Conradh na Gaeilge ag moladh do dhaoine seoltaí IP éagsúla a úsáid chun suirbhé NCCA a líonadh níos mó ná uair amháin

I ríomhphost a scaip Conradh na Gaeilge tugadh samplaí de mholtaí a d’fhéadfadh duine a úsáid chun cur i gcoinne na sonraíochtaí atá foilsithe ag an NCCA

Conradh na Gaeilge ag moladh do dhaoine seoltaí IP éagsúla a úsáid chun suirbhé NCCA a líonadh níos mó ná uair amháin

Tá séanta ag Conradh na Gaeilge go bhfuil siad ag iarraidh próiseas comhairliúcháin phoiblí a chur as a riocht agus treoir tugtha acu conas is féidir suirbhé a líonadh isteach níos mó ná uair amháin.

Scaip an eagraíocht teanga ríomhphost an tseachtain seo inar iarradh ar dhaoine suirbhé ar líne a líonadh, suirbhé ar cuid é de phróiseas comhairliúcháin na Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) faoi na sonraíochtaí nua do chúrsa Gaeilge na hArdteiste.

Tá Conradh na Gaeilge ar cheann de 13 eagraíocht teanga agus oideachais atá ag iarraidh go gcuirfí stop láithreach leis an bpróiseas comhairliúcháin sin ach tá diúltaithe ag an Aire Oideachais dá n-éileamh.

Sa ríomhphost a scaip an Conradh, iarradh ar dhaoine an suirbhé a líonadh roimh dheireadh na míosa seo. Bhí cáipéis ceangailte leis an ríomhphost a thug eolas breise faoi na ceisteanna a bhí sa suirbhé agus samplaí de mholtaí a d’fhéadfadh daoine úsáid chun cur i gcoinne na sonraíochtaí atá foilsithe ag an NCCA.

Mínítear freisin sa ríomhphost na céimeanna a d’fhéadfaí a ghlacadh dá mba mhian le daoine an suirbhé a líonadh an athuair.

Aithníonn an córas atá in úsáid ag an NCCA má bhíonn an suirbhé líonta amach cheana féin ag duine trí thaifead a choinneáil ar an seoladh IP a úsáidtear.

Sa ríomhphost a sheol Conradh na Gaeilge, deirtear “más mian leat suirbhé le freagraí éagsúla a chur isteach amach anseo, is féidir sin a dhéanamh tríd ríomhaire / seoladh IP éagsúil a úsáid nó d’fhón a úsáid nó tríd leathanach incognito nó leathanach príobháideach a oscailt agus na naisc thuas a úsáid.”

Nuair a cuireadh ceist ar Chonradh na Gaeilge faoi cén fáth go raibh treoir á tabhairt acu do dhaoine úsáid a bhaint as seoltaí IP éagsúla chun níos mó ná freagra amháin a thabhairt ar an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí, dúradh gur dóibh siúd a mbeadh athrú intinne orthu faoi na moltaí amach anseo a cuireadh an t-eolas sin ar fáil.

Dúirt Conradh na Gaeilge go raibh “bearna” sa chóras mar a bhí leagtha amach ag an NCCA agus gur cheart deis a thabhairt dóibh siúd a bhí ag iarraidh moltaí a dhéanamh níos mó ná suirbhé amháin a líonadh amach.

“Nach é an sprioc ba chóir a bheith ag an bpróiseas comhairliúcháin seo (agus, dar ndóigh, tá an Conradh agus 12 eagraíocht eile ar son é a chur siar go dtí go mbeidh athbhreithniú déanta ar an tSraith Shóisearach) ná deis a thabhairt do dhaoine a moltaí iomlána a chur isteach. 

“Tá an baol ann, áfach, leis an gcóras atá in úsáid don suirbhé reatha, nach féidir ach suirbhé amháin a líonadh,” a dúirt Conradh na Gaeilge.

“Má athraíonn duine a thuairimí, má fhaigheann duine eolas breise (agus ná déan dearmad nach raibh cruinnithe poiblí ann maidir leis an gcomhairliúchán seo fós sa phobal) nó má chuireann an CNCM breis eolais ar fáil idir seo agus deireadh an chomhairliúcháin, ní bheadh aon duine a líon suirbhé go dtí seo in ann an suirbhé a líon siad a leasú nó ceann eile a líonadh. 

“D’aithin an Conradh an bhearna sin agus d’aithin muid slí gur féidir le duine suirbhé eile a chur isteach sa chomhthéacs sin agus nach maith an rud go mbeadh an deis sin ag an bpobal más mian leo sin?”

Dúirt an NCCA le Tuairisc.ie gur “gné thábhachtach” é an próiseas comhairliúcháin den obair a bhíonn ar bun acu chun comhairle a chur ar an Aire Oideachais maidir le cúrsaí curaclaim agus measúnaithe.

Dúradh go raibh suirbhéanna ar líne ar cheann de na bealaí a dtéitear i dteagmháil le páirtithe leasmhara agus go bhfuil an t-eolas a bhailítear sna suirbhéanna sin “ríthábhachtach”.

Tá cruinnithe fócasghrúpaí agus cruinnithe déthaobhacha mar chuid de phróiseas comhairliúcháin an NCCA ach tá éilimh ann go gcuirfí siar an próiseas, nó go gcuirfí ar ceal go hiomlán é, toisc nach bhfuiltear in ann cuid de na cruinnithe sin a reáchtáil de bharr na paindéime Covid-19.

Tá Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile ag iarraidh go gcuirfí ar athló an próiseas nó go mbeidh athbhreithniú déanta ar na cúrsaí Gaeilge nua a tugadh isteach don Teastas Sóisearach. 

Fág freagra ar 'Conradh na Gaeilge ag moladh do dhaoine seoltaí IP éagsúla a úsáid chun suirbhé NCCA a líonadh níos mó ná uair amháin'