Conradh á aontú ag Ardstiúrthóir TG4 Pól Ó Gallchóir

Bhí tuairimíocht láidir ann le tamall anuas go mbeadh an Conallach ag éirí as in Aibreáin na bliana seo, tráth a mbeidh sé bliana déag caite aige i gceannas ar an stáisiún Gaeilge

Ardstiúrthóir TG4 Pól Ó Gallchóir. Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie
Ardstiúrthóir TG4 Pól Ó Gallchóir. Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

Tá sé deimhnithe ag Tuairisc.ie go bhfuil conradh á aontú ag Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir.

Tiocfaidh an scéal seo aniar aduaidh ar mhórán daoine i saol na meán cumarsáide agus i TG4 féin agus tuairimíocht láidir ann le tamall anuas go mbeadh an Conallach ag éirí as in Aibreán na bliana seo, tráth a bheidh 16 bliain caite aige i gceannas ar an stáisiún Gaeilge.

Dheimhnigh urlabhraí ón Roinn Cumarsáide do Tuairisc.ie inné, áfach, go raibh conradh á aontú faoi láthair le Ó Gallchóir.

“The Contract of Employment for the CEO of TG4 has not, as yet, been concluded,” a dúradh le Tuairisc.ie.

Dúirt an t-urlabhraí go raibh an plé mar gheall ar théarmaí an chonartha ‘á dtabhairt chun críche’ faoi láthair agus nach raibh le haontú ach ‘roinnt mionrudaí’.

Ba in Aibreán na bliana 2000 a ghlac Pól Ó Gallchóir stiúir ar TG4 nuair a tháinig sé i gcomharbacht ar Chathal Goan, ceannasaí bunaithe na seirbhíse teilifíse a bheidh ag ceiliúradh fiche bliain ar an bhfód Oíche Shamhna.

Ba faoi chúram Uí Ghallchóir a bhain TG4 neamhspleáchas amach ó RTÉ i 2007.

Ní fios go fóill cén tréimhse ama atá luaite leis an gconradh atá le haontú.

Tuigtear do Tuairisc.ie go raibh roinnt de bhaill Bhord TG4 den tuairim go mbeadh Ó Gallchóir ag éirí as a phost mar Ardstiúrthóir i mí Aibreáin.

Ba í tuairim na coitiantachta i measc bhaill foirne stáisiún Bhaile na hAbhann ná go mbeadh ceannaire nua i mbliana acu agus caint tosaithe cheana féin faoi cén duine a thiocfadh i gcomharbacht ar Ó Gallchóir.

Fág freagra ar 'Conradh á aontú ag Ardstiúrthóir TG4 Pól Ó Gallchóir'