Connacht ag súil go ndéanfaidh na Muimhnigh gar dóibh

Seans gur amárach a bheas an choimhlint is fearr i gcomórtas Pro 14 an deireadh seachtaine seo agus na Laighnigh sa mbaile san RDS i gcoinne Scarlets na Breataine Bige

Connacht ag súil go ndéanfaidh na Muimhnigh gar dóibh

Pictiúr: ©INPHO/Matteo Ciambelli

Tá seans iontach ag na Connachtaigh anocht agus iad ag imirt sa mbaile don dara deireadh seachtaine as a chéile,  bua eile a fháil. Go deimhin tá seans acu freisin bua le pointí bónais a fháil agus iad ag cur fáilte roimh Zebre na hIodáile, foireann atá sáinnithe ar íochtar ghrúpa A den chomórtas seo. Bí cinnte de, ní bheidh fáil ag na Connachtaigh ar aon duine a ghlacfaidh le haon leithscéal uathu má theipeann orthu sa gcluiche seo

Ach níl cúrsaí díreach chomh simplí sin. Beidh na Connachtaigh ag súil freisin go ndéanfaidh na Muimhnigh gar dóibh agus iadsan ag tabhairt faoi Caerdydd na Breataine Bige, foireann a bheas ag imirt sa mbaile amárach. Níl ach an t-aon phointe amháin idir Connachta agus Caerdydd. Tá na Breatnaigh chun cinn faoi láthair, ach má bhíonn an lá leis na Connachtaigh inniu, toradh a bhfuilimse sásta a thuar, agus má bhíonn an lámh in uachtar ag na Muimhnigh agus iad sa mBreatain Bheag, beidh siad ar an mbealach ceart chun sprioc na bliana seo sa bPro 14 a aimsiú, is é sin, a bheith sa tríú háit nó níos airde i ngrúpa A. Creidim go bhfuil seans maith ann go dtarlóidh sin ach caithfidh Cúige Mumhan éacht eile a dhéanamh agus iad ag imirt as baile.

Inniu freisin a bheas na hUltaigh ag imirt i gcoinne Dhún Éideann, foireann a fuair an lámh in uachtar ar Chúige Laighean an deireadh seachtaine seo caite. Is fiú a lua nach bhfuil ach trí phointe idir na foirne seo ar an tábla faoi láthair, Ulaidh chun cinn ar 45 pointe. Ach is acu atá buntáiste an bhaile agus is deacair bua do Dhún Éideann a thuar inniu. Mar sin féin, gan fáil ar Best, Henderson ná Stockdale, imreoirí atá ar dualgas idirnáisiúnta ná ar Paddy Jackson, imreoir atá ag freagairt ceisteanna tromchúiseacha sa gcúirt, caithfidh na hUltaigh a bheith an-chúramach ar fad.

Seans gur amárach a bheas an choimhlint is fearr i gcomórtas Pro 14 an deireadh seachtaine seo. Beidh na Laighnigh sa mbaile san RDS ag cur fáilte roimh Scarlets na Breataine Bige, foireann atá ar comhscór leo ar bharr thábla ghrúpa B den chomórtas seo. Is iad na Laighnigh atá ina suí ar bharr an tábla, de bharr an líon úd atá aimsithe acu. Bhí bua in aon chluiche dhéag ag an dá fhoireann seo go dtí seo agus chaill an dhá thaobh trí chluiche. Fós féin,  tá go leor imreoirí atá ar dualgas idirnáisiúnta agus atá gortaithe in easnamh ar an dá fhoireann seo. Mar sin féin, tá mise ag tuar bua d’fhir Átha Cliath.  Níl de chúis agam leis an tuar sin ach gur acu atá an buntáiste a bheith ag imirt sa mbaile.   

Fág freagra ar 'Connacht ag súil go ndéanfaidh na Muimhnigh gar dóibh'