Connacht ag tabhairt aghaidh ar an gcéad chluiche ceannais acu sa Pro 12

Ainneoin gurb é seo an chéad uair sa gcluiche ceannais acu, bhí imreoirí Chúige Chonnacht go mór ar a gcompord ag fágáil na hÉireann dóibh inné

Bunee Aki. INPHO/James Crombie
Bunee Aki. INPHO/James Crombie

Bhain foireann rugbaí Chonnacht Dún Éideann amach ag am tae inné tar éis dóibh eitilt as Aerfort Chnoc Mhuire, áit a raibh bratacha an chúige ar foluain agus garda onóra curtha ar fáil dóibh ar an mbealach idir an críochphort agus an t-eitleán ag páistí as Cumann Rugbaí Chlár Chlainne Mhuiris.

Ní thuairiscítear aon ghortú eile a bheith ag cur as d’aon duine d’imreoirí Pat Lam seachas iad siúd nárbh fhéidir a chur san áireamh agus Connacht ag tabhairt aghaidh ar an gcéad chluiche ceannais acu sa Pro 12. Beidh na foirne agus a gcaptaein, John Muldoon agus Isa Nacewa, i láthair i Murrayfield níos deireanaí inniu ag an gcleachtadh agus ag an bpreasócáid dheireanach sula dtiocfaidh an lá mór.

Foireann Chonnacht in Aerfort Chnoc Mhuire Déardaoin. Pictiúr le Toni Uí Chiardha
Foireann Chonnacht in Aerfort Chnoc Mhuire Déardaoin. Pictiúr le Toni Uí Chiardha

Is é an cluiche ceannais seo ar ndóigh an cluiche deireanach i ngeansaí Chonnacht ag Robbie Henshaw a bheidh le freasúra an lae amárach nuair a thiocfaidh an séasúr seo chugainn agus freisin ag Ali Muldowney atá ar a bhealach go Grenoble.

Beidh na Connachtaigh ag súil gur tuar maith atá sa bhfógra a tháinig inné nuair a tugadh le fios gurb é Nigel Owens a bheidh i bhfeighil na feadóige. Ba é an Breathnach a rinne amhlaidh nuair a bhuaigh siad ar chúige Laighean ar an mBóthar Beag ag deireadh mhí an Mhárta, nuair a d’fhág úd a scóráil Kieran Marmion an bua acu leis an scór 7-6.

Ainneoin gurb é seo an chéad uair sa gcluiche ceannais acu, bhí Marmion agus a chomrádaithe go mór ar a gcompord ag fágáil na hÉireann dóibh inné. Labhair siad leis an mbeagán lucht leanta a bhí i láthair san aerfort agus chaith tamall ag imirt cártaí agus ag éisteacht lena gcuid ceoil sula ndeachaigh siad ar bord.

Ní móide go mbeidh an turas abhaile san oíche amárach chomh ciúin céanna má bhíonn an corn leo.

Lucht tacaíochta Chonnacht, a ghuigh gach rath ar an bhfoireann sular fhág siad. Pictiúr le Toni Uí Chiardha
Lucht tacaíochta Chonnacht, a ghuigh gach rath ar an bhfoireann sular fhág siad. Pictiúr le Toni Uí Chiardha