Conradh mór sínithe ag comhlacht Gaeltachta chun pacáistíocht bia peataí a sholáthar

Chuir Údarás na Gaeltachta agus Airí na Gaeltachta fáilte roimh fhógra ProAmpac, atá lonnaithe i bPáirc Ghnó Ghaoth Dobhair, go bhfuil conradh sínithe acu le C&D Foods

Conradh mór sínithe ag comhlacht Gaeltachta chun pacáistíocht bia peataí a sholáthar

Tá conradh ar fiú na milliúin euro é sínithe ag comhlacht Gaeltachta le ceann de na comhlachtaí próiseála bia is mó san Eoraip.

Chuir Údarás na Gaeltachta agus Airí na Gaeltachta fáilte roimh fhógra ProAmpac, atá lonnaithe i Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair, a bhfuil conradh sínithe acu le C&D Foods, an rannóg ABP Food Group ina ndéantar bia do pheataí.

Beidh an comhlacht Gaeltachta ag soláthar pacáistíocht do bhia peataí C&D Foods.

Dúradh inniu go bhfuiltear ag súil go gcuirfidh an conradh ar chumas an chomhlachta a shuíomh a mhéadú agus 20 post nua a chruthú i nGaoth Dobhair.  Cuireann ProAmpac fostaíocht ar fáil do 200 duine i nGaoth Dobhair agus tá 5,200 fostaí acu ag 41 láthair ar fud an domhan.

Dúirt Aire na Gaeltachta Catherine Martin gur “scéal iontach” é seo do ProAmpac, don fhoireann agus don phobal i nGaoth Dobhair.

“Cinnteoidh an conradh seo go mbeidh bonn seasmhach faoin bhfostaíocht sa gceantar, áit a bhfuil borradh tagtha faoin bhfostaíocht le blianta beaga anuas.”

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers gur “fógra suntasach” é seo do Ghaeltacht Dhún na nGall. Chinnteodh an conradh “go leanfaidh an comhlacht ag fás agus ag forbairt agus iad ina gceannródaithe maidir le nuálaíocht na pacáistíochta inbhuanaithe”.

Dúirt John McDermott, Stiúrthóir Oibríochtaí ProAmpac, Gaoth Dobhair gur “tiomantas, dúthracht agus nuálaíocht” na foirne agus na bainistíochta ag ProAmpac Ireland, ba chúis leis an “dul chun cinn mór” a bhí déanta ag an gcomhlacht. 

Rinne Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, comhghairdeachas le ProAmpac. 

“Is léiriú eile é seo ar céard is féidir a chur i gcrích i gceantair thuaithe na hÉireann agus ní haon eisceacht é ceantar iarthuaisceart Dhún na nGall,” ar sí.

Tá  ProAmpac i bPáirc Ghnó Ghaoth Dobhair le 24 bliain agus dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta “go mbeidh saol fada acu i nDún na nGall”.

Fág freagra ar 'Conradh mór sínithe ag comhlacht Gaeltachta chun pacáistíocht bia peataí a sholáthar'