Conradh na Gaeilge ag glacadh cás cúirte i gcoinne rialtais den chéad uair

Tá an eagraíocht teanga ag maíomh nach bhfuil a ndualgais i leith na Gaeilge á gcomhlíonadh ag an bhFeidhmeannas ó thuaidh agus cás cúirte beartaithe acu ina choinne

4/2/2010 Stormont in Northern Ireland. Pictured is Stormont, home of the Northern Ireland Assembly. Photo: Mark Stedman/RollingNews.ie
Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

Tá Conradh na Gaeilge ag glacadh cás cúirte i gcoinne an Fheidhmeannais ó thuaidh agus an eagraíocht teanga ag maíomh nach bhfuil a ndualgais i leith na Gaeilge á gcomhlíonadh ag an bhFeidhmeannas.

Deir Conradh na Gaeilge gurb í seo an chéad uair riamh don eagraíocht féin an dlí a chur ar rialtas, cé go gcuireann siad comhairle dlí ar fáil do dhaoine go minic.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil an eagraíocht ag súil go gcuirfear tús leis an gcás cúirte faoi cheann deich seachtaine ar a dhéanaí.

I ráiteas a d’eisigh an Conradh ar maidin dúradh go raibh an cás cúirte beartaithe ag an eagraíocht toisc nár ghlac an Feidhmeannas go fóill le Straitéis na Gaeilge 2015-2035.

Dúirt ráiteas an Chonartha gur sárú a bhí sa mhéid sin ar dhualgais reachtúla an Fheidhmeannais de réir Chomhaontú Chill Rímhinn 2006 agus de réir a gClár Rialtais 2011-2015.

Ba é Coiste Gnó Chonradh na Gaeilge a shocraigh dul chun cúirte i gcoinne an Fheidhmeannais ó thuaidh.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge gur “ábhar ollmhór díomá agus frustrachais” do phobal na Gaeilge ó thuaidh go bhfuil diúltaithe ag an bhFeidhmeannas glacadh leis an Straitéis teanga.

Ba é an “neamhghníomh” seo ba chúis le cinneadh Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge “gurbh éigean” don eagraíocht cás cúirte a ghlacadh in aghaidh an Fheidhmeannais, a dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin.

Sheol an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín an Straitéis le Forbairt na Gaeilge a Fheabhsú agus a Chosaint 2015-2035  ar an 30 Eanáir 2015. Ar an 10 Márta, thug páirtithe an Fheidhmeannais droim láimhe leis an Straitéis teanga agus leis an Acht Gaeilge atá molta don Tuaisceart.

Dúirt  Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge go raibh próiseas comhairliúcháin cuimsitheach ann i dtaobh na Straitéise a bhí luaite “go sonrach mar ghealltanas” ó Rialtas na Breataine i Comhaontú Chill Rímhinn 2006 agus i gClár Rialtais 2011-2015 an Fheidhmeannais.

Dúirt Ó Cearbhaill go raibh “an pobal ag obair go dlúth leis an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta le spriocanna na Straitéise” a chur i gcrích.

“Is cúis díomá dúinne i gConradh na Gaeilge, mar sin, nár glacadh leis an Straitéis go hoifigiúil os comhair an Fheidhmeannais go fóill, in ainneoin na gcéimeanna forásacha thuasluaite,” a dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Conradh na Gaeilge ag glacadh cás cúirte i gcoinne rialtais den chéad uair'