Conas mar a thugann tú faoi shaothar sollúnta a dhéanamh de sheó bóthair?

Déanann Brendan Gleeson na hÉireann léiriú ábalta ar shuarachas agus tuathalacht Donald Trump in The Comey Rule

Conas mar a thugann tú faoi shaothar sollúnta a dhéanamh de sheó bóthair?

I bhfianaise a bhfuil tarlaithe ó insealbhaíodh Donald Trump mar uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá is deacair do pholaitíocht Mheiriceá alltacht nó déistin a chur ar an bpobal.

Táimid taithíoch anois ar an aineolas, an leanbaíocht, an seachrán, an suarachas, an tuathalacht, an mhórchúis, an naircisíocht, an mhailís, an tarcaisne, an ciníochas, an fuath ban, an hurlamaboc agus a lán nithe eile nach iad.

Meabhraíonn The Comey Rule (Sky Atlantic agus Now TV) tosach an tseó bóthair dúinn; tráth ar bheag é taithí an phobail ar na nithe thuas agus mórán dóchasach go mb’fhéidir nach mbeadh fear na gruaige aite daite chomh holc sin ar fad. Tháinig an drochthuar faoin drochthairngreacht, áfach.

Táimid mar a bhfuilimid, mar a deir an sean-nath gránna sin.

Faoi mar a thugann teideal na sraithe seo le fios, áfach, is é James Comey, iar-cheann feadhna an FBI, laoch traigéideach an tsaothair seo agus cuirtear tús leis an léargas air siúd agus é a cheapadh ag Barack Obama. Go deimhin níl an Trumpach le feiscint in aon chor sa chéad dá chlár.

Cuirtear Comey (Jeff Daniels) inár láthair mar dhuine sollúnta, dea-mhéineach, geanúil. Smut den mhórchúis ann chomh maith céanna agus é an-tógtha leis an tseanmóireacht. Níl sárú Jeff Daniels ann le tabhairt faoi ról dá leithéid agus tá sé os cionn a bhuille anseo. Cuirtear abhaile orainn arís is arís eile go raibh an-mheas agus an-chion ag baill an FBI air. Ní hiontas go mbeadh léamh chomh dearfach seo á dhéanamh air óir go bhfuil an tsraith bunaithe ar a leabhar dírbheathaisnéiseach A Higher Loyalty: Truth, Lies and Leadership.

Cuirtear an LeasArd-Aighne Rod Rosenstein (Scoot McNairy) os ár gcomhar mar shaghas tráchtaire agus úsáideann an stiúrthóir/scríbhneoir Billy Ray an carachtar úd le sáiteáin a chaitheamh i dtreo Comey.

Déanann an t-iniúchadh a dhéanann sé ar an scannal a bhain le ríomhphoist Hillary Clinton é a raideadh os comhair an phobail. An eite chlé á cháineadh as an bhfiosrúchán a thosnú, an eite dheis á cháineadh as deireadh a chur leis an bhfiosrúchán agus an eite chlé á cháineadh arís as an bhfiosrúchán a thosnú in athuair. Tá cad é buaileam sciath sa tsraith ar fad faoi thábhacht agus cuibhiúlacht an FBI agus cuirtear ina luí orainn go ndeineadar a gcúram go críochnúil neamhchlaonta. Ní nach ionadh braithfidh do léamh air sin ar do chlaonadh polaitiúil. Léirítear dúinn gur thuig Comey agus a chomhghleacaithe ón tús go rabhadar idir dhá tine Bhealtaine agus gur loscadh nó crochadh a bhí rompu.

Faoi dheireadh thiar tagann Brendan Gleeson os ár gcomhair mar Trump; an stíl ghruaige, an bolg mór, an scaimh, an sruth cainte aisteach, an t-iomlán léir. Caithfidh aoir de shaghas a bheith le sonrú nuair atá duine chomh háiféiseach le Trump idir lámha agat. Ní féidir an scigaithris a sheachaint agus tú i lár an tseó bóthair. Déanann Gleeson a chúram go slachtmhar, mar is dual dó, agus éiríonn leis cuid mhaith de na tréithe thuas a léiriú go paiteanta.

Saothar cumasach faoi eachtraí staire a chuirfidh alltacht is eagla ort. An rud is measa faoin scéal ná go bhfuil rudaí imithe in olcas ó shin.

Fág freagra ar 'Conas mar a thugann tú faoi shaothar sollúnta a dhéanamh de sheó bóthair?'

  • Poraic o'hEipicín

    Donald Trump, Abú. Is sár Feaf graoí É.
    Tá Sé go Mhór ar son na Beatha.

  • Poraic o'hEipicín

    Trump Abú.