Conradh na Gaeilge ag iarraidh go gcuirfidh an DUP i gcoinne rún de chuid an TUV faoin nGaeilge

Molann an rún a phléifear i gComhairle Aontroma Láir agus Thoir go gcuirfí bac ar aon iarracht ‘aon áit’ chun comhstádas leis an mBéarla a thabhairt don Ghaeilge

Conradh na Gaeilge ag iarraidh go gcuirfidh an DUP i gcoinne rún de chuid an TUV faoin nGaeilge

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar an DUP beart a dhéanamh de réir a mbriathair agus vótáil i gcoinne rún de chuid an TUV a phléifear i gComhairle Aontroma Láir agus Thoir anocht.

Molann an rún de chuid beirt chomhairleoirí ón TUV go gcuirfí bac ar aon reachtaíocht nó aon iarracht “aon áit” chun teanga “oifigiúil” a dhéanamh den Ghaeilge ó thuaidh nó chun comhstádas leis an mBéarla a thabhairt di.          

“That this Council, noting the existing lavish provision for Irish language interests, opposes any attempt, under any legislative guise, to make Irish an official language in Northern Ireland or to require to be treated on a par with English, either in the council or elsewhere, believing such would create massive public expenditure, and a clear disadvantage to the non-Irish speaking majority and prove needlessly divisive across the community,a deir an rún.

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge gur “ábhar díomá agus feirge” an rún a léiríonn “fíoreaspa measa agus tuisceana ar ghné lárnach de chultúr comhroinnte na hÉireann”.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge

“Is cúis imní dúinn i bpobal na Gaeilge go bhfuil rún mar seo á phlé beagnach bliain i ndiaidh chinneadh Líofa agus bliain iomlán de dhíospóireacht agus d’fheachtasaíocht phoiblí ar cheist reachtaíochta don teanga. Is sampla ar an drochuair é an rún seo den doicheall leathan atá ann don Ghaeilge i measc chuid de na comhairlí ó thuaidh, go bhfuiltear ann atá dubh in éadan na teanga agus atá sásta cos ar bolg i gcoinne an phobail a éascú agus a bhuanú. Dá mbeadh sampla níos soiléire de dhíth orainn den ghéarghá le reachtaíocht chun an Ghaeilge a chosaint, is é seo é.”

Deir Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge, go raibh an eagraíocht teanga “ag tabhairt dúshláin” an DUP cur i gcoinne an rúin i bhfianaise a maíomh nach bhfuil aon naimhdeas acu don Ghaeilge

“Tá Conradh na Gaeilge arís eile ag tabhairt dúshláin an DUP; má tá siad dáiríre gur chóir go mbeadh soláthar reachtúil ann don Ghaeilge, má tá siad dáiríre nach bhfuil aon bhagairt don fhéiniúlacht Bhriotanach, agus má tá siad dáiríre ina n-iarrachtaí teacht ar shocrú ar an cheist seo chun go gcuirfí ar bun arís na hinstitiúidí polaitiúla anseo, ba chóir dóibh, mar pháirtí, teacht amach go láidir i gcoinne na n-iarrachtaí leatromacha seo cosc agus bac a chur ar an Ghaeilge,” a dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge.

Dúirt Mac Giolla Bhéin gurb é “an t-aon réiteach” ar an aighneas faoin reachtaíocht teanga ná Acht Gaeilge “ceartbhunaithe agus neamhspleách” a thabhairt isteach “faoi mar a gealladh breis agus deich mbliana ó s

Fág freagra ar 'Conradh na Gaeilge ag iarraidh go gcuirfidh an DUP i gcoinne rún de chuid an TUV faoin nGaeilge'

  • Al Ó Donnghaile

    Soiléir go gcaithfear seo a dhéanamh..