Conradh na Gaeilge cláraithe le Gréasán Comhionannais Teanga na hEorpa

Cláraíodh CnaG le Gréasán Comhionannais Teanga na hEorpa. Thug an Gréasán a thacaíocht d’fheachtas Acht Gaeilge i dTuaisceart Éireann ag cruinniú de chuid an choiste stiúrtha Dé Sathairn

ELEN CnaGTá Conradh na Gaeilge anois ina bhall de Ghréasán Comhionannais Teanga na hEorpa. Bunaíodh an Gréasán ceithre bliana ó shin le mionteangacha réigiúnacha na hEorpa a chosaint agus a chothabháil.

Dúirt Ard-Rúnaí an Ghréasáin Favyth Hicks go bhfuil áthas ar an eagraíocht fáilte a chur roimh Chonradh na Gaeilge agus gur ar leas na Gaeilge atá an bhallraíocht.

“Tá luacháir orainn fáilte a chur roimh Chonradh na Gaeilge go GCTE. Tá tobar ollmhór taithí ag CnaG le hofráil do CTCE ar obair na habhcóideachta, ar theagasc teangacha, agus ar athshlánú éifeachtach teanga,” a dúirt Hicks.

Thug an Gréasán a thacaíocht don fheachtas d’Acht Gaeilge i dTuaisceart Éireann ag cruinniú de chuid an choiste stiúrtha Dé Sathairn. Beidh an Gréasán ag obair leis an gConradh amach anseo ar an bpróiseas reatha comhairliúcháin agus stocaireachta atá ar bun chun a chinntiú go gcuirfear Acht Gaeilge i bhfeidhm.

“Beidh baill uile GTCE, a bhfuil cuid mór acu ina saineolaithe ar réimse an athshlánaithe teanga agus na reachtaíochta éifeachtaí teanga, rannpháirteach sa phróiseas comhairliúcháin sna seachtainí amach romhainn“, a dúirt Favyth Hicks. Dúirt sé freisin go rachfaí i mbun dianstocaireachta sa Ríocht Aontaithe agus san Eoraip chun cur i bhfeidhm an Achta a chinntiú.

“I bhfianaise an chuir síos atá déanta i dtuairisc Joe Mhic Dhonnchaidh, 2007, ar a leochailí atá an Ghaeilge mar theanga phobail, tá sé ríthábhachtach go dtabharfaí céimeanna anois a bhrostós caomhnú agus teacht aniar na teanga. Tabharfaidh Acht Gaeilge bunchloch dhleathach thábhachtach d’athbheochan na teanga ó thuaidh in Éirinn agus tógfaidh sé ar éachtaí iontacha an phobail ó thuaidh agus ó dheas an Ghaeilge a chur ar a bonnaibh an athuair mar theanga phobail,” a dúirt Hicks.

Fág freagra ar 'Conradh na Gaeilge cláraithe le Gréasán Comhionannais Teanga na hEorpa'