Conradh sínithe le tús a chur sa bhliain nua le cartadh an N59

Tabharfar na mílte leoraí móna chun bealaigh i scéim mhór oibre ar an N59 i gConamara mí Eanáir

Conradh sínithe le tús a chur sa bhliain nua le cartadh an N59

Beidh 15,000 leoraí portaigh á gcartadh amach as an gcriathrach idir an Teach Dóite agus ceantar na Léime i gConamara – i dtreo Uachtar Ard – i gceann de na scéimeanna forbartha is mó a rinneadh ar bhóthar an N59 le fada an lá. Aithnítear an scéim oibre seo mar iarracht mhór i dtreo forbairt iomlán a dhéanamh ar an bpríomhbhóthar as an gClochán go Gaillimh, bóthar atá ina chúrsa tábhachtach taistil agus iompair do chuid mhaith de Ghaeltacht Chonamara.

Tá innealtóirí ar aon intinn nach mbeidh réiteach buan ar bith ar cheist an N59 mura dtógfar an bóthar ón leac aníos agus  is é sin é atá ag tarlú sa gcás seo.

Cúig chiliméadar atá le forbairt agus tá an conradh oibre ag cosaint €16.5 milliún.

Tugann sin léargas ar a achrannaí agus atá an cúrsa seo tríd an sliabh i gcroílár Chonamara.

Síníodh an conradh idir Comhairle Chontae na Gaillimhe agus comhlacht Clare Civil Engineering an deireadh seachtaine seo caite agus tosóidh an obair ar an dara lá d’Eanáir. Sé mhí dhéag atá luaite leis an obair a chur i gcrích.

Gheofar na clocha agus an gaineamh garbh as an gcairéal atá ag an bhfear gnó, Basil Mac Eochaidh, taobh leis an mbóthar atá ag sníomh trasna an tsléibhe idir crosbhóthar Scríbe agus an Teach Dóite. Beidh na mílte leoraí cloch á dtabhairt amach as an gcairéal sin le cur isteach in íochtar an N59 i leaba an phortaigh atá le tabhairt chun bealaigh as agus na clocha sin an bhunchloch nua. Beidh an chuid is doimhne de na poill a bheidh le cartadh idir 22 agus 24 troigh ar domhain. Moing atá i gcuid mhór den talamh sin.

Tá tábhacht go leor ar bhealaí eile ag baint leis an bpíosa mór oibre atá ar tí tosú ar an Teach Dóite. Is cuid é an stráice seo den phíosa iomlán, 15 ciliméadar ar fad idir an Teach Dóite agus Uachtar Ard, ar tugadh cead forbartha lena aghaidh 6 bliana ó shin. Shocraigh an Bord Pleanála san am, théis Éisteacht fhada Phoiblí, go bhféadfadh Comhairle Chontae na Gaillimhe a dhul ar aghaidh le forbairt iomlán as an nua ar an gcuid den N59 idir an Teach Dóite agus Uachtar Ard. Ach bhí coinníollacha ag baint leis an gceadúnas sin, ceann acu a chuir ceangal ar an gComhairle Contae gan an obair a thosú nó go mbeadh Seirbhísí na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra sásta leis an modh oibre.

Chuaigh na cainteanna idir an dá dhream sin in ainseal agus in aimhréidh cuid mhaith babhtaí ach tá dhá rud suntasach tarlaithe le tamall. Dhearbhaigh Seirbhís na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra

go rabhadar sásta go bhféadfaí a dhul ar aghaidh leis an obair ar 5 chiliméadar ón Teach Dóite soir – sin os cionn an tríú cuid den bhealach go hUachtar Ard. Tá cor eile sa scéal freisin sa mhéid agus nach bhfuil aon locht ag Seirbhís na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra ar an socrú atá déanta ag Comhairle Chontae na Gaillimhe i dtaobh stráicí talún atá ag teastáil ar chaon taobh den bhóthar.

Fuair an Chomhairle seilbh ar na píosaí talún sin trí Ordú Ceannaigh Éigeantaigh agus déanfar iad a mharcáil go soiléir agus cuirfear ballaí orthu idir an Teach Dóite agus Uachtar Ard. Fuaireadar na píosaí seo talún le deis a thabhairt dóibh jab ceart a dhéanamh ar an stráice as an Teach Dóite go hUachtar Ard. Tá seilbh dhleathach ag an gComhairle Contae ar na píosaí talún sin agus iad ag íoc na n-úinéirí. Is iad na chéad chéimeanna eile sa gcás sin ná a theacht ar réiteach le Seirbhís na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra le dhul ar aghaidh leis an mbóthar uilig, rud nach mbeidh furasta mar go bhfuil an ceantar ina bhfuil an diúilicín péarla gar do láthair. Ach tá an chéad bheart déanta agus tugann sin ugach go mbeidh réiteach ann a ligfidh an bóthar i gcaitheamh an bhealaigh idir Uachtar Ard agus an Teach Dóite chun cinn amach anseo.

Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe i mbun staidéir arís freisin le súil agus gur féidir forbairt iomlán a dhéanamh ar an stráice 34 ciliméadar ar fad as an Teach Dóite siar chun an Chlocháin. Dhiúltaigh an Bord Pleanála cead forbartha ar an stráice sin trí bliana ó shin ar chúiseanna timpeallachta agus caomhnaithe. Ach tá staidéar grinn á dhéanamh anois ar na cúiseanna gur thug an Bord Pleanála droim láimhe don chéad iarratas sin. Níl dáta socraithe fós le haghaidh an dara hiarratas.

Idir an dá linn, tugann an obair a bheidh ag tosú gan mhoill i bportaigh an Tí Dhóite misneach do dhreamanna ar nós Gluaiseacht Gnímh an N59 go mbeidh rath fós ar Bhóthar an Rí – mar a thugtaí tráth den saol ar an mbóthar atá anois bealach an Tí Dhóite.

Fág freagra ar 'Conradh sínithe le tús a chur sa bhliain nua le cartadh an N59'