Conradh na Gaeilge ag súil lena lorg a fhágáil ar an gcéad chlár rialtais eile

D’fhreastail os cionn 200 duine ar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mBóthar na Trá ag an deireadh seachtaine

Conradh na Gaeilge ag súil lena lorg a fhágáil ar an gcéad chlár rialtais eile

Twitter/@CnaG

Tuigeann na páirtithe polaitíochta anois go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht, a deir Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Niall Comer.

Dúirt Niall Comer an méid sin i ndiaidh Ard-Fheis na heagraíochta teanga a bhí ar siúl sa Ghaillimh ag an deireadh seachtaine.

“Níl aon cheist ann ach go dtuigeann na páirtithe ó dheas anois, murar thuig cuid acu roimhe seo, go bhfuil géarchéim sna Gaeltachtaí, go bhfuil fadhbanna móra, agus práinn lena réiteach, leis an Ghaeilge sa chóras oideachais agus gurb é an bealach is fearr chun é seo a réiteach ná Aire Sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a cheapadh gan a thuilleadh moille,” a dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Niall Comer. 

D’fhreastail os cionn 200 duine ar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mBóthar na Trá ag an deireadh seachtaine, mar ar ritheadh rúin éagsúla.

I measc na rún sin bhí go gcuirfí an méid a d’éiligh Conradh na Gaeilge roimh an olltoghchán in aon chlár Rialtais a aontófar, ag áireamh an t-éileamh ar aireacht shinsearach don Ghaeltacht.

Ritheadh rún eile ag éileamh go mbeadh ‘Oifig na Gaeilge’ i ngach údarás áitiúil sa tír agus ar a laghad ball foirne amháin ag gach údarás chun cúram a dhéanamh don teanga.

Glacadh chomh maith le rún go mbunófaí fochoiste Gaeltachta laistigh den eagraíocht chun plé go sonrach lena cur chuige i leith na Gaeltachta.

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Conradh na Gaeilge, gur “léir ó Ard-Fheis na bliana seo go bhfuil ceist na Gaeilge go mór i lár an aonaigh agus go bhfuil sí, mar cheist, i ndiaidh tionchar ollmhór a imirt ar an aos polaitiúil, thuaidh agus theas”.

Dúirt Comer “nach raibh gach ceist a bhaineann leis an Ghaeilge réitithe, ná baol air” ach go mbeadh stádas oifigiúil ag an teanga den chéad uair thuaidh agus theas.

“Ná déanaimis a bheag den chlaochlú ollmhór seo – claochlú atá idir thábhachtach agus chinniúnach,” a dúirt Niall Comer.

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Conradh na Gaeilge go raibhclár oibre dúshlánach” don Chonradh don bhliain romhainn.

“Ar bharr an liosta, beimid ag díriú ar na gealltanais a tugadh san olltoghchán ó dheas agus muid ag lorg chothrom na féinne do phobal na Gaeilge ó thaobh cearta agus maoinithe de.

“Chomh maith leis sin, beimid ag iarraidh a chinntiú go gcomhlíonfar, gan aon mhoill, na gealltanais atá tugtha ó thuaidh sa socrú ‘Deich mBliana Nua, Cur Chuige Nua’ i mí Eanáir 2020, go háirithe bunú Oifig an Choimisinéara Teanga leis na cumhachtaí cuí, bunú an láraonaid aistriúcháin, fáil réidh leis an bpéindlí deireanach sna cúirteanna ó thuaidh agus eile,” arsa Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn. 

Bronnadh ag an Ard-Fheis Dé Sathairn Gradam an Uachtaráin 2020 ar an staraí aitheanta Gearóid Ó Tuathaigh.

Ritheadh rúin le linn an deireadh seachtaine chomh maith go mbeadh Ard-Fheis 2021 san Aonach i gcontae  Thiobraid Árainn agus go mbeadh Ard-Fheis 2022 i mBaile Átha Cliath 15.

Fág freagra ar 'Conradh na Gaeilge ag súil lena lorg a fhágáil ar an gcéad chlár rialtais eile'