Conradh na Gaeilge ag lorg soiléiriú ó Chéad-Airí Stormont maidir leis an reachtaíocht teanga 

Tá fearg léirithe ag lucht na Gaeilge faoin moill atá ar fheidhmiú na reachtaíochta teanga 

Conradh na Gaeilge ag lorg soiléiriú ó Chéad-Airí Stormont maidir leis an reachtaíocht teanga 

Tá litir seolta go dtí an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire ag iarraidh soiléiriú faoin ngealltanas go dtabharfar reachtaíocht Ghaeilge isteach.

Scríobhadh an litir i ndiaidh don DUP go leor éiginnteachta a chothú faoi cheist na reachtaíochta Gaeilge. Thug foinse ón bpáirtí le fios an tseachtain seo go rabhthas chun diúltú an reachtaíocht teanga a thabhairt isteach nó go bhfaighfí réidh le Prótacal an Tuaiscirt.

Shéan daoine eile sa DUP an scéal sin ó shin, ach tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh go gcomhlíonfaí na gealltanais a tugadh faoin nGaeilge.

Gealladh reachtaíocht don Ghaeilge mar chuid den chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua [New Decade New Approach], a aontaíodh mí Eanáir 2020. Bhí an reachtaíocht le cur i bhfeidhm taobh istigh de 100 lá ach níl na gealltanais sin curtha i bhfeidhm go fóill, breis is bliain i ndiaidh an chomhaontaithe.

Tá fearg léirithe ag lucht na Gaeilge ó thuaidh faoin moill sin agus deir Conradh na Gaeilge go bhfuil an baol ann nach mbeidh aon mhuinín ag an bpobal sna hinstitiúidí ó thuaidh maidir le soláthar cearta teanga.

“Is bunchloch lárnach de chuid an Chomhaontaithe ‘Ré Nua Cur Chuige Nua’ atá sa reachtaíocht Ghaeilge a gealladh anuraidh. Bhí an reachtaíocht teanga, a foilsíodh leis an chomhaontú, le bheith i bhfeidhm faoi cheann 100 lá ón chomhaontú. Tá anois breis agus 400 lá imithe,” arsa an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

“Tá imeallú á dhéanamh arís eile ar phobal na Gaeilge ó thuaidh agus idir chosc agus mhoill á chur ar chearta teanga. Sa bhreis air sin táthar ag dul siar ar chomhaontú sínithe a rinneadh giota agus bliain ó shin inar gealladh reachtaíocht teanga.

“Cruthóidh an mhoilleadóireacht seo géarchéim mhuiníne phoiblí as an nua i gcumas na n-institiúidí ó thuaidh cearta teanga a sholáthar. Scríobh muid inniu chuig an dá Chéad-Aire agus muid ar lorg soiléiriú ar an cheist seo.”

Dúirt an Dr Comer gur forbairt ar na gealltanais don Ghaeilge a tugadh i gComhaontú Aoine an Chéasta atá sna gealltanais is déanaí i leith na Gaeilge. Dúirt sé go bhfuil Conradh na Gaeilge tar éis scríobh chuig an dá rialtas, i mBaile Átha Cliath agus in Westminster, ag éileamh go gcuirfí i bhfeidhm gan a thuilleadh moille an comhaontú agus an reachtaíocht a socraíodh anuraidh.

Cé nach acht teanga don Ghaeilge amháin, mar a bhí á éileamh ag lucht feachtais, atá sa phlean Ré Nua, Cur Chuige Nua, tá roinnt beartas ann a chuirfeadh le stádas na teanga ó thuaidh.

Tá beirt Choimisinéirí, ceann don Ghaeilge agus ceann don Ultais, agus oifig chultúir agus féiniúlachta mar chuid den phlean.

Dúirt Arlene Foster le déanaí go dtabharfaí reachtaíocht Ghaeilge isteach faoi Bhealtaine na bliana seo chugainn. Mhaígh tuairisc ar The Nolan Show ar BBC Radio Ulster an tseachtain go raibh an reachtaíocht sin i mbaol agus go raibh an DUP chun diúltú d’aon reachtaíocht teanga don Ghaeilge ó thuaidh mura bhfaighfí réidh leis an bPrótacal iarBhreatimeachta. Shéan aire sinsearach de chuid an pháirtí, Peter Weir, an scéal ina dhiaidh sin, áfach.

Dúirt Ian Paisley, feisire de chuid an DUP, inné go bhféadfadh a pháirtí ceist na Gaeilge a úsáid chun Westminster a stopadh ó dhlíthe ar son an ghinmhillte a chur i bhfeidhm sa tuaisceart.

Tá cás na reachtaíochta Gaeilge ó thuaidh ina chnámh spairne idir páirtithe aontachtacha faoi láthair agus ionsaí déanta ag an TUV ar an DUP mar gheall ar a seasamh i leith na teanga.

Dúirt urlabhraí ón TUV nár cheart “go nglacfadh aontachtóir ar bith le hacht Gaeilge ar chúis ar bith”.

Dúirt an páirtí gur “díol spéise” é nach bhfuil daoine sa DUP “fiú ag cur i gcéill” a thuilleadh nach bhfuil glactha acu leis an reachtaíocht don Ghaeilge.

Tuairiscíodh an tseachtain seo caite go raibh baill shinsearacha sa DUP ag géilleadh go mbeidh reachtaíocht don Ghaeilge á tabhairt isteach an bhliain seo chugainn.

Fág freagra ar 'Conradh na Gaeilge ag lorg soiléiriú ó Chéad-Airí Stormont maidir leis an reachtaíocht teanga '

  • Sean Mac Cearain

    Caidé an fhadhb?Níl le déanamh ag Sinn Féin agus Colum Eastwood ach toscaireacht a chur go Westminster ag iarraidh orthu an reachtaíocht a chur i bhfeidhm in ainneoin mhianta na ndaoine.