá thaobh an tí, ar an mórbhóthar agus ar Pháirc Adelaide gránna agus go sáraíonn sé coinníollacha an chaomhnaithe as éadan.

Nach aisteach gur leagadh an fál sceiche a bhí ansin le blianta agus gur cuireadh suas an sconsa cruach tráth a raibh laghdú mór ar an trácht ag dul thar bráid.

B’fhéidir gur comhtharlúint é gur le linn srianta Covid-19 a tógadh an fál ach is iomaí duine atá amhrasach.

Rinne an Chonsalacht iarratas ar chead pleanála le haghaidh sconsa anuraidh, ceann ard cruach le sreang rásúir ina uachtar. Tharraing siad an t-iarratas siar.

Níl fianaise ar bith ann gur iarradh cead pleanála don rud atá curtha suas anois. Tá imní mhór ar na comharsana go bhféachfaidh an Chonsalacht le díolúine thaidhleoireachta a fháil ó rialacha pleanála.

Tá tábhacht thar na bearta le díolúine thaidhleoireachta fad is a bhaineann le hambasadóirí nó consail a chosaint ó chiapadh a bhaineann lena ndualgais.

I gcás balla thart ar oifig shílfeá gur áiféis é a bheith buartha go mbeifí ag iarraidh ar an tír óstach faoiseamh ón dlí a cheadú.

Ní anuas as an spéir a thit na líomhaintí, áfach.

Tá fasach de shórt ann.

Táthar ag súil le hathbhreithniú breithimh níos deireanaí i mbliana i dtaca le cás a bhí os comhair cúirte i mí na Nollag.

Chuir comharsa i leith Halla na Cathrach gur theip ar Chomhairle Bhéal Feirste gníomh forfheidhmiúcháin a thógáil in aghaidh na Consalachta maidir le torann.

Dúradh sa chúirt nárbh fhéidir gníomhú mar gur mhaígh an Chonsalacht go raibh díolúine thaidhleoireachta aici.

Níl dabht ar bith ach go bhfuil sé de cheart ag Consalacht na Síne beartais shlándála a ghlacadh mar chosaint. Is deacair a shamhlú áfach gur chosaint é an sconsa gránna seo mar sé an chaoi a dtarraingíonn sé aird ar an áras.

Ní ligimse scil ailtireachta nó slándála orm féin ach shílfinn go mbeadh sé éasca céimeanna slándála a thógáil taobh thiar den bhfál sceach, iad ceilte ón té a bheadh ag dul an bealach.

Thairis sin chaithfeadh sé go bhfuil teicneolaíocht leictreonach don ngnó ar a dtoil ag na Sínigh.

Ní ciníochas in aghaidh na Síneach é a rá nach bhfuil cúis ar bith go mbeadh díolúine thaidhleoireachta le fáil aici sa gcás seo; bheadh sé sin fíor cuma cé a bheadh freagrach as an tógáil.

Dá sáródh gnáthdhuine, gan blas de na hacmhainní atá ag an tSín, stair agus cultúr comharsanachta, rialacha pleanála agus dlíthe caomhnaithe mar atá déanta ag an gConsalacht chuirfí iallach air an sconsa a leagan agus an suíomh a athchóiriú mar ba cheart.

Ní mór do Chomhairle Bhéal Feirste é sin a chinntiú.

Fág freagra ar 'Conspóid faoi ‘Balla mór na Síne’ atá tógtha ar bhóthar cluthar i mBéal Feirste'